Cúige Laighean ag iarraidh an cluiche ceannais a ruaigeadh as a n-intinn

Cé go bhfuil a fhios againn cé hiad na foirne a bheas sa gcéad cheithre áit ar bharr an tábla, tá torthaí an deireadh seachtaine seo an-tábhachtach

Cúige Laighean ag iarraidh an cluiche ceannais a ruaigeadh as a n-intinn

Sula mbuailtear cic amháin féin sna cluichí réamhbhabhtaí deiridh d’URC na bliana seo, tá a fhios againn cé hiad na foirne a bheas sa gcéad cheithre áit ar bharr an tábla. Tá na ceithre fhoireann sin cinnte freisin go mbeidh cluichí ceathrú ceannais baile acu faoi cheann seachtaine.

Ní hionann sin is a rá gur féidir leo a bheith réchúiseach maidir le cluichí an deireadh seachtaine seo mar go mbeidh buntáiste an bhaile sna cluichí leathcheannais ag pé foirne a chríochóidh sa gcéad agus sa dara háit ar an tábla, sin má bhíonn an lámh in uachtar acu sna cluichí ceathrú ceannais, ar ndóigh. An scéal céanna atá ann maidir leis an gcluiche ceannais. Fágann sin go bhfuil toradh an deireadh seachtaine seo an-tábhachtach dóibh ar fad.

Níl ach trí phointe idir Cúige Mumhan (63), foireann atá ar bharr an tábla agus Glaschú (60), foireann atá sa ceathrú háit sula n-imrítear aon cheann de na cluichí. Tá Glaschú agus Cúige Laighean cothrom ar 60 pointe an taobh, ach de bharr go bhfuil difríocht phointí níos fearr ag Cúige Laighean, 178 i gcomparáid le 154, is iadsan atá sa tríú háit agus tá na Bulls (61) sa dara háit.

Cúige Laighean is túisce de na ceithre fhoireann seo a bheas ag dul chun páirce anocht agus iad san RDS i gcoinne Chúige Chonnacht (45 pointe:10ú háit). Fiú má éiríonn le Cúige Chonnacht an ceann is fearr a fháil sa gcluiche seo seans go bhfuil a rás rite mar go bhfuil trí fhoireann ceithre phointe an cinn orthu faoi láthair, míorúilt a bheas ann má éiríonn leo áit sa chluiche ceathrú ceannais a bhaint amach. Níl aon dabht ach go mbeidh Cúige Laighean ar thóir bua maith baile le ceithre nó cúig phointe chun iad féin a ardú ar an tábla, más féidir, ag brath ar thorthaí eile agus chun brú a chur ar na trí fhoireann atá gar dóibh.

Meas tú an mbeidh Cúige Laighean in ann toradh an deireadh seachtaine seo caite i gCorn na gCuradh a chur as a gcuimhne? Bhuel, tá Leo Cullen ag cur foireann sách láidir chun páirce anocht le  Ciarán Frawley i lár páirce agus Sam Prendergast ag tosú mar leathchúlaí amuigh.

Beidh Glaschú sa mbaile amárach agus iad i gcoinne Zebre (15 pointe agus ar íochtar an tábla). Tá sé chomh maith agam cúig phointe a bhronnadh ar Ghlaschú anois!

Is sa dá chluiche eile a bheas an iomaíocht is géire.

Caithfidh na Bulls taisteal as baile go Durban le tabhairt faoin na Sharks (22 pointe, 14ú háit), foireann a bhuaigh comórtas Chorn an Dúshláin seachtain ó shin. Mar sin féin, seans maith go mbeidh na Bulls in ann ag na Sharks ach an mbeidh siad in ann ceithre úd agus pointe bónais a aimsiú? Sin í an mhórcheist. Beidh le feiceáil.

Is ionann an cás maidir leis an gcluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Uladh (49 pointe, 6ú háit). Tá an t-ádh ar Chúige Mumhan, curaidh an chomórtais ó anuraidh, gur acusan atá buntáiste an bhaile sa gcath seo. Cé go raibh Cúige Uladh go maith agus iad sa mbaile i gcoinne Chúige Laighean i mBabhta 17 coicís ó shin, beidh siadsan ag iarraidh iad féin a ardú suas an tábla freisin cé nach féidir leo áit i measc na gceithre fhoireann ar a bharr a bhaint amach ag an tráth seo.

Maidir le Cúige Mumhan, má bhíonn bua le pointe bónais acu, beidh siad ar 68 pointe. Ní féidir le haon fhoireann eile an sprioc sin a aimsiú agus bheadh cluiche baile acu as sin go dtí deireadh an chomórtais má choinníonn siad ag buachtáil cluichí. Nach spreagadh iontach é sin d’ fhoireann Luimnigh? Fiú má bhíonn bua gan cheithre úd acu, beidh siad ar 67 pointe agus iad ag breathnú agus ag brath ar thorthaí i gcluichí eile.

Ach má chailleann siad agus má bhíonn an bua ag cuid de na foirne atá taobh thiar díobh, is ag titim síos an tábla a bheas siad. Tá an t-ádh ar Chúige Mumhan go mbeidh na torthaí acu ó chluichí na Bulls, Laighean agus Ghlaschú agus iad ag dul chun páirce amárach.

Tá iomaíocht thréan i measc na bhfoirne atá i lár an tábla freisin. Níl ach cúig phointe idir na cúig fhoireann atá suite idir an 5ú agus an 9ú háit ar an tábla, Stormers (54, 5ú háit), Cúige Uladh (53, 6ú háit) agus tá Dún Éideann (7ú háit), Benetton (8ú háit) agus na Lions (9ú háit) ar fad ar 49 pointe.

Ní raibh iomaíocht chomh géar ag deireadh réamhbhabhtaí an URC ariamh. Is iomaí duine a bheas sáite sa teilifís anocht agus amárach.

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag iarraidh an cluiche ceannais a ruaigeadh as a n-intinn'