Aithnítear go bhfuil an foréigean gnéis ina chuid shuarach den chogaíocht ar fud na cruinne.
Cén fáth mar sin nach bhfuil mórán tráchta déanta i gcaitheamh na mblianta ar an ngné sin de Chogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha? An amhlaidh gurbh eisceacht í Éire? Tír Chaitliceach, choimeádach, áit ná leomhfadh a laochra tabhairt faoi uafáis dá leithéid? Cad mar gheall ar fhórsaí na Breataine mar sin, agus an Dúchrónaigh mhíchlúiteacha? ’Séard a chuir Cogadh ar Mhná (TG4, Dé Céadaoin) roimhe ná léiriú go soiléir dúinn nárbh aon eisceacht í Éire ná na cogaí anseo maidir le foréigean i leith na mban.
I dtosach an chláir léirigh mír athchruthaithe dúinn an t-ionsaí gnéis a deineadh ar Mary M i gcontae na Mí i rith Chogadh na gCarad. Is ina focail féin, i litir a sheol sí chuig Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, a bhí an cur síos ar an éigniú a deineadh uirthi. Scrígh sí go ndein duine de na saighdiúirí a “duty passion” a shásamh uirthi.
Sa chuid eile den chlár deineadh cur síos ar an iliomad eachtraí dá leithéid ar fud na tíre, sa dá chogadh agus ar gach taobh. Tá an taighde nua ar ábhar ó chartlanna míleata éagsúla ag tabhairt léargais dúinn ar na hionsaithe gnéis, éigniú droinge san áireamh, a tharla le linn réabhlóid na hÉireann: an t-éigniú a dhein ball den RIC ar Norah Healy i 1921 agus í cúig mhí torrach; an t-éigniú droinge a dhein Poblachtánaigh ar Eileen Biggs i 1922; an neamhaird a thug an Saorstát ar thuairisc a thug na deirfiúracha McCarthy ar an ionsaí a deineadh orthu siúd, agus a lán scéalta eile nach iad.
Labhair meitheal bhreá de chloigne cainte linn faoi na heachtraí seo an Dr. Tomás Mac Conmara, an Dr. Mary McAuliffe, an Dr Lindsey Earner-Byrne agus Tom Clonan ina measc. Dhein Síobhra Aiken agus Pat Butler cuid mhaith den chlár a iompar agus dhein siad a gcúram go deisbhéalach, tomhaiste agus go heolgaiseach. Chomh maith leis sin, bhí tráchtaireacht bhreá againn ón bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Conas, agus canathaobh, nach bhfuil cuntas níos fearr againn ar na huafáis seo? Cuireadh abhaile orainn nár theastaigh ón tír Chaitliceach choimeádach seo aghaidh a tabhairt ar na huafáis sin. Níor oir na scéalta seo don insint a bhí Éire ag iarraidh a dhéanamh ar an tréimhse “ghaisciúil” sin.
Bhíothas ag iarraidh mil a chur ar chuiseogach i ngach áit. Lena chois sin bhí easpa cumhachta ar mhná i gcomparáid leis na fir agus na fórsaí a rabhadar ina mbaill iontu. Deineadh a nguthanna a phlúchadh agus deineadh neamhaird dá n-iarrachtaí cothrom na Féinne a fháil.
Toise eile de chuid na n-uafás seo ná go raibh lucht an fhoréigin agus a lucht cosanta in ann an foréigean seo a chur i láthair mar phionós in am na cogaíochta seachas mar choir bhrúidiúil. Cuireadh abhaile orainn chomh maith go gcaithfear na cuntais seo a léamh go cáiréiseach leis an sofhriotal a thuiscint; an “duty passion” a luaigh Mary M mar shampla. Ní raibh na focail sa chaint le cur síos ar na huafáis agus ní ligfeadh an náire dóibh a admháil gur tharla a leithéid. An cheist a thosaigh ag brúchtaíl aníos i dtreo dheireadh an chláir ná cé mhéad bean a d’fhulaing go ciúin agus ná dúirt faic riamh.
Mar fhocal scoir deir Butler go mba cheart solas a lasadh “ar an gcúinne dorcha seo de scéal na Poblachta”. Dhein an saothar seo amhlaidh.
Clár misniúil tábhachtach a thug léargas dúinn ar ghné fholaithe, mhínáireach de chuid réabhlóid na hÉireann.
Fág freagra ar 'Cogadh ar Mhná – clár misniúil a las solas ‘ar chúinne dorcha de scéal na Poblachta’'