Tháinig cuairteoir gan choinne go dtí Oileán Chléire, an t-oileán Gaeltachta amach ó chósta Chorcaí, le déanaí agus is cinnte gur éan corr a bhí ann. Éinín beag ab ea an cuairteoir aduain seo a bhaineann le cineál na smólach agus tugtar veery air as Béarla agus is é an t-ainm Laidine atá air: Catharus fuscescens. Ní heol dúinn go bhfuil aon ainm oifigiúil Gaelainne air, go n-uige seo, cé go bhféadfaí smólach donn a thabhairt air mar ‘tawny thrush’ ainm eile a thugtar air i mBéarla. Neadaithe i bhforaoiseacha i ndeisceart Cheanada agus i dtuaisceart na Stát Aontaithe a bhíonn an t-éan seo de ghnáth agus bailíonn siad leo ó dheas go dtí oirthear Mheiriceá Theas go séasúrach agus feictear a leithéid ar chósta thoir na Stát Aontaithe agus in áiteanna sna hIndiacha Thiar agus i Veiniséala.
Máire Uí Chéadagáin, bean de chuid an oileáin, a chonaic an ‘veery’ ar dtús. Agus í ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu dúirt Máire Uí Chéadagáin chomh fada lena heolas nach bhfaca aon duine an t-éan seo in Éirinn go dtí gur tháinig sé go Cléire inné. Thóg sí an pictiúr thuas agus roinn sí ar na meáin shóisialta ar maidin é.
Ábhar mór iontais é an cuairteoir seo agus tá sé ag tarraingt tuilleadh cuairteoirí ’an oileáin – lucht faire na n-éan nó ‘twitchers’ mar a thugtar orthu.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an taighdeoir éiceolaíochta ó Teagasc, an Dr Daire Ó hUallacháin, go bhféadfadh gur Stoirm Callum ba chúis leis an gcuairt gan choinne a thug an t-éan ar Chléire.
“Ó tharla go bhfuil Oileán Chléire chomh fada sin ó dheas is mó seans gur ann a chríochnódh éan neamhghnách a shéidfí dá chúrsa agus imirce á déanamh aige,” a dúirt an Dr Ó hUallacháin.
ambaistefein
Is mó éan corr a chuirtear dá chúrsa ar thalamh na hÉireann.