Cuairteanna tí agus ceist an óil ar intinn an Rialtais agus cinneadh faoi shrianta á dhéanamh

D’oibrigh na srianta ar chuairteanna teaghlaigh cheana agus caithfear é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi scaoileadh na dianghlasála, a deir an Taoiseach

Cuairteanna tí agus ceist an óil ar intinn an Rialtais agus cinneadh faoi shrianta á dhéanamh

Deir an Taoiseach go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh Déardaoin nó Dé hAoine faoi conas a mhaolófar srianta Leibhéal 5 an tseachtain seo chugainn. 

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu gur in Éirinn a bhí an dara ráta is ísle san AE ó thaobh scaipeadh an ghalair de. 

Dúirt sé gur 109 in aghaidh gach 100,000 ráta coicíse an ghalair i gcomparáid le ráta 1,000 in aghaidh 100,000 i dtíortha áirithe eile.

D’oibrigh na srianta ar chuairteanna teaghlaigh cheana agus chaithfí é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, arsa an Taoiseach.

“Caithfimid é sin a thuiscint. D’oibrigh na srianta Leibhéal 3 agus na srianta ar chuairteanna teaghlaigh a thugamar isteach agus ansin d’oibrigh srianta Leibhéal 5… 

“Tá na huimhreacha íslithe go maith againn. Is cinnte gur mhaith linn dul níos ísle. Agus tá seachtain eile againn chun na figiúirí a ísliú a thuilleadh,” arsa Micheál Martin. 

Dúirt sé gur léirigh taighde a bhí ag an Rialtas go raibh baint ag cruinnithe daoine a raibh alcól á ól acu leis an ardú a tháinig ar líon na gcásanna Covid-19 sa bhfómhar.

Ní raibh sé sásta a rá cad a chiallódh sé sin do lucht na dtithe tábhairne agus na mbialann a bhfuil súil acu cead oscailte a fháil an mhí seo chugainn.

Dealraíonn sé áfach gur meascán de shrianta Leibhéal 3 agus Leibhéal 5 a bheidh ann an mhí seo chugainn agus go mb’fhéidir go mbeidh srianta níos boige i gceist de réir mar atá sé ag teacht níos giorra don Nollaig féin.

Pléifear ag cruinniú Rialtais amárach conas a dhéanfar maolú ar shrianta Leibhéal 5 atá le dul in éag an tseachtain seo chugainn.

Buailfidh triúr ceannairí na bpáirtithe comhrialtais lena chéile anocht chun an scéal a phlé agus tá cruinniú leis an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí beartaithe amárach chomh maith.

Beidh cruinniú eile rialtais an tseachtain seo sula bhfógrófar Dé hAoine cad iad na socruithe nua atá le tabhairt isteach.

Dúirt an Taoiseach chomh maith gur thug ceann an tascfhórsa a bunaíodh chun plé le cúrsaí vacsaíne, an tOllamh Brian Mac Craith, le fios dó go mbeadh a gcéad tuarascáil á cur ar fáil ag an ngrúpa faoin 11 Nollaig.

Dúirt Martin go dtógfadh sé “iarracht mhór náisiúnta” vacsaín a dháileadh.  

Agus an chuma ar an scéal go mbeidh srianta éigin ar chuairteanna teaghlaigh i bhfeidhm i gcónaí an mhí seo chugainn, dúirt an Taoiseach gur thuig sé a dheacra is a bhí a leithéid ar dhaoine.

“An dea-scéal ná go bhfuil an méid atá á dhéanamh agaibh ag obair. Tá cúrsaí faoi smacht sna hospidéil fad is a bhaineann sé le huimhreacha ICU agus líon na n-othar sna hospidéil. Tá ár scoileanna coimeádta oscailte againn,” a dúirt sé.

318 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné agus duine amháin eile a raibh an galar air a fuair bás.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu gur deimhníodh 280 cás nua den ghalar le lá anuas agus go bhfuair triúr eile a raibh an galar orthu bás.

2,959 duine a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn ó thosach na paindéime, 2,023 duine ó dheas den teorainn agus 936 ó thuaidh di.

120,525 cás den Covid1-9 atá deimhnithe go nuige seo, 70,461 cás ó dheas agus 50,064 cás sa Tuaisceart. 

Fág freagra ar 'Cuairteanna tí agus ceist an óil ar intinn an Rialtais agus cinneadh faoi shrianta á dhéanamh'

  • An Teanga Bheo

    agus Votáil in Éirinn do imiricí i gcéin a Thaoiseach de bharr Breatimeacht na bliana 2021????
    Gúth san Eoraip tá gá leis