Cuid riachtanach den daonlathas na meáin agus tá cabhair ag teastáil uathu

Tá an pobal ag brath go mór ar na meáin thraidisiúnta faoi láthair, ach tá fadhbanna móra ag nuachtáin agus craoltóirí de bharr na paindéime

Cuid riachtanach den daonlathas na meáin agus tá cabhair ag teastáil uathu

Tá dóthain fadhbanna ag na meáin de bharr phaindéim Covid-19 gan ionsaithe ar shaoirse an phreasa a chur sa mhullach orthu.

Ach sin é atá ar siúl i dTuaisceart Éireann.

Ar láimh amháin tá na meáin thraidisiúnta i mbarr a maitheasa agus tóir ag an bpobal orthu aimsir na géarchéime mar go bhfuil muinín acu as a ngairmiúlacht.

Ar an láimh eile, tá titim thubaisteach ar theacht isteach nuachtáin agus seirbhísí craolacháin de bharr an laghdú ar ioncam fógraíochta.

Seans nach dtiocfaidh cuid acu slán.

Tráth a bhfuil an t-aer beo le heolas míchruinn, ráflaí agus raiméis, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeadh fáil ag pobal a bhfuil eagla orthu ar mheáin iontaofa.

Tá ionsaithe ar shaoirse an phreasa do-ghlactha in am ar bith agus é ionann is dochreidte go ndéanfadh paraimíleataigh bagairtí orthu anois.

Dé Satharn is ar bheirt iriseoirí in dhá nuachtán a bhí an feachtas imeaglaithe dírithe. Faoin Luan bhí ceathrar polaiteoirí faoi bhagairt. Maidin Dé Máirt bhí polaiteoir eile curtha leis an liosta sin. Gach seans go bhfuil a thuilleadh daoine á n-imeaglú ag UDA oirthear Aontroma.

Tá na hiriseoirí ag obair sna nuachtáin Domhnaigh Sunday Life agus eagrán an Tuaiscirt den Sunday World , páipéir a dhéanann fiosruithe ar choiriúlacht, iompar an scoiltghrúpa dílseach i Latharna agus Carraig Fhearghais san áireamh.

Tuairiscíodh go raibh plean á ullmhú ag an ngrúpa chun buama a chur faoi charr iriseora. An mhí seo caite bhagair easaontóirí poblachtacha go n-ionsóidís iriseoir ón Irish News.

Sna heagráin is deireanaí den Sunday Life agus Sunday World rinne polaiteoirí diancháineadh ar an imeaglú agus d’éiligh go n-aistarraingeodh an bhuíon a mbagairt.

Triúr ball tionóil agus MP amháin a bhí i gceist, Patsy Mac Giolla Eoin an SDLP, Doug Beattie agus Steve Aiken an UUP agus Stephen Farry, MP de chuid Alliance.

Chuir an PSNI in iúl don cheathrar go raibh faisnéis acu go raibh siad i mbaol.
Níos deireanaí cuireadh an Teachta Tionóil Linda Dillon as Sinn Féin le liosta na ndaoine a bhí faoi bhagairt.

Ní nach ionadh dúradar go léir nach ngéillfidís don imeaglú. Ionsaí ar an daonlathas ab ea an bhagairt ar pholaiteoirí agus iriseoirí, a dúradar, agus ní fhéadfaí glacadh leis.

Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den chontúirt do na hiriseoirí agus na polaiteoirí. Ní féidir géilleadh dó, ach caithfear a bheith airdeallach (níos airdeallaí ná mar atá á mholadh ag Boris Johnson do Shasanaigh).

Ní féidir géilleadh do chinsireacht ó dhrong athchiontóirí a cheapann go bhfuil cumhacht acu mar go n-imríonn siad ansmacht ina gcomharsanachtaí féin.

Gnó do na póilíní agus riar na córa is ea é déileáil leo siúd. Agus tá sé thar am é sin a dhéanamh.

