Kieran Donaghy, Diarmuid Lyng, Alan Brogan i measc na ’Laochra Gael’ i sraith nua

Fillfidh an tsraith aitheanta ‘Laochra Gael’ ar TG4 don 18ú bliain sa Mhárta

Kieran Donaghy, Diarmuid Lyng, Alan Brogan i measc na ’Laochra Gael’ i sraith nua

Alan Brogan, Kieran Donaghy, Brenda McAnespie, Rónán Ó Coisdealbha, Ceann Spóirt, TG4, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael John Horan, Diarmuid Lyng, David Brady agus Iggy Clarke. Pictiúr: Brendan Moran/Sportsfile

Beidh réalta peile Chiarraí Kieran Donaghy, Peileadóir na Bliana 2011 Alan Brogan agus iarchaptaen iomána Loch Garman Diarmuid Lyng i measc na n-imreoirí a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua de Laochra Gael.

Beidh an tsraith aitheanta CLG ag filleadh ar TG4 don ochtú bliain déag an chéad mhí eile agus gealltar go dtabharfar léargas sna cláir ar na gaiscí spóirt a rinne na himreoirí agus ar a saol taobh amuigh de pháirc na himeartha.

Chomh maith leis an triúr fear sin, beidh iar-iománaí na Gaillimhe Iggy Clarke, iarpheileadóir Mhaigh Eo David Brady agus ceannródaí pheil na mban, Breda McAnespie Mhuineacháin ar an gaiscígh eile a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua.

Ag seoladh na sraithe, mhol Uachtarán CLG John Horan na himreoirí a bheidh páirteach sa tsraith nua.

“Is iomaí uair a chuir na himreoirí seo gliondar ar lucht a gclubanna agus ar lucht a gcontaetha féin, agus ar mhórphobal Chumann Lúthchleas Gael chomh maith dar ndóigh, lena gcuid gaiscí ar an bpáirc imeartha,” a dúirt Horan.

“Tá sé iontach go bhfuil deis ag na himreoirí seo a scéalta a insint ar an tsraith teilifíse, Laochra Gael, agus go bhfuil deis ag glúnta nua daoine óga aithne a chur ar na laochra seo agus foghlaim faoina gcuid éachtaí. Cinntíonn an tsraith seo go bhfanfaidh oidhreacht na n-imreoirí móra seo i gcuimhne na ndaoine go ceann i bhfad.”

Craolfar an chéad chlár Déardaoin, ar an 5 Márta, agus scéal Kieran Donaghy á insint. Bhí ainm in airde ar Donaghy ar dtús nuair a ghlac sé páirt sa tsraith Underdogs ar TG4 agus bhuaigh sé  ceithre bhonn uile-Éireann, trí ghradam All Star agus gradam Pheileadóir na Bliana.

Sa dara clár den tsraith, inseofar scéal Diarmuid ‘Gizzy’ Lyng, Gaeilgeoir a bhí ina chaptaen agus ina cheannaire ar fhoireann Loch Garman.

Ina dhiaidh sin beidh cláir faoi Alan Brogan, réalta as rítheaghlach peile i mBaile Átha Cliath,

an tAthair Iggy Clarke a bhí ina cheannródaí ar athbheochan iománaíocht na Gaillimhe sna seachtóidí, David Brady duine de laochra Mhaigh Eo a chaill cluiche ceannais na hÉireann ceithre huaire agus iarpheileadóir Mhuineacháin, Brenda McAnespie. Bhuaigh McAnespie Craobh na hÉireann trí huaire i ndiaidh a chéile le Muineachán sna nóchaidí agus d’imir sí i gcluiche ceannais eile agus í ag súil le páiste.

Beidh Paul Galvin, Éamonn Fitzmaurice, Tommy Walsh, Colm Parkinson, Seán Óg de Paor, John Connolly, Seán Bán Breathnach agus Gráinne McElwain ina measc siúd a bheidh faoi agallamh sa tsraith nua.

Tharraing an seachtú sraith déag de Laochra Gael conspóid anuraidh nuair a rinneadh cáineadh ar a laghad Gaeilge a labhraíodh ar chuid de na cláir.

Fág freagra ar 'Kieran Donaghy, Diarmuid Lyng, Alan Brogan i measc na ’Laochra Gael’ i sraith nua'