Cuarbhóthar na Gaillimhe ceadaithe – casadh mór eile i scéal fada casta

Níl sluasaid curtha i dtalamh fós ach tá tús na hoibre ar chuarbhóthar na Gaillimhe níos gaire dúinn i ndiaidh chinneadh an Bhoird Pleanála an tseachtain seo

Cuarbhóthar na Gaillimhe ceadaithe – casadh mór eile i scéal fada casta

Phléasc píopa soláthair uisce gar do Bhóthar Átha Cinn i gcathair na Gaillimhe i mí an Aibreáin 2019.  Ní raibh sé ach beagán nóiméad ina dhiaidh sin nó go raibh an trácht i gcuid mhór den chathair ina staic.  Bhí daoine sáinnithe ar feadh uaireanta an chloig sa tranglam.

Thaispeáin cruachás tráchta an tráthnóna sin, dhá bhliain go leith ó shin, go raibh géarchéim i gcathair na Gaillimhe.  Mhínigh innealtóirí ag cruinniú den Chomhairle Cathrach tamaillín ina dhiaidh sin go raibh Gaillimh geall le bheith tachta ag an trácht.  Ba chuma, a dúradh, cén beart no cén plean a bhí le húsáid ar shoilse nó ar chiorcláin, bhí an sruth tráchta chomh trom sin agus go dteastódh leigheas níos iomláine.

An bhfuil an leigheas sin ar fáil de bharr fhógra an Bhoird Pleanála an tseachtain seo, fógra a cheadaigh an cuarbhóthar ar imeall thuaidh agus thiar na cathrach?

Ocht gciliméadar déag ar fhaid a bheidh an cuarbhóthar nua.  Is é atá ann i dtéarmaí bóthair ná go dtabharfar, an N6 atá ar an taobh thoir den chathair anuas le himeall thiar na cathrach.  Tiocfaidh ceann thiar an bhóthair amach i gceantar na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara.  Tá droichead nua le tógáil agus beidh dhá thollán ar an gcúrsa.   Ar an taobh thiar, tosóidh an bóthar nua mar ghnáthbhóthar –  feithiclí ag dul thar a chéile an dá threo ar an gcúrsa céanna iompair as na Forbacha soir.  Rachfar thart ar Bhearna uilig.  Achar sé chiliméadar a bheidh sa mbóthar aon lána sin.  Nuair a bheidh an píosa sin bóthair curtha de ag an tiománaí beidh sé ag teannadh isteach ar stráice bóthair dúbailte.

Caithfear an stráice seo a thabhairt trasna na Coiribe, 200 méadar ó dheas de Chaisleán  na Coiribe.  Beidh dhá thollán ar an gcuid sin den chuarbhóthar.

As sin, leanfaidh cúrsa an bhóthair soir ó thuaidh nó go ndéanfaidh sé ceangal, de réir a chéile, le mótarbhealach an M6 agus na bóithre móra ar imeall thoir na cathrach.

€600 milliún atá ceaptha mar chostas ar an gcuarbhóthar nua ag an tráth seo.

D’eisigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ráiteas ag fáiltiú roimh an gcuarbhóthar inar dúradh go mba dhea-scéala a bhí i bhfógra an Bhoird Pleanála do na mílte duine a bhíonn ag taisteal i nGaillimh go laethúil.

Dúradh sa ráiteas freisin go leigheasfadh an cuarbhóthar drochthranglaim thráchta atá ag tarlú chuile lá thart ar Bhaile an Bhriotaigh agus ar an bPáirc Mhór, sin ceantar mór tionsclaíochta ar imeall thoir na cathrach.

Dúradh freisin i ráiteas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go gcuirfí tuilleadh deiseanna fostaíochta ar fáil do Chonamara de bharr an chuarbhóthair.

Bhí na hiar-airí Gaeltachta as Gaillimh Thiar, Seán Kyne agus Éamon Ó Cuív ar an bport céanna freisin faoi bhuntáistí a chreideann siadsan a bheadh ag baint leis an mbóthar do cheantar Chonamara – deiseanna fostaíochta níos fearr, infreastruchtúr níos fearr, forbairt ar thurasóireacht agus ar thionsclaíocht.

Go deimhin, tugann cinneadh an Bhoird Pleanála deis anois le dhul in éadan na pleanála ar bhóthar nua sa gcuid ó dheas de Chonamara.  Bhí innealtóirí agus feidhmeannaigh na Comhairle ag rá le fada nárbh fhéidir iarracht eile a thabhairt faoin mbóthar ó dheas nó go mbeadh a fhios cá mbeadh cuarbhóthar na cathrach ag ceangal le bóthar Chonamara.  Tá sin ag éirí soiléir anois.

Bheadh 44 teach le leagan ar chúrsa an chuarbhóthair agus tá sin ag cothú teannais ann féin. Tá leithéidí an Chomhairleora de chuid an Chomhaontais Ghlais, Alastair McKinstry, ag tabhairt le fios cheana féin go mbeidh gníomhaithe timpeallachta ag cur a gcosa uathu.

