‘Caibidil shuaithinseach i mórscéal na nualitríochta Gaeilge’
Máirín Nic Eoin
Foilsíodh an oiread sin leabhar Gaeilge den scoth le 25 bliain anuas nach bhféadfainnse cúig cinn ar leith a lua agus a áiteamh gurb iad sin na cinn is fearr a foilsíodh, nó fiú gurb iad na cúig shaothar is fearr liom féin as an iomlán. Sílim go bhfuil comhthéacsanna ar leith a tharraingíonn aird an phobail ar shaothair thar a chéile agus tagann ceisteanna seánra agus réigiúin agus tábhacht ábhar agus údar ar leith isteach sa scéal i gcónaí. B’fhearr a d’fheilfeadh sé domsa dá n-iarrfaí orm 25 scothshaothar a roghnú ón tréimhse thorthúil sin.
Ag glacadh le spiorad agus comhthéacs an tionscnaimh seo, áfach, luafaidh mé sé leabhar ba chóir a bheith áirithe in aon liosta de 100 scothleabhar Gaeilge a foilsíodh le 25 bliain anuas. Más úrscéalta agus cnuasaigh gearrscéalta amháin a bhí i gceist le liosta 100 leabhar an Irish Times le déanaí, feicfidh sibh gur saothair le scríbhneoirí ildánacha ilseánracha atá i gceist le mo liostasa.
Biddy Jenkinson, Rogha Dánta (Cló Ollscoile Chorcaí, 2000). Rogha a rinne Seán Ó Tuama agus Siobhán Ní Fhoghlú as na ceithre bhunleabhar filíochta a bhí foilsithe ag Biddy Jenkinson faoin tráth sin. Léiríonn an cnuasach súil ghéar fhiosrach an fhile, a tuiscint do dhrámaíocht an tsaoil agus a dúil sa spraoi teangúil. Tá na mórthéamaí a shamhlaítear le Jenkinson le feiceáil go glé sa chnuasach, go háirithe an gaol idir an duine agus an dúlra, agus an gaol sin á rianú sa tírdhreach, sa stair agus sa mhiotaseolaíocht.
Gabriel Rosenstock, Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (Cló Iar-Chonnacht, 2003). Seoidleabhar taistil a thugann an léitheoir ar aistear tíreolaíoch agus anama go dtí an domhan thoir agus an domhan theas trí mheán an phróis agus na filíochta. Feictear mórbhuanna liteartha Rosenstock ar gach uile leathanach: an mháistreacht teanga, an liriciúlacht friotail, cruinneas agus comhbhá an aistritheora, tabhairt faoi deara an eolaí, machnamh an fhealsaimh, greann agus géire, spraíúlacht agus lomdáiríreacht.
Alan Titley, An Bhean Feasa (Cló Iar-Chonnacht, 2014). Is úrscéal i bhfoirm véarsaíochta an leabhar iontach seo – scéal na mná Éireannaí a daoradh chun báis agus a crochadh i mBostún Shasana Nua sa bhliain 1688 de bharr gur creideadh gur bhanbhúitseach nó bean asarlaíochta a bhí inti. D’fhéadfaí an saothar seo a chur i gcomparáid leis an saothar scéaltach filíochta Typhoid Mary le Paul Muldoon, agus ábhar maith tráchtais a bheadh ann comparáid níos leithne a dhéanamh idir ildánacht agus máistreacht teanga Titley agus an ‘protean poet’, Muldoon.
Liam Ó Muirthile, Oilithreach Pinn (Cois Life, 2017). Is seoidleabhar taistil eile an leabhar seo ó pheann scríbhneora a bhfuil cáil mhór air sa Ghaeilge mar fhile, mar úrscéalaí agus mar iriseoir. Cuntas grinn atá ann ar an taobh tíre, ar na daoine a casadh air agus ar na heachtraí a tharla dó agus é ag déanamh a oilithreachta ar an Camino de Santiago i bhfómhar na bliana 2015. Tá machnamh ar an saol le fáil sa leabhar, agus dánta – a dhánta nuachumtha féin agus aistriúcháin ar dhánta leis an bhfile Gailísise Rosalía de Castro – fite tríd an insint.
Cian Ó hÉigeartaigh & Aoileann Nic Gearailt, Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht, 2017). Stair phearsanta an chomhlachta Sáirséal agus Dill atá anseo, scéal na gcaidreamh a chothaigh bunaitheoirí an chomhlachta – Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh agus a bhean chéile Bríghid (Ní Mhaoileoin), tuismitheoirí údair an leabhair seo – le scríbhneoirí Gaeilge lár an fichiú haois agus scéal na leabhar a tháinig ar an saol faoina gcoimirce. Is scéal gaisce atá á ríomh, caibidil shuaithinseach i mórscéal na nualitríochta Gaeilge.
