COVID-19: ‘Tá an coróinvíreas curtha faoi chois againn’ – Holohan

D’fhógair an Roinn Sláinte go bhfuil 29 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ach de réir na bhfigiúirí is déanaí tá ag éirí leis an bhfeachtas in aghaidh Covid-19, seachas droch-chás na n-ionad cúraim

COVID-19: ‘Tá an coróinvíreas curtha faoi chois againn’ – Holohan

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 29 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,825 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,403 ó dheas den teorainn agus 422 ó thuaidh di.

Deimhníodh 137 cás nua tráthnóna, rud a fhágann gur 26,369 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 22,385 cás ó dheas agus 3,934 cás ó thuaidh.

Fógraíodh bás 14 duine eile de dheasca Covid-19 sa Tuaisceart inniu.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) na figiúirí nua tráth a léiríonn eolas nua go bhfuil ag éirí leis an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris de réir na slat tomhais go léir atá ag na húdaráis, seachas droch-chás na n-ionad cúraim.

Bhí baint éigin le hionad cúraim ag 880 den 1,403 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 62.7%. Ardú eile a bhí ansin. Bhain 761 de na cásanna sin, nó 54.2% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

De réir na slat tomhais eile, tá ag éirí leis na srianta a tugadh isteach chun an galar a choinneáil faoi chois agus chun a chinntiú nach dtiocfadh róbhrú ar an gcóras sláinte. 

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go raibh an coróinvíreas curtha faoi chois againn ach go gcaithfí cloí leis na beartais slándála le cinntiú nach n-imeodh an galar ó smacht. Dúirt sé chomh maith gur bhain formhór mór an 137 cás nua den ghalar a deimhníodh inniu le hionaid chúraim nó tithe altranais. 115 cás nua sna hionaid chúraim a fógraíodh inniu i gcomparáid le inné.

“Tá an uimhir atáirgthe/scaipthe idir 0.5 and 0.6. Tá an aidhm a bhí againn, scaipeadh an ghalair a chosc, bainte amach againn. Níl sé éasca d’aon duine ach níl dabht dá laghad ann ach gur shábháil an iarracht a rinneamar ar fad beatha daoine.

“Coinneoimid súil anois ar phatrún COVID-19 feasta agus muid ag iarraidh na srianta a mhaolú. Tá an seachtainí seo chomh tábhachtach céanna leis na chéad seachtainí den fheachtas. Tá ár n-iompar fíorthábhachtach chun an dul chun cinn atá déanta againn a chosaint agus an uimhir scaipthe a choinneáil faoi 1.”

Maidin inniu, 76 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas, deichníur níos lú ná mar a bhí iontu inné agus níos lú othar ná mar a bhí in ICU aon lá ó tháinig na srianta isteach ag deireadh mhí an Mhárta.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh líon na gcásanna nua den ghalar ag laghdú den chéad uair ó thús na ráige. Laghdú nach mór 10% a bhí ag teacht ar líon na gcásanna deimhnithe nua in aghaidh an lae, a dúirt sé.

De réir an eolais is déanaí tá ráta atáirgthe an ghalair Covid-19 tite go dtí idir 0.3-0.8. Tá roinnt slat tomhais á n-úsáid chun ráta atáirgthe nó ráta scaipthe an ghalair a mheas agus bunaithe orthu go léir tá an ráta anois go seasmhach ag 0.5-0.6.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Chomh maith leis sin, laghdaigh líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu atá á gcur san ospidéal agus sna haonaid dianchúraim faoina leath le seachtain. Timpeall 40 duine a bhí á gcur san ospidéal gach lá an tseachtain seo caite ach thart ar fiche atá i gceist an tseachtain seo. Duine nó beirt othar sa lá atá á gcur sna haonaid dianchúraim i gcomparáid le 4-6 an tseachtain seo caite.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan:

“Tá an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag titim agus é sin amhlaidh le seachtain. Tá sé sin ag tarlú toisc go bhfuil scaipeadh an víris sa phobal laghdaithe agus léiríonn sé sin a thábhachtaí agus a bheidh ár n-iompar uaidh seo amach.”

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster inniu gur idir 0.8 agus 0.9 a bhí ráta scaipthe an ghalair ó thuaidh den teorainn. Ní fhéadfaí dá bharr, a dúirt Foster, tosú ar na srianta dianghlasála a scaoileadh. Dúirt sí go mbeadh na srianta i bhfeidhm go ceann trí seachtaine eile, cé go mb’fhéidir go ndéanfaí corrleasú beag orthu an tseachtain seo chugainn.

De réir figiúirí nua a d’fhoilsigh an Roinn Sláinte ó thuaidh bhí ráig den ghalar i 75 ionad cúraim sna sé chontae.

De réir eolais a fuair BBC News bhásaigh 14 duine a raibh Covid-19 orthu in aon theach altranais amháin, Ringdufferin Nursing Home i gCill Ó Laoch i gcontae an Dúin.

Fág freagra ar 'COVID-19: ‘Tá an coróinvíreas curtha faoi chois againn’ – Holohan'