Gearrscannán ó TG4 faoin bpaindéim a thug fuascailt dúinn ón bpaindéim

Bhí léiriú greannmhar agus uaigneach ar an saol agus ar dheasghnátha an bháis aimsir Covid-19 le fáil in ‘Is Olc an Ghaoth’ ar TG4

Gearrscannán ó TG4 faoin bpaindéim a thug fuascailt dúinn ón bpaindéim

Craoladh an chéad ghearrscannán den tríológ ghotach Is Olc an Ghaoth ar TG4 Dé Domhnaigh agus más aon chomharthaí an chéad ghála is cnuasach stuifiúil, greannmhar é seo atá go hiomlán teann as féin. Tá na gearrscannáin lonnaithe ar Oileán Acla agus iad bunaithe ar scripteanna Kevin Toolis, an té a scrígh My Father’s Wake – How the Irish Teach Us to Live, Love and Die. Ní haon iontas mar sin go mbeadh an bás agus deasghnátha an tórraimh is na sochraide idir chamáin sa chéad ghearrscannán.

Faoi mar is eol dúinn, tá deasghnátha báis sainiúla mhuintir na hÉireann iompaithe bunoscionn ag an víreas corónach. Tugann Is Olc an Ghaoth aghaidh air sin. Ní hamháin gur deineadh an cnuasach a scannánú i rith na paindéime ach tá srianta agus tionchar an Chovid mar théama sna gearrscannáin. Ní théitear thar fóir leis an Covid-19, áfach, cinneadh seiftiúil a théann chun leasa an scannáin. Tá sé sa chúlra i gcónaí agus úsáidtear é le cíoradh a dhéanamh ar éad, coimhlint teaghlaigh, uaigneas, bánú na tuaithe agus brionglóidí nár fíoraíodh.

Ag tús ghearrscannán an Domhnaigh feictear cónra Mháirtín (John Finn)

i dtigín beag a mhuintire ar Oileán Acla. Tá a dheartháir Éamonn á fhaire agus tagann an deartháir eile  Pádraig (Stiofán Seoighe) an fhuinneog le féachaint ar chónra an ‘fucking sean-chu*t lofa’.  Mionchaint gan dealramh eatarthu faoi chostas an chónra agus fógraí báis an raidió; an teannas eatarthu féin agus Máirtín, le sonrú go láidir.

Dhein Máirtín a chóta i Meiriceá mar dhochtúir agus fágadh an bheirt eile aige baile; eisean an té ba shine agus sé a fuair an t-oideachas, dá réir. An t-olc ag brúchtaíl aníos. Beirt bhaitsiléirí anois iad nár labhair le chéile le cúig bliana is fiche; go deimhin tá an tigín beag roinnte ina dhá chuid acu.

Radharc iontach sa tigh tábhairne áitiúil mar a bhfaigheann Pádraig maide pínt mídhlisteanach ón tábhairneoir tuisceanach Síle (Carrie Crowley). Caint faoin sobaldráma Dallas agus bánú na tuaithe cniotáilte le caint faoin mbás agus faoin díomá maidir le mianta a d’imigh le cúr na habhann.

Is stíl chiúin bhreathnaitheach a tharraingíonn Toolis, agus an stiúrthóir Tom Sullivan, chucu féin agus bogann an scéal ar aghaidh ar a bhogstróc, an greann dorcha agus an t-uaigneas fite fuaite ina chéile.

Nuair a thagann Máirtín inár láthair n’fheadraímid an bhfuil sé ann i ndáiríre nó an amhlaidh go bhfuil sé á shamhlú do Phádraig.

Foireann bheag de cheathrar atá againn agus taispeántais bhreátha uathu ar fad. Tá Crowley agus Seoighe ar fheabhas agus an duine deireanach acu sin i ngach radharc. Is minic sinn i dtaobh le radharcanna beag ciúine agus tá déine a shaoil le sonrú ina chuntanós agus sa bheagán focal a deir sé.

É ag imeacht timpeall ina chasóg asail agus na buataisí iompaithe síos aige. É ag maireachtaint ina chuid duairc féin de thigín deighilte a mhuintire.

Saothar faoin bpaindéim a thugann fuascailt dúinn ón bpaindéim.

Fág freagra ar 'Gearrscannán ó TG4 faoin bpaindéim a thug fuascailt dúinn ón bpaindéim'