Cúige Mumhan v Clermont

Dála fhormhór na bhfoirne Francacha sna grúpaí eile, tá Clermont ar bharr ghrúpa a dó faoi láthair ach má tá féin, creideann leathchúlaí na Mumhan, Ian Keatley, gur féidir leis na Muimhnigh dul sall agus iad a bhualadh ar a bhfód dúchais.

Peter O'Mahony supported by Ian Keatley 6/12/2014
Peter O’Mahony le Ian Keatley. Pictúr: Inpho

Tar éis trí shraith de chluichí bheith imeartha i gCorn na gCuradh, tá foirne na Fraince ar bharr ceithre cinn as na cúig ghrúpa.

Tá Cúige Laighean sa chúigiú grúpa in éineacht le Castres, atá ag imirt ar nós cuma liom faoi láthair, shílfeá.

Chaill Cúige Laighean as baile i gcoinne Harlequins faoi stiúir iarimreoir Chúige Laighean Conor O’Shea. Chlis ar Chúige Mumhan i bPáirc Thomond in aghaidh ríthe an Top Quatorze, Clermont Auvergne.

Agus iad ar tí bheith díbeartha ón gcomórtas, d’fhág Cúige Uladh Stad Kingspan le pointe bónais agus slad déanta acu ar Scarlets. Seachtain fhíorthábhachtach i séasúr na dtrí chúige atá ann.

“Chailleamar an cath fisiciúil,” a dúirt príomhchóitseálaí na Mumhan, Anthony Foley.

“Ní dóigh liom gur féidir na maidí a ligean le sruth beag ná mór agus tabharfaimid uainn an taispeántas is fearr agus is féidir linn. Déanfaimid cinnte go leanfaimid ag troid. Caithfimid fanacht dílis don suaitheantas atá á chaitheamh againn. Ní bhraitheann cuid den bhuíon ró-iontach i gcampa na Mumhan faoi láthair agus caithfear sin a chur ina cheart.”

Níl ach pointe idir Cúige Mumhan agus Saracens, atá cothrom ar naoi bpointe an fhoireann, agus Clermont ar bharr an tábla. Tá foireann Foley ag tabhairt aghaidh ar an Stade Marcel Michelin an tseachtain seo chugainn agus má theipeann orthu dea-thoradh a fháil, beidh deis caillte cluiche baile sa bhabhta ceathrú ceannais a fháil, ní áirím áit a bhaint amach ann.

Bhí deis ag leathchúlaí na Mumhan Ian Keatley an bhearna a laghdú roimh dheireadh an chéid leatha ach bheartaigh sé an liathróid a chiceáil síos an líne agus iad ar thoir úid. Dar leis gur féidir leo dul chun na Fraince agus Clermont a bhualadh.

“Is féidir linn buachaint sa bhaile sa Corn Heineken. Is féidir gach foireann a shárú. Feicimid gur foireann láidir, fhisiciúil iad agus caithfimid dul ann agus a ndúshlán a thabhairt. Beidh orainn sracfhéachaint a thabhairt orainn féin agus bheith níos cliniciúla ar an ionsaí.”

Ach céard faoi Chúige Laighean? Bliain ó shin, de bharr gur chaill siad sa bhaile, bhí orthu dul chun na Fraince agus Toulon a imirt sa bhabhta ceathrú ceannais. Más féidir le Harlequins teacht chun an Aviva ar an Satharn agus bua a fháil, beidh an-bhrú go deo ar Matt O’Connor.

Is beag a léirigh siad i gcoinne Quins seachas briseadh amháin ó Jimmy Gopperth ar an ionsaí. Ina ainneoin sin, údar frustrachais ba ea an cluiche chomh fada is a bhain le captaen Chúige Laighean, Jamie Heaslip.

“Nuair a tháinig mé den pháirc, bhí frustrachas orm. Tar éis dom suí siar agus smaoineamh ar an gcluiche, bhí cantal fós orm. Bhíomar ag cur brú ar chosaint Quins ach fuair siadsan seilbh ar an liathróid agus an chéad rud eile, ghéilleamar cic pionóis dóibh go bog. Tógfaimid an pointe bónais ach ní dóigh liom go bhfuil mórán eadrainn.”

Fágann sé sin Cúige Uladh. Is beag taispeántas a thugadar uathu i mbliana agus Ruan Pienaar in easnamh orthu.

D’fhill fear na hAfraice Theas chun aghaidh a thabhairt ar Scarlets agus threoraigh sé na hUltaigh ar ais i dtreo bharr an tábla. Níl ach dhá phointe eatarthu féin agus Leicester anois tá Toulon pointe breise chun tosaigh.

Tá an-chuid le déanamh acu ach tá dóchas fós ann, anois agus Pienaar ar ais.

“Dúinne, údar díomá a bhí sa chéad dá thoradh sa i gCorn na gCuradh ach tá seans againn anois an taoide a chasadh. Is fúinne atá ár gcinniúint féin. Tá trí chluiche fágtha againn agus is féidir linn trí thoradh mhaithe a fháil. Mar fhoireann, nílimid tar éis imirt chomh maith agus is féidir linn ach tá bua faighte againn ar a shon sin. Táimid ag díriú ar na mionghnéithe dár gcluiche agus táim cinnte go seasfaidh sé sin dúinn amach anseo.”

 

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan v Clermont'