Ar ndóigh, beidh sé de chead ag duine nó dreamanna dúshlán cúirte a thabhairt faoi chinneadh seo an Bhoird Pleanála ach caithfidh siad údar maith a bheith acu.  Caithfear fanacht go bhfeicfear.

Caithfimid a dhul siar 23 bliain le roinnt tuisceana a fháil ar na cúiseanna gur ligeadh cúrsaí tráchta ó smacht i nGaillimh.

I 1996 d’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe comhlacht saineolaithe le staidéar a dhéanamh ar phleanáil agus ar fhorbairt an réigiúin i bhfoisceacht 30 ciliméadar den chathair ar chaon taobh di.  An Galway Transportation and Planning Study a tugadh air seo.  Ba é an dualgas a bhí i gceist ná na háiteacha ab fheiliúnaí le haghaidh leathnú na cathrach a aithneachtáil agus córas iompair agus tráchta a mhúnlú bunaithe ar sin.

Bhí an moladh go ndéanfaí forbairt ar chuarbhóthar timpeall na cathrach agus droichead nua trasna na Coiribe ar an rud ba shuntasaí a tháinig as an staidéar.

Measadh san am go gcosnódh an cuarbhóthar €444 milliún, chomh maith le cáin bhreisluacha.

Seo achoimre ar na céimeanna agus na constaicí sa gcóras pleanála agus dlí a bhain leis an iarracht sin nó gurbh éigean é a chaitheamh in aer sa deireadh.

  • 1999 – Tosaíodh na beartais a bhain le pleanáil an chuarbhóthair timpeall ar Ghaillimh. D’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta i mí na Samhna 1999.
  • An 1 Nollaig, 2006 – Cuireadh iarratas ar chead forbartha le haghaidh an chuarbhóthair go dtí an Bord Pleanála. Bhí Tuarascáil Timpeallachta agus iarratas ar cheannacht éigeantach talún (CPO) istigh leis an iarratas ar an gcead forbartha.
  • An 28 Samhain 2008 – Thug an Bord Pleanála cead pleanála do chuid den chuarbhóthar, an píosa de ar imeall thoir na cathrach
  • 2009 – Thug tríú páirtí an cás go dtí na cúirteanna agus rinneadh athbhreithniú ar bhreithiúnas an Bhoird Pleanála san Ard-Chúirt. Sheas an Ard-Chúirt le cinneadh an Bhoird Pleanála
  • Ach ansin rinneadh achomharc in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte go dtí an Chúirt Uachtarach
  • Aibreán 2013 – D’eisigh an Chúirt Uachtarach a breithiúnas; cuireadh cinneadh an Bhoird Pleanála ar ceal ar fad. Eisíodh an breithiúnas seo théis don Chúirt Uachtarach comhairle a bheith faighte aice ón Chúirt Bhreithiúnais Eorpaigh
  • 2013 – Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe deireadh uilig leis an iarracht le cuarbhóthar na Gaillimhe a fhorbairt théis chinneadh na Cúirte Uachtaraí

Tosaíodh iarracht eile i nGaillimh gar do dheireadh na bliana 2013 le dhul i ngleic arís le ceist an bhóthair a thabharfadh faoiseamh tráchta sa gcathair.

Cheap Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta in 2014 le plean a ullmhú aríst.  Thóg an obair seo roinnt blianta.   Baisteach ainm nua ar an mbóthar mór an iarraidh seo – Bóthar Ciorclach Chathair na Gaillimhe – agus rinneadh roinnt athruithe ar an gcúrsa.

Cuireadh an t-iarratas, ar glacadh cinneadh faoi an tseachtain seo, faoi bhráid an Bhoird Pleanála i nDeireadh Fómhair 2018.  B’éigean cuid den éisteacht phoiblí a reáchtáil le linn na dianghlasála Covid-19. Chuir sin roinnt moille ar na scrúduithe agus ar an anailís.

Mar sin tá 23 bliain agus €30 milliún caite ag plé leis na hiarrachtaí le cuarbhóthar, nó bóthar ciorclach, a fhorbairt thart ar chathair na Gaillimhe.  Níl sluasaid curtha i dtalamh fós ach tá tús na hoibre níos gaire dúinn i ndiaidh chinneadh an Bhoird Pleanála an tseachtain seo.   De réir na saineolaithe dhéanfaí laghdú de 7,300 ar na turais cairr i lár na cathrach chuile lá de bharr an chuarbhóthair agus bheadh 38% de laghdú ar an líon na bhfeithiclí móra sa gcathair.

Ní beag an lear é ach is mór an seans go mbeidh ceisteanna eile le sárú sa scéal fada seo.

Fág freagra ar 'Cuarbhóthar na Gaillimhe ceadaithe – casadh mór eile i scéal fada casta'