Cúig rud a theastaíonn chun scannán faisnéise Gaeilge maith a dhéanamh…

Tá pardún iarbháis le tabhairt ag an Uachtarán do Mhaolra Seoige ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882. Inseofar a scéal anocht i scannán faisnéise nua ar TG4, ach conas a dhéantar scannán dá leithéid?

Cúig rud a theastaíonn chun scannán faisnéise Gaeilge maith a dhéanamh…

Bíodh scéal maith agat…

Thar aon rud eile tá sé riachtanach go mbeadh an scéal tarraingteach ach fiú leis sin tá cinneadh le déanamh faoi cén chaoi a n-insíonn tú an scéal.  I gcás Murdair Mhám Trasna bhí an insint a bhí againne bunaithe ar an leabhar Éagóir agus bhí a fhios againn go raibh an scéal tarraingteach agus go raibh go leor suime ann. 

Ní ficsean atá i gceist sa chás seo ach scéal suntasach faoi eachtra staire a mhaireann go soiléir fós i gcuimhne an phobail lenar bhain sé. Fágann macalla na héagóra a tharla go bhfuil an cás ina cheist bheo go dtí an lá atá inniu ann, agus an cheist fós á plé 136 bliain níos deireanaí.  Nuair a shocraigh muid díriú ar an scannán seo i gcomhar leis an údar Seán Ó Cuirreáin, ba é an chéad chinneadh a bhí le déanamh againn ná cén genre cláir ba chóir a úsáid leis an scéal a insint: dráma, faisnéis nó meascán den dá chineál – ‘docu-drama’.  Le dráma bheadh muid ag díriú ar dhuine, nó grúpa beag daoine, a bhí lárnach sa scéal ach ’sí an fhadhb leis sin ná a luaithe is a bheadh scéal na ndaoine sin inste bheadh deireadh leis an scéal s’againne. 

Chinn muid dul le ‘docu-drama’ mar go raibh trí scéal éagsúla le n-insint anseo: dúrún dúnmharaithe (murder-mystery), dráma cúirte (courtroom drama) agus scéal faoi scéiméireacht pholaitiúil (political intrigue). Ar an mbunús sin, bheadh muid in ann míreanna drámaíochta a bheith againn agus bheadh muid in ann an scéal a insint ó thús deireadh le struchtúr an chláir faisnéise.

 

Bí cáiréiseach agus cliar agus criú á gceapadh…

Ag glacadh leis go bhfuil an insint a dhéanfar ar an scéal aontaithe, ’sé an rud is tábhachtaí ina dhiaidh sin ná an cliar agus an criú.  Tá an t-ádh linn i gceantar Chonamara go bhfuil teacht againn ar fhoireann oibre a bhfuil ardchaighdeán bainte amach acu agus a bhfuil cleachtadh acu ar oibriú taobh istigh de bhuiséid íseal agus teoranta.  D’oibrigh muid le go leor daoine éagsúla thar na blianta agus tá difríocht an-mhór idir solúbthacht agus cruthaitheacht na foirne sa taobh seo tíre agus iad siúd atá lonnaithe ar an gcósta thoir.  Ós rud é go bhfuil caidreamh an-mhaith againne leis na foirne áitiúla, tuigeann siad muid agus na luachanna atá againn.  Tá’s acu go mbíonn muid tiomanta i dtreo an chaighdeán is airde a bhaint amach agus go bhfuil ceist na Gaeilge lárnach sna léiriúcháin a bhíonn ar siúl againn. 

Mar gheall air seo tá muid in ann criú agus cliar ón áit a earcú agus iad muiníneach go mbeidh muid díreach leo agus go mbeidh caighdeán ard ag baint leis an togra ar deireadh.  Gan an comhoibriú seo ní bheadh muid in ann ardchaighdeán a bhaint amach sna cláracha a dhéanann muid.

Bíodh na láithreacha ceart agus cuidigh le do cheantar féin más féidir…

Mar chomhlacht atá lonnaithe sa nGaeltacht, tá sé an-tábhachtach dúinne go mbeadh an léiriúchán ag tarlú go háitiúil an oiread agus gur féidir.  Ar ndóigh tá i bhfad níos mó smacht agus tionchar ar na cúrsaí sin agat má bhíonn tú ag léiriú chomh gar do bhaile agus is féidir leat, ach mar chomhlacht tá muide den tuairim gur chóir dúinn an oiread airgid agus is féidir a chaitheamh sa gceantar ina bhfuil muid lonnaithe.  Ní fiú a bheith ag caint ar an nGaeilge a choinneáil beo mura bhfuil obair ann do mhuintir na Gaeltachta agus mura féidir cuidiú len iad a choinneáil sa gceantar.  Ní bheidh an Ghaeilge beo sa nGaeltacht mura bhfuil daoine ann len’ í a labhairt.

