‘Cothrom na Féinne’ á iarraidh ag Príomh-Fheidhmeannach S4C dá chainéal

Tá Ian Jones, Príomh-Fheidhmeannach an stáisiúin Breatnaise, ag iarraidh go gcuirfear na ciorruithe a rinneadh ar S4C sa bhliain 2010 san áireamh agus buiséad an stáisiúin á phlé ag an BBC

_63852241_ian-jones-bbc

Ian Jones, Príomh-Fheidhmeannach S4C, ag iarraidh ‘cothrom na Féinne’ do chraoltóireacht seirbhíse poiblí na Breatnaise.

Bhí Jones ag glacadh páirte i ndíospóireacht faoina bhfuil i ndán do na meáin sa Bhreatain Bheag mar chuid de Eisteddfod Genedlaethol Cymru, féile náisiúnta litríochta, ceoil agus taibhithe, Dé Luain.

D’éiligh Jone cothrom na Féinne do S4C agus ciorruithe á mbagairt air ag an BBC. Dála TG4 is ón státchiste a fuair S4C a mhaoiniú ó bunaíodh an stáisiún sin i dtús na n-ochtóidí, ach tháinig athrú mór ar an scéal sin nuair a cinneadh i 2010 gurb é BBC a bheadh freagrach feasta as cistiú na seirbhíse Breatnaise.

Dúirt Ian Jones gurb ionann na ciorruithe a rinneadh ar bhuiséad an stáisiúin ón mbliain 2010 i leith agus ciorrú iomlán de 36%.


“Is mór an t-athrú
atá tagtha ar shaol na meán ó seoladh S4C sa bhliain 1982. Tá dúshláin na linne seo an-difriúil agus an lucht féachana scaipthe, ní hamháin ó na scórtha agus na céadta stáisiún eile teilifíse, ach ón ábhar mór atá ar fail ar líne,” a dúirt Jones ag an díospóireacht.

D’admhaigh sé go mba cheart do gach institiúid a cion féin de na ciorruithe a iompar ach go gcaithfí cothromaíocht a thabhairt do sheirbhísí Breatnaise.

“Tá rogha na stáisiún Béarla ag an saol is a mháthair sa Bhreatain Bheag ach is againne atá an t-aon seirbhís amháin sa Bhreatnais ar domhan. Caithfear S4C a mhaoiniú i gceart má táthar ag súil go leanfar leis an obair, nó caithfear cinntí polaitíochta a dhéanamh faoi na coda de chraoltóireacht seirbhíse poiblí na Breatnaise ar féidir fáil réidh leo,” a dúirt sé.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) le Tuairisc.ie gurb í an cheist is tábhachtaí i dtaobh theilifís na dteangacha mionlacha ná a neamhspleáchas.

“Bheadh an-amhras orm dá mbeadh TG4 istigh faoin gcraoltóir náisiúnta arís. Lean muide patrún S4C ach dá mbeadh TG4 mar sheirbhís taobh istigh de RTÉ arís ba bhocht an scéal é. Ba cheart go ndéanfaí gach iarracht an buiséad a mhéadú agus cur le líon na gclár Gaeilge.

“Tá go maith go bhfuil an buiséad [TG4] faoi smacht an Aire Cumarsáide agus tá sé fíorthábhachtach go mbeadh TG4 in ann seasamh ar a gcosa féin,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Cothrom na Féinne’ á iarraidh ag Príomh-Fheidhmeannach S4C dá chainéal'