Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil “céim mhór chun cinn” i gceist le leasuithe reachtaíochta Aire Stáit na Gaeltachta “le hais na cinn a foilsíodh in 2014”.
Glacadh inniu ag cruinniú Rialtais le ceannteidil Bille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”.
Caitheadh i dtraipisí na ceannteidil a moladh in 2014 nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.
Chuirfeadh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát agus chuirfí córas nua caighdeánaithe bunaithe ar rialacháin ina áit.
Foilseofar ceannteidil an Bhille féin roimh dheireadh na seachtaine seo, agus dúirt an Coimisinéir go bhfuil go leor fós le déanamh.
“Is tús é seo le próiseas chun reachtaíocht níos láidre a thabhairt ar an bhfód agus caithfear cuimhneamh go bhfuil go leor céimeanna le glacadh sula mbeidh ceann scríbe bainte amach,” a dúirt Ó Domhnaill.
Dúirt sé, áfach, gur cheart “a aithint go bhfuil tús maith déanta” agus mhol sé an tAire Stáit “as éisteacht a thabhairt” do na moltaí a rinne a Oifig féin agus eagrais eile.
“Bhí trí mhórleasú á mholadh agam ar an Acht reatha: go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá lonnaithe nó i mbun oibre sa Ghaeltacht, go mbeadh córas rialachán in áit chóras na scéimeanna teanga agus go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí. Creidim go bhfuil na leasuithe sin curtha san áireamh, ach arís caithfear fanacht leis na mionsonraí,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.
Dúirt an Coimisinéir go mbeadh a bhfuil i ndán don reachtaíocht nua ag brath don chuid is mó ar conas a rachfaí i ngleic le ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta.
“Seachas aon ní eile tá seirbhísí trí Ghaeilge ag brath ar a dhóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa Státchóras agus sa tseirbhís phoiblí. Caithfear a chinntiú mar sin go mbeidh polasaí earcaíochta ann a thabharfaidh feidhm mar ba chóir do na hathruithe atá molta,” a dúirt Ó Domhnaill.
Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer fáilte tráthnóna roimh chinneadh an Rialtais, ach dúirt sé go gcaithfí spriocanna cinnte “a dhaingniú” sa Bhille féin.
“Seo an chéad chéim eile sa phróiseas chun reachtaíocht níos láidre a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus fáiltíonn an Conradh go croíúil roimhe sin. Ní mór spriocanna agus spriocdhátaí cinnte a dhaingniú sa bhille nua áfach, chun go n-imreoidh an reachtaíocht leasaithe seo tionchar mar is ceart ar an phobal ó thaobh rochtain ar sheirbhísí Gaeilge de, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht araon,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur maith é go dtugann na ceannteidil aghaidh ar cheist na hearcaíochta sa státseirbhís.
“Is gá spriocdháta cinnte a lua leis an leasú seo chun gur féidir dul chun cinn na hearcaíochta a mheas agus líon na bhfostaithe a mhéadú ar bhonn straitéiseach,” a dúirt Mac Fhlannchadha.
De réir na moltaí a rinne Conradh na Gaeilge i dtaobh na reachtaíochta nua, bheadh gach seirbhís phoiblí a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge faoi 2020. Mhol an Conradh chomh maith go mbeadh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua sa státseirbhís “inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge”.
I ráiteas a eisíodh tráthnóna, dúirt an Conradh go raibh “gach cosúlacht ar an scéal” go nglacfaí leis na moltaí sin sna ceannteidil atá le foilsiú ag an Rialtas.
Tá an Conradh ag súil go nglacfar “leis na moltaí uile i ndréachtbhille Chonradh na Gaeilge” agus an reachtaíocht á plé ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.
Mánus
Íontach má cuirtear i bfheidhm é. Cén slat tomhais a bheidh in úsáid chun caighdeán Ghaeilge na n-iarrthóirí a mheas? Ní hionann A sa Ghaeilge san Ardteist ná céim B.A. sa Ghaeilge ag duine is a bheith in ann Gaeilge do labhairt is a scríobh go cruinn.