Cúig chlár de chuid TG4 san iomaíocht do ghradaim nua RTS

An tseachtain seo chugainn a chraolfar ar Virgin Media One na Gradaim nua atá á n-eagrú ag an Royal Television Society

Cúig chlár de chuid TG4 san iomaíocht do ghradaim nua RTS

Is Olc an Ghaoth, gearrscannán atá lonnaithe ar oileán Acla aimsir na paindéime

Beidh cúig chlár de chuid TG4 san iomaíocht do Ghradaim RTS na hÉireann atá á mbronnadh den chéad uair i mbliana.

An tseachtain seo chugainn a chraolfar ar Virgin Media One na Gradaim nua atá á n-eagrú ag an Royal Television Society, nó Cumann Ríoga na Teilifíse.

Tá Is Olc an Ghaoth, gearrscannán atá lonnaithe ar oileán Acla aimsir na paindéime, ainmnithe sa ránnóg drámaíochta mar a mbeidh sé á fhéachaint le Dead Still agus Normal People.

Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige, ar thug léirmheastóir Tuairisc.ie clár tábhachtach machnamhach suaite álainn” air, ainmnithe i rannóg na gclár faisnéise aonair. Beidh sé san iomaíocht le Abbeyfealegood agus Love & Loss in a Pandemic.

Tá Cogadh ar Mhná, clár a thuill ardmholadh do TG4 as an léargas a thug sé ar an bhforéigean gnéis i rith bhlianta na réabhlóide in Éirinn, ainmnithe i rannóg na bhfíorscéalta speisialta.   

Tá ainmniúchán faighte ag an tsraith Laochra Gael i rannóg an spóirt. Eagrán inar insíodh scéal an pheileadóra Kieran Donaghy a bheidh san iomaíocht do TG4 agus Nemeton TV.

Tá ainmniúchán i rannóg na gclár do pháistí faighte ag Sol. 

126 clár a bhí istigh ar na gradaim agus 27 clár a ainmníodh i naoi rannóg éagsúil.  

Ag na gradaim Dé Máirt seo chugainn bronnfar gradam speisialta ar Dhara Ó Briain, fear grinn agus cainteoir líofa Gaeilge.

Tá ​​tacaíocht á tabhairt ag Virgin Media Television, RTÉ, TG4, Sky Ireland, an BAI agus Screen Ireland do na Gradaim RTS.

Tá rún ag na gradaim, a deirtear, “aitheantas a thabhairt don earnáil léiriúcháin i dtionscal na teilifíse in Éirinn as barr feabhais a gcuid oibre”.

Na hAinmniúcháin: 

1 – Drámaíocht

Dead Still – Deadpan Pictures, Shaftesbury
Normal People – Element Pictures
Is Olc an Ghaoth – Lunar Pictures

2 – Siamsaíocht

Dancing with the Stars – ShinAwiL Ltd
Ultimate Hell Week – Motive Television
Marty & Bernard – On The Road Again – ShinAwiL Ltd

3 – Sraith Faisnéise

David Brophy’s Unsung Heroes – Tyrone Productions
Big Life Fix – Kite Entertainment
The Boys In Green – Loosehorse 

4 –Faisnéis Aonair

Abbeyfealegood – Atom Films
Love & Loss in a Pandemic – RTÉ
Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige – Lugh Films, Dearcán Media, Tita Productions

5 – Spórt

Laochra Gael – Kieran Donaghy – Nemeton TV
New Gaels – Poolbeg Productions
Sky Sports Coverage of the GAA Championships – Sky Sports 

6 – Nuacht & Cúrsaí Reatha

RTÉ Investigates – Inside Ireland’s Covid Battle; Life & Death  – RTÉ
COVID News Special – Opening up the Country – Virgin Media News
General Election 2020 – Results Coverage  – RTÉ

7  Beochan

The Voyage – JAM Media
The Christmas Letter – Dream Logic Animation
The Dead Hands of Dublin – Pink Kong Studios

8 – Fíorasach Speisialta

The Funeral Director – GMarshTV Productions
The Francis Street Photographer – Zucca Films/That’s A Wrap TV
Cogadh ar Mhná/A War on Women – ForeFront Productions

9 – Clár do Pháistí

Home School Hub – Macalla Teoranta
Tina Times Two – Dyehouse Films
Sol – Paper Owl Films

Fág freagra ar 'Cúig chlár de chuid TG4 san iomaíocht do ghradaim nua RTS'