Tá cúigear filí Gaeilge roghnaithe ag Éigse Éireann dá gclár ‘Céadlínte’ atá dírithe ar fhilí atá i dtús a ngairme agus ina dtugtar deis dóibh a gcuid filíochta a thaispeáint don saol mór. Foilseofar dánta na bhfilí ar fhoilseachán ar líne de chuid Éigse Éireann amach anseo freisin.
Is iad na filí a roghnaíodh i mbliana don chlár ná Aoife Mairéad Nic Dhonncha, Cúán de Búrca, Ola Majekodunmi, Síle Ní Choincheannain agus Tomás Ó Coileáin. Ba í an file aitheanta Gaeilge Aifric Mac Aodha a roghnaigh an cúigear.
Tá an clár á reáchtáil in éineacht leis an leagan Béarla den scéim chéanna, ‘Introductions’. Roghnaigh an file Jessica Traynor deichniúr filí nua Béarla don chlár sin.
Beidh dhá oíche cheiliúrtha ar siúl mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna ina mbeidh rannpháirtithe an dá chlár ar an ardán lena gcuid filíochta a chur i láthair i scríbhinn agus ó bhéal.
Dúirt Éigse Éireann i ráiteas go bhfuil “ríméad” ar an eagraíocht an deis a thabhairt d’fhilí nua agus go bhfuil súil acu go gcuirfidh an clár nua “go leor deiseanna nua cruthaitheachta ar fáil dóibh agus iad i dtús a ngairme agus gealladh fúthu”.
Foilsíodh dánta de chuid Aoife Mairéad Nic Dhonncha in Comhar agus in irisleabhair eile agus bhain sí Duais Uí Fhlatharta amach dá saothar. Is ceoltóir freisin í agus bíonn sí ag casadh leis an mbanna punc Alien She.
Tá aithne mhaith ar Chúán de Búrca ó na físeáin ghairide a chuireann sé amach ar na meáin shóisialta. Bronnadh céim sa Ghaeilge agus sa Stair air i gColáiste na Tríonóide agus tá sé tar éis a chuid filíochta a léiriú ar an ardán ag Fleadh Cheoil na hÉireann, Oireachtas na Samhna, Electric Picnic, Seanchoíche agus ócáidí eile. Foilsíodh a chuid dánta in Ethereal Magazine agus ar shuíomh RTÉ.
Is minic a bhíonn Ola Majekodunmi le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge. Foilsíodh dánta dá cuid in Cnámh agus Smior, Comhar, agus i bhfoilseacháin Bhéarla. Tá siad tar éis a cuid filíochta ó bhéal a léiriú ag leithéidí na féile Cúirt i nGaillimh, Féile Litríochta Bhaile Átha Cliath, agus in Áras Scríbhneoirí Éireann. Scríobhann sí i nGaeilge, i mBéarla, agus in Iarúibis, teanga de chuid na Nigéire mar a rugadh í.
Tá Síle Ní Choincheannain ina léachtóir san oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Is as Corca Bhaiscinn in iarthar chontae an Chláir ó dhúchas í agus tá tréimhsí caite aici ina cónaí i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Foilsíodh dánta de chuid Thomáis Uí Choileáin, as Luimneach ó dhúchas, in Aneas, Comhar, An Gael, agus Irisleabhar Mhá Nua, i measc foilseachán eile. Tá sé ag obair ar a chéad chnuasach lán-Ghaeilge faoi láthair agus é ina eagarthóir filíochta le Revival Press.
Gabriel Rosenstock
Maith sibh!
Mícheál Ó Flaithearta
Níor chuala mé aon chaint ariamh orthu agus níl focal léite agam a scríobh siad!