Bliain na Gaeilge? Cúig cheist faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018…

Cad iad na scéalta móra Gaeilge agus Gaeltachta a mbeifear ag trácht orthu le linn na bliana seo chugainn. Seo tuar Tuairisc.ie…

Bliain na Gaeilge? Cúig cheist faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018…

1. An dtiocfar ar réiteach maidir le cúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht?

Cuireadh an córas nua pleanála teanga, a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012, i láthair an phobail mar ghníomh tarrthála nua-aimseartha teangeolaíochta.

Dar le mórán gurb é seo an seans deiridh chun an Ghaeilge a thabhairt slán sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail, ach b’údar díomá do mhórán é gur chosúil gur ar an bpobal féin a leagfaí ualach na hoibre.

Mar sin féin, chuaigh grúpaí pobail i mbun oibre agus chaith dua agus dúthracht leis na pleananna teanga seacht mbliana a ullmhú dá gceantair. Bhí cuid de na grúpaí sin den tuairim, áfach, gur obair in aisce a bhí i gceist agus gan ach €100,000 á thairiscint ag na húdaráis dóibh don chéad bhliain de chur i bhfeidhm na bpleananna.

Ba é Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint do gach plean teanga.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana a lorgaíodh sa phlean a d’aontaigh Fóram Chois Fharraige le hÚdarás na Gaeltachta, an plean céanna ar sheol an tAire Stáit Joe McHugh le fonn é.

Níor ghlac Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, atá ag plé le plean teanga Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, leis an tairiscint €100,000 ach oiread, agus thug Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, atá ag plé leis an bpleanáil teanga sa cheantar sin, le fios go rabhadar ag tacú le cur chuige Fhóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga diúltú don mhaoniú a bhí á thairiscint chun plean teanga a chur i bhfeidhm.

Cúpla lá roimh Nollaig, agus an baol ann go bhfógródh lucht pleanála Chois Fharraige go ndéanfaí an Fóram a scor, d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go raibh maoiniú breise á thairiscint acu do ghrúpaí i gcúig limistéar pleanála teanga – Cois Fharraige, iarthuaisceart Dhún na nGall, Corca Dhuibhne, Oileáin Árann agus lár Chonamara.

€50,000 sa bhreis agus cead beirt seachas duine amháin a fhostú a bheidh á thairiscint ag na húdaráis agus critéir cháilithe nua, a bhfuil cuma fhánach go maith orthu, leagtha síos don mhaoiniú breise.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh súil aige go bhféadfaí  “bogadh ar aghaidh” anois agus beidh cruinniú ag Fóram Chois Fharraige ar an 5 Feabhra chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu ar cheart glacadh leis an tairiscint nua agus plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm nó diúltú don mhaoiniú agus an Fóram a scor. Tá lucht na pleanála teanga in iarthuaisceart Dhún na nGall, a d’iarr €138,000 chun a bplean siúd a chur i bhfeidhm, sásta glacadh leis an maoiniú breise.

Tá idir shaineolaithe agus pholaiteoirí ar aon tuairim le lucht na pleanála teanga i gcuid de na mórcheantair Ghaeltachta nach leor an maoiniú atá á chur ar fáil agus cuid mhaith acu den tuairim go mbeidh fuar ag na hiarrachtaí tarrthála mura gcuireann an Stát a thuilleadh acmhainní agus tacaíochta ar fáil.

I bhfianaise a bhfuil ráite cheana ag daoine i gceantair eile, ní thiocfaidh aon mhaolú ar an míshástacht faoi chúrsaí maoinithe sa bhliain amach romhainn. D’fhéadfadh go gceansóidh an maoiniú breise lucht cáinte an chórais nó ráineodh gur i dtreise a rachaidh na hachainíocha i gceantair eile go ndéanfaí an spád a shá agus dúshlán na Roinne agus an Údaráis a thabhairt.

Ba í an éigeandáil teanga sa Ghaeltacht, a raibh a thuilleadh fianaise ina taobh ar fáil sna torthaí daonáirimh is déanaí, scéal mór na Gaeilge in 2017, agus ráineodh go mbeidh an phleanáil teanga, an seans deiridh, b’fhéidir, le stop a chur leis an meath teanga sin, ar an scéal is mó againn in 2018.

