Cuimhnigh ar Luimneach – spléachadh ar bhliain stairiúil

JOHN ALLEN: Ba dhóigh leat ar Luimneach nach foireann óg iad ach foireann a bhfuil ualach taithí acu. Beidh gach duine ag iarraidh iad a leagan an bhliain seo chugainn, ach nach mar sin is fearr é?

Cuimhnigh ar Luimneach – spléachadh ar bhliain stairiúil

An tseachtain seo tá roinnt smaointe, tuairimí agus cuimhní cinn curtha le chéile agam faoin mbliain stairiúil a bhí ag ealaíontóirí na fuinseoige as contae Luimnigh.

Sular cuireadh tús le comórtas iomána na bliana seo bhíos i láthair ag ceann de na hócáidí sin a bhíonn coitianta roimh thús na craoibhe –   ‘Fiafraigh de na saineolaithe é’.

Tharla an ceann áirithe seo in Eifinn i gcontae Luimnigh i dteach tábhairne chúl báire an chontae Nicky Quaid. I measc na saoithe a bhí i mo theannta  ag an bpríomhbhord bhí Ned Rea, a d’imir don fhoireann a bhuaigh craobh na bliana 1973, na seanfhondúirí ó na 1990idí Ciarán Carey agus TJ Ryan agus Gavin O’Mahony a bhuaigh bonn chraobh na Mumhan in 2013. Bhí slua mór ann agus na ceisteanna ag teacht go tiubh agus go tréan. Thána abhaile an oíche sin agus an tuiscint agam gur cheap mórán den lucht féachana a bhí i láthair go raibh grúpa iománaithe speisialta ag an gcontae, go raibh dóthain feicthe acu i ndiaidh na gcluichí sraithe deireanacha a thabharfadh le fios go raibh meon an bhuaiteora i measc bhuíon seo Luimnigh.

Bhíos féin ar aon intinn leo. Thuig lucht na gceisteanna an oíche sin an cumas a bhí i nGaillimh, an chontúirt a bhain i gcónaí le Cill Chainnigh agus iad faoi stiúir Cody agus an scil agus luas a bhí ag Corcaigh, ach fós féin bhí dóchas láidir le braistint i dteach sin an óil an oíche úd. Bhíodar beagnach ar aon fhocal go raibh seans réasúnta go mbeadh Luimneach fós sa chraobh i lár mhí Lúnasa.

Nuair a thosnaigh na cluichí craoibhe féin bhí na comharthaí thar a bheith dearfach. Bhí cuma na maitheasa ar na taispeántais go léir, taobh amuigh den chluiche i gcoinne chontae an Chláir. Seachas an eisceacht sin, ba dhóigh leat orthu nárbh fhoireann óg iad ach foireann a raibh ualach taithí acu.

Luath go maith sa bhliain bhí sé soiléir go raibh bainisteoir an-eagraithe acu. Labhair John Kiely go deas réidh faoi cad a bhí ar siúl acu agus níor chuaigh sé thar fóir i ndiaidh aon cheann de na cluichí a bhuadar. Bhíos féin cinnte go leor ó thosach na craoibhe go raibh gach seans acu Corn luachmhar Mhic Cárthaigh a bhuachtaint i mbliana. É sin ráite, bíonn ar aon duine a mbíonn cúram na hanailíse air gach cluiche a thomhas ar a chuid buanna féinig agus tuar a dhéanamh bunaithe ar na himreoirí ag an dá thaobh, na cluichí atá imeartha cheana agus an stair idir na foirne atá á fhéachaint le chéile.

Aon cheist a cuireadh faoi Luimneach, freagraíodh í.

A leithéid d’fheachtas a bhí acu!

Bhíos an-sásta don chaptaen Declan Hannon, a d’imir mar thosaí sa cluiche leathcheannais in aghaidh chontae an Chláir in 2013, nuair a bhíos féin ar an taobhlíne. Ní dheachaigh rudaí go maith dó an lá sin. I ndiaidh fheachtas na bliana seo, caithfidh go mbeidh gradam All Star aige le cur lena chuimhní geala ar bhliain iontach. Is cosúil gurb é an dála céanna a bheidh ag Graeme Mulcahy. Fear stuama lách é Graeme a d’fhan leis an imirt  nuair a bhí an baol ann nach n-éireodh leis áit a bhaint amach ar an bpainéal i mbliana.

Ar an taobh eile den scéal, bhí an-trua agam do Paul Browne, fear stuama lách eile, a bhí gortaithe an chuid is mó den chraobh. Mallacht an bhallnaisc chrosaigh. Bhí sé imithe tar éis an tríú cluiche i gcraobh na Mumhan. Bhí Browne ina leaschaptaen ar an bhfoireann i mbliana agus cé nach raibh áit bhuan ar an gcéad fhoireann aige, táim cinnte go mbeadh seal tugtha aige ar pháirc na himeartha coicís ó shin.

Fear eile nár cuireadh chun páirce ar chor ar bith sa chluiche ceannais é Séamus Hickey. Bhí sé ina laoch le blianta fada agus is iontach an duine é Séamus. N’fheadar in aon chor conas mar a d’éirigh leis freastal ar na dualgais go léir a bhí air, mar athair triúr páistí óga atá ag obair go lánaimseartha, mar chathaoirleach ar an GPA agus mar imreoir idirchontae. Tá an-áthas orm go bhfuil bonn buaite aige, ach is trua nár chaith sé an cúpla soicind féin ar pháirc na himeartha sa chluiche ceannais.

Ach ar deireadh thiar thall, tá corn Mhic Cárthaigh neadaithe cois Sionainne agus beart bonn fós le bronnadh. Beidh ceiliúradh i ngach paróiste sa chontae nó go gcuirfidh John Kiely stop leis an gcaithréim ar mhaithe le tosnú ar an gcéad aistear eile.

In 2019, den chéad uair ó 1974, is é an sprioc a bheidh ag cách ná Luimneach a leagadh. Nach maith dóibh sin? Fágfaidh sé dúshlán úr éagsúil rompu a nochtfaidh níos mó fós dúinn faoi spiorad agus faoi mhianach na foirne seo.

Fág freagra ar 'Cuimhnigh ar Luimneach – spléachadh ar bhliain stairiúil'