8 bpost le riachtanas Gaeilge in 2017 agus ceann acu sin líonta le duine gan Ghaeilge – sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

2,633 folúntas ar fad a líonadh ó thús na bliana seo i 17 roinn rialtais agus ní raibh riachtanas Gaeilge i gceist ach i gcás ocht gcinn de na poist sin

8 bpost le riachtanas Gaeilge in 2017 agus ceann acu sin líonta le duine gan Ghaeilge – sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Ocht bpost a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo a líonadh sa státseirbhís i mbliana agus líonadh ceann de na folúntais sin, sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, le duine nach cainteoir Gaeilge í.

65 post ar fad a líonadh le linn na bliana 2017 in oifigí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta lasmuigh de rannán na Gaeltachta, agus ní raibh ach post amháin acu sin aitheanta mar phost a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Líonadh an t-aon fholúntas ‘Gaeilge’ sin – Oifigeach Preasa – le duine nach bhfuil líofa sa Ghaeilge.

2,633 folúntas ar fad a líonadh ó thús na bliana seo i 17 roinn rialtais agus ní raibh riachtanas Gaeilge i gceist ach i gcás ocht gcinn de na postanna sin. Bhain ceithre cinn de na folúntais sin le hAonad Oideachais Roinn na Gaeltachta, an t-aonad nua atá ag féachaint i ndiaidh pholasaí oideachais na Gaeltachta.

Ba sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta amháin a ceapadh duine gan Ghaeilge don bheagán sin post a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Thug an t-iarAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys le fios gur theip ar iarrachtaí a roinne teacht ar Ghaeilgeoir don phost mar Oifigeach Preasa.

“Tá ceann amháin de na poist sin, post mar Oifigeach Preasa, sainaitheanta ag an Roinn mar cheann a bhfuil cumas sa Ghaeilge riachtanach dó.

“D’fhéach an Roinn leis an phost a líonadh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, ach in ainneoin cuardach mion a dhéanamh, ní raibh an tSeirbhís in ann iarrthóir dátheangach a chur ar fáil.

“Tá an post líonta anois le duine nach cainteoir Gaeilge í, ach tá triúr cainteoirí líofa Gaeilge ag obair sa Phreasoifig agus iad go léir in ann feidhmiú mar Phreasoifigigh Chúnta nuair is gá,” a dúirt Heather Humphreys.


19,795 post, 29 post Gaeilge – an státseirbhís ‘aonteangach’


Thug an tAire Talmhaíochta Michael Creed le fios ina fhreagra scríofa go bhfuil folúntas amháin ina roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis fós le líonadh.

“Thit sé seo amach mar tá fadhb ag an Roinn Oifigeach Feidhmiúcháin dátheangach ar fail (sic).  Is mór an trua an scéal seo.

“Tuigim go bhfuil an Roinn ag iarraidh an fadhb (sic) a réiteach faoi lathair (sic) leis An Roinn Cultur Oidhreachta agus Gaeltachta (sic). Tá mé dóchasach go mbeidh siad in ann teach (sic) ar réiteach i gcomhar leis an tSeirbhís Um Cheapachain Phoinlí (sic)”.

Tá folúntas amháin a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis gan líonadh fós sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.


‘Níl aon phost Gaeilge i mo roinn agus ní bheidh aon phost Gaeilge i mo roinn’ – freagraí na nAirí faoi chás na teanga sa státseirbhís


Léiríonn an anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua, a bhaineann le 17 roinn rialtais, nach bhfuil ach 0.15%, nó níos lú ná an cúigiú cuid de aon faoin gcéad, de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur léirigh na freagraí a thug airí ar shraith nach mór 40 ceist Dála gur “cuma leis an Rialtas” go bhfuil “státseirbhís aonteangach anois againn”.

Fág freagra ar '8 bpost le riachtanas Gaeilge in 2017 agus ceann acu sin líonta le duine gan Ghaeilge – sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta'

  • Léitheoir éadóchasach

    Ón méid a thuigim tá cuid den mhilleán ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Déantar an próiseas earcaíochta ar fad i mBéarla do phostanna Gaeilge fiú agus ní bhíonn Gaeilge ag na daoine a bhíonn ag plé leis an bpróiseas ná ní oibríonn siad sa roinn a mbeidh an post lonnaithe inti. Ciallaíonn sé sin nach mbeadh baint ag aon duine i Roinn na Gaeltachta leis an bpróiseas earcaíochta do phost ansin agus nach mbeadh aon tuiscint ag na daoine atá ag plé leis an bpróiseas ar riachtanais na Roinne. Chuala mé scéal faoi dhuine a fostaíodh i Roinn na Gaeltachta a bhí ag tabhairt freagraí i mBéarla ar chomhfhreagras Gaeilge mar nach raibh a fhios aige cén chaoi le ‘sínte fada a dhéanamh ar ríomhaire’. Tá roinnt daoine cumasacha ag obair sna Forbacha, agus níl neart ag an Roinn air seo go pointe mar nach bhfuil mórán smachta acu ar an bpróiseas earcaíochta. Agus cúrsaí ina gcíor thuathail i Roinn na Gaeltachta cén t-iontas go bhfuil praiseach á déanamh acu den phróiseas pleanála teanga agus de chúrsaí eile. I bhfianaise an méid sin tá sé fíordheacair muinín a chur sa Roinn.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím go hiomlán leat a léitheoir éadóchasach faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Bíonn ar dhuine leagan Gaeilge d’fhoirmeacha iarratais a iarraidh go minic, ach fiú mé éiríonn leo an fhoirm Ghaeilge a líonadh isteach, mórchuid ama is cuireadh chuig agallamh Béarla a thugtar daofa. Ní bhíonn an rogha ann agallamh a dhéanamh trí Ghaeilg. Agus sé’n scéal a thugtar ná má bhíonn postanna a dtairiscint sa Ghaeltacht thig leat scrúdú beag a dhéanamh le do chumas Gaeilge a chruthú.

    Tá ceist fosta, i mo thuairimse, faoin bhfiúntas a bhaineann le comhairleoirí/múinteoirí gairmthreorach sa stáit seo. An bhfuil duine ar bith acu ag cuir béime ar thábhacht na Gaeilge ar fud na tíre, chan go díreach sa Ghaeltacht ná in earnáil na Gaeilge.