An dtiocfar ar réiteach a chuirfidh brí agus fuinneamh sa chóras agus piobar le lucht pleanála teanga, nó an ligfear an seans deiridh seo le sruth?

2. Cén glacadh a bheidh le ceiliúradh Bhliain na Gaeilge?

Bhí roinnt díospóireachta cheana ann faoin bhfiúntas a bhaineann le Bliain na Gaeilge 2018 agus faoinar chuí a bheith ag ‘ceiliúradh’ in aon chor nuair atá a bhfuil i ndán don teanga sa Ghaeltacht idir dhá cheann na meá agus nuair atá easnaimh chomh mór sin ar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge.

Is dócha gur beag locht a gheobhadh éinne ar Bhliain na Gaeilge 2018 mura mbeadh i gceist léi ach an dlaoi mhullaigh a bheith á cur ar pholasaí fónta teanga. Ní hamhlaidh atá, faraor, agus dá bharr sin taibhsítear do mhórán gur sampla gléineach eile í féile na bliana seo  den chur i gcéill a bhaineann le cur chuige an Stáit i dtaobh na teanga agus den mheon cúpla-focal-do-chách atá go mór sa treis ag an Rialtas seo. 

Mar bharr ar an donas, deir an tAire Stáit Joe McHugh go bhfuil an “t-ádh” orainn Gaeilge a bheith againn agus go bhfuil dualgas orainn dá réir a bheith ag spreagadh na neamhGhaeilgeoirí chun Gaeilgeoirí a dhéanamh díobh féin an bhliain seo chugainn. Tá go maith, ach má chreideann an tAire dáiríre go bhfuil an t-ádh ag rith leis an nGaeilgeoir agus gur Dia cóir dea-mhéiniúil é Dia na dteangacha, ba cheart dó dul sa seans agus glaoch ar a rogha comhlacht poiblí féachaint an bhfaighidh sé seirbhís shásúil i nGaeilge uathu. Ina dhiaidh sin, ba cheart don Aire Stáit, más dóigh leis go bhfuil an t-ádh ag siúl leis i gcónaí, labhairt leis na tuismitheoirí sin atá ar a ndícheall ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag a leanaí agus a rá leo gur chóir dóibh a bheith buíoch beannachtach as a bhfuil acu.

Deir lucht eagraithe Bhliain na Gaeilge gur fiú a bhfuil bainte amach a cheiliúradh agus go mbeidh na “dúshláin” atá roimh an nGaeilge “i lár an aonaigh” le linn na bliana chomh maith.

Ach más i dtreise a théann meon an chúpla-focal-do-chách le linn 2018, d’fhéadfadh gur mó dochar ná a mhalairt a dhéanfar do sheasamh lucht na gluaiseachta agus na hearnála Gaeilge i measc an phobail sin a labhraíonn an teanga a bhfuil fúthu ceiliúradh á dhéanamh uirthi. An chun leas na teanga mar sin a bheidh Bliain na Gaeilge 2018, nó an amhlaidh go bhféachfar amach anseo uirthi mar an bhliain inar cuireadh an séala oifigiúil ar pholasaí a fhéachann ar an teanga mar ‘sheoid chultúrtha’ ar fiú beagáinín bolscaireachta a dhéanamh fúithi agus gan thairis sin?

3. An cathair mar a tuairisc a bheidh sa reachtaíocht nua teanga?

Joe McHugh, Aire Stáit na Gaeltachta PríomhAoire

Táthar ag fanacht ar an mBille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le nach mór cúig bliana. B’amhlaidh gur lagú seachas neartú ar an Acht a dhéanfadh na chéad cheannteidil a foilsíodh don reachtaíocht nua, ach d’imigh sin agus tháinig seo agus cuireadh fáilte roimh na ceannteidil nua a foilsíodh anuraidh. Ba chosúil ar na ceannteidil chéanna gur cuireadh san áireamh cuid de chomhairle an Choimisinéara Teanga agus Chonradh na Gaeilge i dtaobh na reachtaíochta nua, ach ní bheidh a fhios againn go dtí go bhfoilseofar an Bille féin i mbliana an cathair mar a tuairisc a bheidh ann.

