Craobh Chonnacht sa rugbaí buaite den chéad uair riamh ag foireann ón nGaeltacht agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag ceiliúradh tráthnóna

Fuair buachaillí na Gaeltachta an ceann is fearr ar fhoireann Gortnor Abbey as Cros Mhaoilíona, Maigh Eo, sa chluiche ceannais tráthnóna ar Pháirc an Spóirt i nGaillimh

13077093_209919122733262_7634833680714342986_n

Tá Craobh Chonnacht sa rugbaí buaite den chéad uair riamh ag foireann ón nGaeltacht agus Corn Sinsear Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt buaite ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua inniu.

Fuair buachaillí na Gaeltachta an ceann is fearr ar fhoireann Gortnor Abbey as Cros Mhaoilíona, Maigh Eo, sa chluiche ceannais tráthnóna ar Pháirc an Spóirt i nGaillimh.

41-19 a chríochnaigh an cluiche ceannais ar an mBóthar Beag ach cé go raibh farasbarr 22 pointe ag scoil na Ceathrún Rua b’éigean dóibh teacht aniar a dhéanamh sa dara leath tar éis dóibh a bheith ag imirt in aghaidh na gaoithe sa chéad leath.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha, gur cúis mhór bród a bhí ann don scoil.

“Seans gurb é seo an chéad uair i gConnachta, nó in Éirinn fiú, go bhfuil corn sinsir buaite ag Gaelscoil nó scoil ón nGaeltacht. Seo é an chéad chorn atá buaite againn agus tá sé tuillte go maith ag na h-imreoirí agus na tuismitheoirí agus na múinteoirí a chuir obair mhór isteach san fhoireann.

“Fuair muid tacaíocht iontach inniu ó mhuintir na Ceathrún Rua agus ó mhuintir cheantar na n-Oileán. Lá iontach a bhí ann agus cúis mhór bhróid don scoil.”

B’iad na h-imreoirí a d’aimsigh na h-úid a chinntigh an bua stairiúil do scoil na Ceathrún Rua ná, Colm de Buitléar (3), Aonghus Ó Coisdealbha (2), Peadar Óg Ó Flatharta agus Gearóid Ó Cualáin.

Fág freagra ar 'Craobh Chonnacht sa rugbaí buaite den chéad uair riamh ag foireann ón nGaeltacht agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag ceiliúradh tráthnóna'