Eithne Ní Ghallchobhair, An Craiceann agus a Luach (Arlen House, 2021). Dán fada drámatúil faoin bpósadh, faoin máithreachas agus faoin uaigneas. Tá sé préamhaithe i dtraidisiún na scéalaíochta ó bhéal agus é ag tógáil ar íomhá thraidisiúnta na murúiche, íomhá atá athshaothraithe go rathúil ag banfhilí na Gaeilge le blianta anuas. D’éirigh go hiontach maith le léiriú stáitse ar an dán, agus Eithne Ní Ghallchobhair féin á aithris le tionlacan ceoil nuachumtha le Steve Cooney. Ceann de na léirmheasanna is fearr a rinneadh ar an leabhar ná na gártha molta a fuair sé ón lucht féachana agus iad ina seasamh in ómós don údar ag ócáid IMRAM in Smock Alley.
‘Níl sárú ar shúil Mhic Chóil do na mionsonraí’
Proinsias Mac a’Bhaird
Beirt Bhan Mhisniúla le Pádraig Ó Siadhail
Úrscéal cumhachtach a insíonn scéal beirt bhan a bhí tábhachtach i saol Phádraic Uí Chonaire. Thaitin an reacaireacht agus an ghné idirnáisiúnta den úrscéal sin go mór liom.
I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil
Dúil mhór agam sna trí leabhar i sraith na Litreach, ach seo an ceann is fearr liom den triúr. Mothaíonn tú go bhfuil tú lonnaithe i Sasana na 17ú hAois. Lán eachtra agus níl sárú ar shúil Mhic Chóil do na mionsonraí. An-leabhar.
Súil an Daill le Darach Ó Scolaí
Ceardaí focal amach is amach atá in Ó Scolaí, tá sé ábalta scéal eachtraíochta ar dóigh a scríobh agus tá an cur síos a dhéanann sé ar Thír Eoghain sa 16ú hAois, na daoine, na nósanna agus an teanga a bhí acu dochreidte maith. Thairis sin, ardaíonn sé ceisteanna faoi nádúr an duine agus nádúr an tsaoil a chuireann ag machnamh thú.
Madame Lazarre le Tadhg Mac Dhonnagáin
Thaitin an siar agus aniar idir an lá atá inniu ann agus eachtraí a tharla i bhfad ó shin liom. Stíl nádúrtha réchúiseach ag an údar agus scéal suimiúil a choinnigh mo shuim ó thús go deireadh.
Seal i Neipeal le Cathal Ó Searcaigh
B’fhiú an leabhar seo a léamh don phrós saibhir amháin, ach tá i bhfad níos mó ná sin ann. Tugann sé radharc dúinn ar chultúr agus ar dhaoine atá coimhthíoch dúinn ach ag an am chéanna atá iontach cosúil linn. Tá greann sa leabhar agus cur síos iontach ar dhúiche na ndéithe.
‘Scéal réalaíoch, mothúchánach faoi shaol na Gaeltachta’
Laoighseach Ní Choistealbha
Mis le Biddy Jenkinson (Coiscéim, 2001)
D’fhéadfainn achan leabhar le Jenkinson a chur ar an liosta anseo ach roghnóidh mé an ceann is mó a thaitníonn liom faoi láthair! Dán fada é seo a chaitheann solas ar go leor téamaí – an nádúr, an bhanúlacht, an gnéas, an tráma, an slánú, agus araile. Úsáideann Jenkinson an bunscéal ar bhealach álainn chun leagan nua de scéal Mhis a insint. Slánú dom féin é an dán fada seo.
Grá fiar le Louis de Paor (Coiscéim 2016)
Ceann speisialta é seo domsa. Leabhar a cuireadh i mo lámh nuair a bhí mé díreach ag cur tús le scríobh na filíochta. Dearbhú a bhí ann ar cheird na filíochta – léirigh sé dom gurbh fhiú tabhairt faoin fhilíocht, gurbh fhiú do shaol a chaitheamh le saothrú na ndánta. Tá dánta sa chnuasach seo faoin ghrá, faoin teaghlach, faoin aois ina bhfuilimid. Ar an lá dorcha…. Seo é oideas an tsolais.
Lámh Láidir le Joe Steve Ó Neachtain (CIC, 2005)
Úrscéal nár leag mé uaim agus mé á léamh. Scéal réalaíoch, mothúchánach faoi shaol na Gaeltachta, faoi chúrsaí imirce, faoi thráma idirghlúine. Carachtair spéisiúla, dráma, teannas…. plota a leanann ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Ón chéad eachtra ag an bheár san úrscéal caitear isteach i lár an teannais thú. Ar dóigh!