Ba é an t-údar misnigh ba mhó a bhain leis na ceannteidil ná an gheallúint a bhí iontu go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge, ach beidh fiúntas na sprice sin ag brath go mór ar an méid a bheidh i gcló beag sa Bhille. Conas agus cathain a bhainfear sin amach? An gcuirfear feoil ar chnámha na gceannteideal? Mar a léirigh taighde a dhein Tuairisc.ie anuraidh, níl ach 29 post den 19,795 post atá sa státseirbhís faoi láthair aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Ocht bpost a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo a líonadh sa státseirbhís in 2017 agus líonadh ceann de na folúntais sin, sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, le duine nach cainteoir Gaeilge í.

Deoch an dorais eile i salún an tseans dheireanaigh, mar sin.

4. An bhfeicfear Acht Gaeilge ó thuaidh?

Mhaígh ceannaire Shinn Féin Gerry Adams gurb amhlaidh go raibh radacú déanta ag ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh ar ghlúin nua feachtasóirí ach ba ghéarchúisí breith Phóilín Uí Chiaráin an tsuímh seo gurb amhlaidh go raibh radacú déanta ag na feachtasóirí ar Shinn Féin agus a bpolasaí Gaeilge. Ach dá fheabhas é feachtas breá fuinniúil An Dreama Dheirg, is dócha go bhfuil rath an éilimh ar Acht Gaeilge an Tuaiscirt ag brath i gcónaí ar cad a thitfidh amach i gcúlseomraí lucht roinnte na cumhachta, nó lucht neamhroinnte na cumhachta, ba chirte a rá.

Má thagann Sinn Féin agus an DUP ar réiteach maidir le hathbhunú Stormont – agus ‘má’ mór é sin – is cinnte go mbeidh reachtaíocht teanga mar chuid den mhargadh. Ach an reachtaíocht don Ghaeilge amháin a bheidh ann, nó acht cultúir de shaghas éigin? Nó ann í an riail dhíreach atá i ndán don Tuaisceart agus más ea cá bhfágann sin an t-éileamh ar chearta teanga? Pé rud a tharlaíonn, tá creidiúnt nach beag ag dul don Dream Dearg as a chur ar a súile do dhaoine, thuaidh agus theas, go bhfuil a leithéid de rud ann agus na cearta teanga céanna. Ar ndóigh, fuaireadar cabhair mhór sa chúram sin ón DUP stuacach chomh maith.

5. An bhfeicfear toradh na físe nua ag TG4?

Alan Esslemont. Pictiúr: Twitter/@Cormacag5

D’fhág easpa maoinithe go raibh TG4 go mór i dtaobh athchraoltaí ó thús aimsire, ach más ‘57 Channels (And Nothin’ On)’ a bhí ag Bruce Springsteen tráth is cainéal amháin agus gan puinn air ach líon gan áireamh athchraoltaí atá ag pobal na Gaeilge faoi láthair. Tá cúis leis sin, gan amhras, agus fís an ardstiúrthóra nua, Alan Esslemont, fós á cur i gcrích.

Is cosúil gur thóg sé i bhfad níos mó ama ná mar a síleadh córas coimisiúnaithe nua na n-ollchonarthaí a thabhairt isteach, agus tá a rian sin le feiscint ar sceideal TG4 agus gan ach an clár fánach nua ag péacadh ó fhásach na n-athchraoltaí le tamall maith anois.

Dealraíonn sé gur bhotún a bhí ann fáil réidh le cláracha áirithe gan faic ullamh chun an bhearna a líonadh. Beidh leagan nua de Seacht Lá chugainn an mhí seo, ach, seachas sin, d’fhéadfadh go mbeidh tamall eile ann sara bhfaigheann foighne fortacht. Arbh fhiú an fanacht? Tástáil na físe caighdeán na gcláracha, is dócha, ach idir an dá linn ní tógtha ar aon duine é má tá a ghoile chun Foster and Allen caillte aige.

Fág freagra ar 'Bliain na Gaeilge? Cúig cheist faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018…'