Cruinniú á lorg leis an Státrúnaí nua faoi Acht Gaeilge roimh atosú na gcainteanna

Tá sraith cruinnithe práinne á lorg ag Conradh na Gaeilge le polaiteoirí thuaidh agus theas faoi cheist an Achta Gaeilge

Cruinniú á lorg leis an Státrúnaí nua faoi Acht Gaeilge roimh atosú na gcainteanna

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh cruinniú le Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann Karen Bradley sula gcuirfear tús athuair an tseachtain seo chugainn leis na cainteanna polaitiúla ó thuaidh.

Tá ceist an Achta Gaeilge i measc na gconstaicí is mó atá le sárú sna cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill inniu gur chuir sí in iúl don Státrúnaí nua “a thábhachtaí” is a bhí sé bualadh le Conradh na Gaeilge chun tuiscint cheart a fháil ar cheist an Achta.

Sular éirigh an t-iar-státrúnaí James Brokenshire as oifig de bharr drochshláinte, bhí gealltanas faighte ag an eagraíocht teanga go gcasfadh sé leo chun ceist an Achta Gaeilge a phlé agus táthar ag súil go gcomhlíonfar an gealltanas sin agus Karen Bradley tagtha i gcomharbacht air.

Tá litreacha scríofa ag Conradh na Gaeilge chomh maith chuig na páirtithe móra polaitíochta ó thuaidh agus ó dheas agus cruinnithe práinne á lorg acu le ceannairí na bpáirtithe ina measc, an Taoiseach Leo Varadkar  agus an Tánaiste Simon Coveney.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur éirigh le “pobal na Gaeilge” an Ghaeilge a chur “ag barr an chláir oibre do na polaiteoirí” anuraidh agus nach mbeadh deireadh leis an bhfeachtas go mbainfí na cearta teanga atá á n-éileamh amach.

“Is reachtaíocht í seo a gealladh go soiléir don phobal breis agus aon bhliain déag ó shin mar chuid de chomhaontú idirnáisiúnta ag Cill Rímhinn. Tá Rialtas na hÉireann ag seasamh lena ndualgas mar chomhshínitheoir ar an chomhaontú sin agus ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách.

“Tá na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách. Bímis iontach soiléir faoi seo; tá cosc á chur ar chearta teanga Gaeilgeoirí anseo agus ní bheidh deireadh leis an fheachtas seo go mbainfear na cearta sin amach.” 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge,

go raibh teagmháil déanta go minic ag an eagraíocht le hoifig Karen Bradley agus leis an Státrúnaí féin le coicís anuas.

“Ba mhian linn gach eolas atá againn ar reachtaíocht Gaeilge a thabhairt di, le cinntiú go dtuigeann sí ón phobal atá ag plé leis an cheist seo gach lá na rudaí go díreach atá uainn agus na moltaí atá againn lena gcur i bhfeidhm,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cruinniú á lorg leis an Státrúnaí nua faoi Acht Gaeilge roimh atosú na gcainteanna'