Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na Francaigh

D’imir na cúigí go léir go maith sna comórtais Eorpacha an Satharn seo caite ach beidh gá le hiarracht mhór eile an tseachtain seo

Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na Francaigh

Is beag nár éirigh leis na Cúigí ar fad an lá a thabhairt leo sna comórtais Eorpacha an Satharn seo caite. Murach nach stopann an clog nuair a bhíonn an t-ochtó nóiméad díreach caite i gcluiche rugbaí agus go leanann an cluiche ar aghaidh an fhad agus a bhíonn an liathróid fós san imirt, bheadh bua stairiúil sa mbaile slánaithe ag na hUltaigh, an t-aon chlub cúige a chaill i mBabhta 3 den ERC.

Roimh an gcluiche úd i La Rochelle na Fraince ní raibh fáil ar deoraí, i measc an lucht leanúna fiú, a thabharfadh seans na ngrást do Chúige Uladh. Ach mar a tharla, chuir Ronan O’Gara, foireann lag baile chun páirce agus de bharr go raibh an aimsir millteanach ar fad, bhí deacrachtaí ollmhóra ag an dá fhoireann scór a aimsiú. Bhí seasca a ceathair nóiméad caite faoin am ar éirigh le Cúige Uladh trí phointe, an chéad scór sa gcluiche, a chlárú.  Faraor, d’éirigh le La Rochelle úd slánaithe a fháil sa dara nóiméad is ochtó, scór a bhris croíthe na dTuaisceartach.

Ní mórán is fiú a rá faoi imirt na dtrí chúige eile seachas gur thug Northampton a ndóthain le déanamh do Chúige Mumhan i Luimneach. Mar sin féin, bhí bua ceithre phointe ag na Muimhnigh agus iad d’uireasa imreora amháin ar feadh seasca nóiméad de thoradh cárta dearg a fuair Jack O’Donoghue. Bhí bua Chúige Laighean agus Chúige Chonnacht chomh héasca go mba gheall le seisiúin chleachtaidh an dá chluiche sin!

Ach caithfidh siad é a dhéanamh arís an deireadh seachtaine seo. Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean agus iad i Staid Aviva i gcoinne Racing 92 na Fraince, foireann atá go hiomlán as an rás don chomórtas seo.  San aonú háit déag ar thábla Ghrúpa A atá siad.  Cúige Laighean atá ar a bharr. Tá Cúige Laighean cáilithe cheana féin don chéad sraith eile den chomórtas seo. Ní dhéanfaidh an bua atá i ndán dóibh inniu tada ar a son seachas cur lena gcáil mar rogha na coitiantachta le greim a fháil ar an gcraobh.

Beidh na hUltaigh ag súil le chuile leas a bhaint as imirt sa mbaile i gcoinne na Sale Sharks. 39 – 0 a bhuail Sale, foireann atá sa dara háit sa Gallagher Premiership, Cúige Uladh i Sasana roimh an Nollaig. Ní hamháin sin, ach chláraigh na Sharks bua iontach 32 – 3 i gcoinne Bordeaux seachtain ó shin. Tá dúshlán mór roimh na Tuaisceartaigh inniu ach má éiríonn leo bua cúig phointe a aimsiú níl siad gan seans ar a bheith sna ochtú háit nó níos airde ar thábla Ghrúpa B.  Tá sin ag brath ar thorthaí i gcluichí eile. Murar féidir leo iad féin a ardú ón deichiú háit ar an tábla, mar a bhfuil siad suite faoi láthair, seans gur ag imirt sa gcéad sraith eile de Chorn an Dúshláin in éineacht le Cúige Chonnacht a bheas siad.

Tá dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh amárach agus iad ag tabhairt faoi Toulouse sa bhFrainc. Is deacair cás a dhéanamh do thada eile seachas bua baile a sa gcluiche seo ach ag an am céanna beidh Cúige Mumhan ar a míle dícheall ag iarraidh pointe nó dhó a thabhairt abhaile leo chun a chinntiú go bhfanfaidh siad níos airde ná an t-ochtú háit i nGrúpa B chun a chinntiú go mbeidh siad ag imirt sa gcéad sraith eile. Sa gcúigiú háit ar an tábla atá siad suite roimh thús chluiche an lae amárach ach tá cúpla foireann eile sna sála acu.

As baile i Newcastle a bheas Cúige Chonnacht ag imirt inniu i gCorn an Dúshláin, comórtas nár chaill siad cluiche fós ann as na trí iarracht go dtí seo. Tá a n-áit sa gcéad bhabhta eile den chomórtas seo slánaithe ag foireann na Gaillimhe. Fiú dá mbeadh bua le cúig phointe ag Newcastle inniu ní bheidh fáil acu ar áit sa gcéad sraith eile mar nach bhfuil pointe ar bith slánaithe acu fós an séasúr seo.

Seisiún cleachtaidh eile atá i ndán do Chúige Chonnacht agus gan a dhath le gnóthachtáil ach údar bróid a bheith acu ar deireadh. Cuireann bua as baile le cáil foirne i gcónaí, bua i Sasana go háirithe. Seans gur leor sin mar sprioc d’ fhoireann Andy Friend.

Fág freagra ar 'Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na Francaigh'