Den chuid is mó éiríonn linn é seo a bhaint amach ach le Murdair Mhám Trasna bhí orainn ’theacht ar chillíní príosúin agus teach cúirte a bheadh ceart don am inar tharla an scéal.  Sa gcás seo rinne muid na radharcanna príosúin i mBaile Átha Cliath agus chóirigh muid Teach na Cúirte i mBéal Átha na Muice i Maigh Eo. Seachas sin rinneadh gach rud sa gceantar máguaird.

Bí an-choinsiasach faoi úsáid na teanga…

Mar Ghaeil tá muid an-choinsiasach faoi úsáid na teanga sna scéalta a bhíonn á léiriú againn,  caighdeán na Gaeilge go háirithe.  I gcás Murdair Mhám Trasna tá an Ghaeilge agus an Béarla mar a bheadh carachtair sa scéal sa chaoi is go bhfuil sárú iomlán déanta ar chearta na ndaoine a bhí os comhar cúirte agus gan tuairim acu céard a bhí ag tarlú.

Tá toisí láidre teanga ag baint leis an scéal sa mhéid is gur cainteoirí aonteangacha Gaeilge formhór na cosmhuintire a bhí gafa i dtragóid seo na ndúnmharuithe agus iad i ngleic le huasalaicme an údaráis a bhí i mbun riartha an dlí agus an chirt ina dteanga féin, an Béarla. Léiríonn muid an choimhlint sin in dhátheangachas an scannáin – Gaeilge chruinn na Gaeltachta ag an gcosmhuintir agus Béarla galánta Angla-Éireannach na n-údarás ar an taobh eile.  I gcroílár an scéil, bhí séanadh ar chearta an duine agus ar an gceart chun na beatha.

Bí ag súil go mbeidh cúrsaí buiséid casta agus fadálach…

Cé gurb í an Ghaeilge agus an Ghaeltacht an chloch is mó ar ár bpaidrín, ní féidir scannán mar seo a dhéanamh ar ardchaighdeán gan buiséad réasúnta agus mar gheall air sin caitheann muid an chuid is mó dár gcuid ama ag cuartú maoiniú dár gcuid tograí.  Tosaíonn muid le TG4 ach fiú má dhéanann siad coimisiúnú ar thogra, is gá tuilleadh maoinithe a fháil le togra mór ar nós Murdair Mhám Trasna a léiriú. 

Is féidir leis an obair seo a bheith casta agus fadálach.  I gcás An Bronntanas, mar shampla, bhí sé casta ó thaobh struchtúr airgeadais de, TG4, BAI, NI Screen, Bord Scannán na hÉireann agus Section 481 agus cé nach raibh an oiread i gceist le Murdair Mhám Trasna, fós féin bhí trí bliana i gceist ó thús deireadh.  Is minic go mbíonn muid ag oibriú ar bhuiséid atá i bhfad níos lú ná mar a bhíonn ag a macasamhail i mBéarla ach ní féidir le easpa bhuiséad a bheith mar leithscéal.  Dúinne tá sé de dhualgais orainn an caighdeán is airde agus is féidir a bhaint amach.  Níl muid san iomaíocht le RTÉ ach leis an BBC, HBO agus Netflix.  Caighdeán idirnáisiúnta atá le baint amach againne agus cláracha Gaeilge a bheith le feiceáil a bheidh ar ardchaighdeán idirnáisiúnta.

  Tá údar an ailt seo ina a stiúrthóir ar an gcomhlach ROSG, a léirigh ‘Murdair Mhám Trasna’ a bheidh le feiceáil ar TG4 anocht ag 9.30pm

Fág freagra ar 'Cúig rud a theastaíonn chun scannán faisnéise Gaeilge maith a dhéanamh…'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    An cheist atá agamsa ná an chéad líne san alt seo: “Tá pardún iarbháis le tabhairt ag an Uachtarán do Mhaolra Seoige ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882”. Shílfeá go mbaineann aon phardún dá leithéid le Rialtas na Breataine níos mó ná stát neamhspleách na hÉireann. Agus cad faoi na mílte eile gur deineadh éagóir orthu faoin rialtas gallda céanna??