Crann na Teanga le Cathal Ó Searcaigh (aist. le Paddy Bushe) (Dúillí Éireann, 2018)
Bailiúchán iontach de dhánta Uí Shearcaigh anseo, dánta a léiríonn gnéithe éagsúla d’oeuvre an fhile… An grá, an eros, an áit dúchais, an teanga, an traidisiún, cearta an duine, an Phalaistín. Aithníonn Conallach Conallach eile… nó, aithníonn an Lagánach an Conallach ceart! D’íocfainnse fiacha an tsolais lá ar bith ar mhaithe leis an fhilíocht seo a léamh.
Na Ríthe Beaga (Máirín Nic Con Iomaire, aist. ón Fhraincis le Delphine de Vigan, Barzaz 2021)
Áirím an t-aistriúchán mar cheird chruthaitheach ar cheart dúinn a áireamh mar chuid de scríbhneoireacht na Gaeilge. Sa leabhar seo éiríonn le Nic Con Iomaire scéal breá sultmhar a chur os comhair an léitheora Ghaeilge. Tá aistriúchán breá déanta anseo ón bhuntéacs Fraincise, agus suim leanúnach ag Barzaz sna téacsanna Fraincise, ach go speisialta. Scéal a chaitheann súil ar fhadhbanna móra na linne… Tionchairí, an t-idirlíon, na páistí os comhair an cheamara… Scanrúil. Taitneamhach. Tráthúil i gcónaí.
‘Ceann de na saothair is tábhachtaí dá bhfuil ann i léann na Gaeilge’
Seán Mac Risteaird
Trén bhFearann Breac (2005) le Máirín Nic Eoin
Leabhar téagartha taighde é seo a chuimsíonn an díláithriú cultúrtha i gcomhthéacs na Gaeilge. Tá an leabhar seo ar cheann de na saothair thaighde is tábhachtaí dá bhfuil ann i léann na Gaeilge, agus stíl shoiléir scríbhneoireachta le feiceáil ó thús go deireadh. Spreag an saothar seo go leor díospóireachta acadúla ó shin i leith.
An Bhlaosc sa mBois (2024) le Micheál Ó Conghaile
Tá seo ar cheann de na nóibhillí is cumhachtaí agus is corraithí sa Ghaeilge. Déantar plé ann ar stair ghránna na n-áras máithreacha agus leanaí. Thug Republic of Shame le Caelainn Hogan, a foilsíodh in 2019, peirspictíocht eile dom ar an scéal agus molaim go láidir go léifí an dá leabhar taobh le taobh.
Saighdiúir (2023) le Cathal Ó Searcaigh
Is freagairt thar a bheith pearsanta é an t-úrscéal seo atá suite le linn an Chogaidh Mhóir ina bhfuil an charachtracht ar an ghné is láidre. Spreagtar ceisteanna móra faoin bhféiniúlacht Ghaelach agus faoi chúrsaí inscne araon agus bua an scríbhneora seo le feiceáil ó thús go deireadh.
Bláth na dTulach (2023) curtha in eagar ag Réaltán Ní Leannáin
Cnuasach éifeachtach é seo ina bhfuil idir scríbhneoirí aitheanta agus nuascríbhneoirí curtha san áireamh ag an eagarthóir. Sheas ‘An tOileánach’ le Sam Ó Fearraigh amach dom láithreach, agus é ar an scéal is fearr liom sa chnuasach ar fad.
Béal na Péiste (2023) le Fionntán de Brún
Cé go bhféadfá a rá gur úrscéal stairiúil seo chomh maith, is cinnte go bhfuil na caidrimh phearsanta agus an teannas a chothaítear eatarthu ar an ngné is tábhachtaí sa scéal seo, dar liom. Éiríonn le de Brún scéalta éagsúla a fhí lena chéile agus tá seo le moladh.
‘Ficsean fada cumasach a théann i ngleic le corraíl pholaitiúil’
Dónall Ó Braonáin
An Grá Riabhach (2000) Biddy Jenkinson
Ficsean gairid den scoth ó scríbhneoir a bhaineann an bonn den uile chineál scríbhneoireachta a chleachtann sí.
Ag Altóir an Diabhail (2003) Tomás Mac Síomóin
Aoirscéal, greann searbhasach agus anailís ghéarchúiseach pholaitiúil faoi chló an dea-phróis.
‘Ficsean fada cumasach a théann i ngleic le corraíl pholaitiúil’
Na Comharthaí (2014) Darach Ó Scolaí
Ficsean fada cumasach a théann i ngleic le corraíl pholaitiúil, luachanna pobail agus an dúchas.
