Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige

Dream iad muintir Thoraí atá teann as a ndúchas agus atá múnlaithe ag stair agus oidhreacht a gcarraige

Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige

Bliain chinniúnach i stair Thoraí ab ea 2018. Ní hamháin gur imigh Patsy Dan Mac Ruairí, rí cuileachtúil cáiliúil an oileáin, ar shlí na fírinne ach lena chois sin adaíodh faoin díospóireacht in athuair maidir le hinmharthanacht an oileáin nuair a tosnaíodh ag abláil le seirbhís farantóireachta an oileáin. Éiríonn leis an gclár faisnéise aon uaire seo ar TG4 suaiteacht na bliana sin a chur os ár gcomhair go paiteanta mar aon le héachtaint a thabhairt ar an oileán agus an pobal ar leith seo.

Tuairim is 150 duine atá buailte fúthu ar an oileán. Is dream iad atá teann as a ndúchas; iad múnlaithe ag stair agus oidhreacht a gcarraige; iad ag iarraidh a gcrústa a thuilleamh agus an bhreis ina n-aghaidh agus iad ag comhrac go fíochmhar le todhchaí le dealramh a ghnóthú dá n-oileáinín dúchais.

Deirtear linn ag tús an chláir gurb é Toraigh an t-oileán is iargúlta in Éirinn; é lonnaithe naoi míle amach ó chósta Dhún na Gall agus é timpeallaithe ag farraigí cáite an Atlantaigh. Tá taithí na mblianta ag muintir Thoraí ar neamart na bunaíochta; “dream nach dtuigeann gur féidir an pobal a scrios le scríob amháin den pheann”.

B’annamh a chítí an t-oileán ar léarscáil roimh na hochtóidí agus ba dhóbair gur cloíodh an pobal sna seachtóidí/ochtóidí agus iad fágtha gan dochtúir, leictreachas, bád farantóireachta ná uisce reatha.

Cuireann seat aeir den oileán ag tús an chláir sceirdiúlacht agus áilleacht na háite abhaile orainn. Sa chéad radharc eile níl againn ach ciúnas is ceol séimh agus Patsaí Dan ag siúl cois cladaigh. Tuigimid gur clár é seo atá teann as féin agus gur clár faisnéise a rinneadh ar an láthair atá romhainn amach.

Ní nach ionadh slogann an útamáil agus an chonspóid faoi mbád farantóireacht, agus an feachtas mór a eagraíodh ar son seirbhíse cuí, go leor den chlár. An pobal arís eile ag iarraidh an fód a sheasamh. Eagla orthu go dteipfidh ar an oileán mura mbeidh seirbhís chuí acu. Is léanmhar mar scéal é aighneas a fheiscint ag brúchtaíl i measc an phobail.

Tá stair agus miotaseolaíocht an oileáin fite fuaite i sícé an phobail. Chuir Naomh Colmcille mainistir ar bun ar an oileán agus ó shin i leith is “créafóg bheannaithe” atá i dToraigh. Nuair atá daoine ag dul amach chun na mórthíre tugann siad an chré leo agus tá iascairí den tuairim go dtugann sí cosaint dóibh is iad ag iascaireacht. Déantar trácht ar Chros Tó, Cloch na Mallacht agus lorg cos Cholmcille ar na clocha.

Déantar trácht chomh maith ar an slad atá déanta ar thionscal na hiascaireachta, agus na srianta atá curtha ar iascairí beaga ag polasaithe a cheap daoine nach dtuigeann dúchas an oileánaigh. Ceal fostaíochta tá óige an oileáin ag ardú a seolta. Lena chois sin labhraíonn Patsy Dan faoin imní atá air maidir le todhchaí na Gaeilge ar an oileán. Is mór an trua ar shlí nach raibh a thuilleadh scóipe ag an gclár le tabhairt faoi na téamaí sin a chíoradh.

Ba léir i gcaitheamh an chláir go raibh an tsláinte ag teip ar Patsy agus d’imigh sé ar shlí na fírinne i mí Dheireadh Fómhair. Címid an chónra ag filleadh ar a fhód dúchais agus muintir an oileáin ag fágaint slán lena rí. Críoch thochtmhar le clár tábhachtach machnamhach suaite álainn.

Fág freagra ar 'Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige'