Cúige Chonnacht ar ais i measc na mboc mór

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le Corn na gCuradh agus Cúige Chonnacht is túisce de na cúígí a chuirfidh chun páirce

Cúige Chonnacht ar ais i measc na mboc mór

Cé gur chaill Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht i mBabhta 7 den URC an deireadh seachtaine seo caite, fuair siad, chomh maith le Cúige Mumhan agus Cúige Laighean a bhuaigh, deis iontach réiteach fiúntach a dhéanamh do Chorn na gCuradh. Cuirfear tús leis an gcomórtas sin an deireadh seachtaine seo.

Cúige Chonnacht is túisce a chuirfidh chun páirce anocht agus iad san iomaíocht le Bordeaux na Fraince ar an mBóthar Beag i nGaillimh. Is cinnte go mbeidh an chaoi ar lig foireann na Gaillimhe do Chúige Laighean teacht ar ais ag críoch na himeartha i gcluiche an tSathairn seo caite, tar éis do na Connachtaigh aiséirí iontach a dhéanamh sa dara leath, go mór ar intinn na n-imreoirí. Níor cháiligh Cúige Connacht do Chorn an gCuradh an séasúr seo caite.

Mí an Aibreáin 2022 an uair dheiridh a d’imir siad i gcomórtas den chaighdeán seo. Tá an t-ádh orthu mar sin gur sa mbaile atá an cluiche seo á imirt. Is fiú a mheabhrú gur cháiligh Bordeaux sna trí shéasúr seo caite.

Ceithre bhabhta roimhe seo a chas na foirne seo ar a chéile i gCorn an Dúshláin. Bhí an láimh in uachtar ag Cúige Chonnacht i chuile chluiche, fiú agus iad ag imirt as baile mar a tharla an babhta deiridh ar imir siad a chéile i mí Eanáir 2019. Ní haon ábhar iontais mar sin gurb iad na Connachtaigh rogha na ngeallghlacadóirí don choimhlint seo. Sa seachtú háit ar thábla an Top 14 atá Bordeaux agus tá Connachta san ochtú háit san URC faoi láthair. Creidim féin má imríonn Connachta mar a rinne siad sa gcéad leath i gcoinne Chúige Laighean i mBabhta 7 den URC agus níos tábhachtaí fós, má cheartaíonn siad na deacrachtaí a tháinig chun solais sa síneadh amach le linn an dara leath, beidh sé an-deacair ag na cuairteoirí, go háirithe agus slua glórach ag gríosú foireann an bhaile.

Caithfidh Cúige Uladh, foireann a chaill go dona i mBabhta 7 den URC, taisteal go Sasana amárach le tabhairt faoi Bath, foireann atá sa dara háit ar thábla an Gallagher Premiership faoi láthair. Cé go raibh an bua (22-15) ag Ulaidh ar Bhath an babhta deiridh ar chas na foirne seo ar a chéile i gcomórtas an Dúshláin in 2020, is cinnte go bhfuil dúshlán ollmhór roimh fhoireann Bhéal Feirste atá in ísle brí faoi láthair, in ainneoin gur bhuaigh siad ceithre chluiche san URC go dtí seo. Mar sin féin, tá easpa féinmhuiníne agus imirt shnasta ag crá na nUltach. Caithfidh siad na deacrachtaí sin a cheartú thar thréimhse ochtó nóiméad más leo toradh dearfach a fháil sa gcluiche seo. Níl aon amhras ann ach gur féidir leo sin a dhéanamh ach tá amhras ormsa an amárach a tharlóidh sé.

Ar fhód naofa Thuamhan a thabharfas curaidh an URC faoi Bayonne na Fraince tráthnóna amárach. Sa deichiú háit, gar d’íochtar thábla an Top 14 atá Bayonne faoi láthair agus is cinnte nach mbeidh siad ag súil lena gcuairt ar Luimneach. Is deacair tada eile seachas bua baile a thuar, go háirithe má imríonn Cúige Mumhan leis an sprid agus an fhisiciúlacht a thugann siad chun páirce ó am go chéile. Rinne siad sin i gcoinne Ghlaschú seachtain ó shin. Seans maith go ndéanfaidh siad an rud céanna amárach.

Is ar an Domhnach a bheas an cluiche is mó agus is mealltaí i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh an séasúr seo. Cluiche é seo idir curaidh an chomórtais le dhá séasúr as a chéile, La Rochelle agus Cúige Laighean a bhuaigh an comórtas ceithre bhabhta roimhe seo. Sílim go bhfuil an t-ádh ar Chúige Laighean go bhfuil siad ag casadh ar La Rochelle go luath i gcomórtas na bliana seo, in ainneoin gur as baile atá orthu an cluiche a imirt. Cuimhnigh gur chas an dá fhoireann seo ar a chéile i gcraobh an chomórtais seo ag deireadh an dá shéasúr atá thart agus ba iad foireann Ronan O’Gara a fuair an lámh in uachtar ar an dá ócáid sin. Beidh lucht leanúna Laighean ag súil go mbeidh sár-imirt na foirne san URC go dtí seo, comórtas ina bhfuil siad ina uachtar, sách maith chun an ceann is fearr a fháil ar La Rochelle, foireann atá sa naoú háit ar thábla an Top 14. Mar sin féin, is ag na Francaigh atá buntáiste an bhaile ach tá cúpla imreoir chéad rogha ar iarraidh orthu.

Ach an oiread le Contae Mhaigh Eo agus na deacrachtaí atá acusan greim a fháil ar chraobh peile na hÉireann, tá sé thar am anois ag Leo Cullen agus ag Cúige Laighean mallacht La Rochelle a chur ó dhoras.

Tá sárchoimhlint romhainn an Domhnach seo.

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht ar ais i measc na mboc mór'