Thar na Tonnta (2019) le Beairtle Ó Conaire
Sárúrscéal a scrúdaíonn am, stair agus brí fhánach an duine ina chomhluadar féin fiú.
Imram agus Scéalta Eile (2023) Róise Ní Bhaoill
Eiseamláirí den fhicsean gairid nach seachnaíonn ceisteanna polaitiúla agus sóisialta agus mar a fháisceann siad ar chor agus croí an duine.
Cúigear sárscríbhneoirí ficsin eile:
Anna Heusaff: Bás Tobann (2004), Buille Marfach (2010), Scáil an Phríosúin (2015)
Liam Mac Cóil: An Litir (2011), I dTír Strainséartha (2014), Bealach na Spáinneach (2019)
Micheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé (2015), Sa Teach Seo Anocht (2019)
Orna Ní Choileáin: Canary Wharf (2009), Sciorrann an tAm (2014)
Pádraig Ó Siadhail: Seacht gCineál Meisce agus Scéalta Eile (2001), Beirt Bhan Mhisniúla (2011)
‘Is breá liom na heipicí filíochta seo atá bronnta ag Eithne orainn’
Tristan Rosenstock
Madame Lazare, le Tadhg Mac Dhonnagáin. Foilsithe ag Barzaz
Saothar a théann ó Bhailiúchán na Scol agus Éire na 1930idí go dtí croílár an Aontais Eorpaigh sa 21 hAois. Is breá liom an léiriú a dhéantar ar an mbealach ar féidir le daoine maithe rudaí uafásacha a dhéanamh. Bhí de phribhléid agam é a phlé le Tadhg Mac Dhonnagáin in Ambasáid na hÉireann i Londain agus leabhar is ea é a aimseoidh lucht léitheoireachta idirnáisiúnta, dar liom. (Leagan Eastóinise ar fáil chomh maith)
An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht, le Michael Cronin. Foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta.
Údar ileolach is ea Michael Cronin agus cé gur le teangacha eile is mó a bhíonn sé ag plé, bíonn rudaí fiúntacha le rá aige i gcónaí maidir lenár dteanga féin. An ghaois éiceolaíochta atá fréamhaithe sa Ghaeilge atá faoi chaibidil aige sa saothar tanaí tábhachtach seo, agus bhí tionchar nach beag aige orm agus ar mo chuid leabhar féin.
An Craiceann agus a Luach, le Eithne Ní Ghallchobhair. Foilsithe ag Arlen House.
Is breá liom na heipicí filíochta seo atá bronnta ag Eithne orainn le tamall de bhlianta anuas agus atá fréamhaithe i dtraidisiún na scéalaíochta. Bíonn foclóir iontach saibhir ag baint le saothar Eithne agus tá stíl cheolmhar mhealltach aici chomh maith. Beidh cuimhne agam go deo ar an gcur i láthair a rinne sí féin agus buíon bhreá ceoltóirí ag Imram na bliana seo caite. Rinne Paddy Bushe aistriúchán máistriúil air chomh maith ar fiú go mór a léamh.
Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh. Foilsithe ag LeabhairCOMHAR.
Tá borradh ar leith faoin splancfhicsean le tamall de bhlianta anuas agus is léir gur foirm is ea í a fheileann go maith do scríbhneoirí na Gaeilge. Scéalta comhaimseartha tráthúla iad seo a bhain stangadh asam, in amanna.
Mé Suibhne le Feargal Ó Béarra. Foilsithe ag Leabhar Breac.
Tá cuid de mhórealaíontóirí na tíre tar éis a gcuid féin a dhéanamh de scéal Shuibhne, agus bhaineas an-taitneamh go deo as an leagan críochnúil caolchúiseach seo le Feargal Ó Béarra, beannacht De lena anam uasal. Faighimid léargas luachmhar sa saothar breá seo ar a leochailí is atá an mheabhair.
‘Leabhar cuimhní cinn atá thar barr’
Micheál Ó Conghaile
Roghnódh mé ag dul i bhfad le Alan Titley, an cnuasach gearrscéalta Mná le Dáithí Ó Muirí, Béal na Péiste le Fionntán de Brún, Dialann mo Mháthar le Pádraic Breathnach agus Lámh Láidir le Joe Steve Ó Neachtain. Maidir le cuimhní cinn, luafainn Ag Útamáil Liom
Le Pádraic Breathnach atá tharr barr agus Mar A Bhí Ar dTús: Cuimhne Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain.
Colmán Ó Drisceoil
Mo chúig: Cuaifeach mo Londubh Buí (Mac Annaidh), An Fear Dána (Titley), An Litir (Mac Cóil), Seanchas Chléire (Ó Síocháin), Ding (Mac Mathúna, gearrscéalta).