Ceist níos leithne í an bhail atá ar na meáin. Tuigim go ndéarfadh roinnt gur ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat ag crónán – an béal bocht ag iriseoir faoi ghéarchéim na meán.

Ach ní féidir tábhacht na meán a shéanadh, cé go n-admhaím gur náire shaolta iad dreamanna áirithe a bhfuil an-tóir orthu. Cuid dhílis den daonlathas is ea an ceathrú heastát agus tá cuid mhór de i mbaol.

Fearacht go leor tionscal eile, tionscal an fháilteachais agus na turasóireachta cuir i gcás, tá na meáin, Tuairisc.ie san áireamh, buailte go dona ag na srianta in aghaidh na paindéime. Bhí cuid mhaith acu ag streachailt le titim ar theacht isteach roimh an éigeandáil sláinte, ina measc nuachtáin áitiúla agus náisiúnta agus RTÉ.

Ní raibh lucht féachana chomh mór ag an teilifís ná oiread éisteoirí ag raidió RTÉ ó bhí monaplacht aige is atá aige aimsir Covid-19.

Is féidir leis an bpobal brath air agus tá sár-obair déanta aige. Ach tabhair faoi deara na fógraí. Eolas faoin tseirbhís féin is mó atá iontu mar nach bhfuil fógraíocht á déanamh ag gnólachtaí atá druidte.

Sular bhuail an coróinvíreas an tír bhí RTÉ ag caint ar ‘athstruchtúrú’, téarma sách doiléir faoi chiorruithe ar sheirbhísí craolacháin agus oibrithe a scaoileadh chun siúil.

Cuir an laghdú ar acmhainní de bharr Covid-19 san áireamh agus ní dea-thuar do RTE é, mura ndéanann an rialtas beart chun teacht i gcabhair orthu.

Tá an titim chéanna ar chúrsaí fógraíochta ag goilliúint ar nuachtáin thuaidh agus theas agus laghdú ar dhíolachán ann freisin mar nach bhfuil daoine in ann an teach a fhágáil.

Tá comhaontú déanta ag na nuachtáin laethúla abhus chun páipéir a sheachadadh chuig daoine ag baile. Ní léir fós cé mar atá ag éirí leis. Tá scéalta ag iriseoirí faoi theachtaireachtaí ón gceannáras go bhfuil an páipéar ar an ngannchuid.

Chinn roinnt mhaith de na nuachtáin áitiúla seachtainí ó shin nach gcuirfeadh siad eagrán clóite amach le linn na géarchéime, an Banbridge Chronicle agus an Newry Reporter ina measc. Tá achainí ‘tacaigh linn’ ag gach nuachtán ar shuíomh idirlín, ón Impartial Reporter in Inis Ceithleann go dtí an Down Recorder i nDún Pádraig.

Cuireann na páipéir áitiúla seirbhís luachmhar ar fáil agus ní líonfadh na meáin shóisialta an bhearna dá gcaillfí iad. Is maith ann (cuid de) na meáin shóisialta ach ní hionann iad agus iriseoireacht.

Rinne Teachta Tionóil de chuid an SDLP, Matthew O’Toole, iar-iriseoir a chaith seal ag obair in Uimhir 10 Sráid Downing, óráid in Stormont ag iarraidh tacaíocht do nuachtáin i ngeall ar an ngéarchéim. Bhí faoiseamh ó rátaí agus tacaíocht do scéimeanna oiliúna i measc a chuid moltaí. Chífimid céard a tharlóidh.

Nuair a bhéas an ghéarchéim thart beidh ar rialtais náisiúnta agus réigiúnacha a dhul i ngleic le bochtanas na meán.

Caithfear tacaíocht a thabhairt dóibh, fearacht go leor gnólachtaí eile. Cibé col a bheadh ag polaiteoirí le seirbhís ar leith, tá a fhios acu gur cuid riachtanach den daonlathas é an ceathrú heastát agus nach mór é a chaomhnú.

Fág freagra ar 'Cuid riachtanach den daonlathas na meáin agus tá cabhair ag teastáil uathu'