Cothrom an lae seo caoga bliain ó shin, a síníodh an conradh a chuir tús le ballraíocht na hÉireann san AE…

Tá tionchar nach beag fós ar dhán na hÉireann ag an rogha a rinneadh I dtaobh na hEorpa i 1972, agus beidh amach anseo 

Cothrom an lae seo caoga bliain ó shin, a síníodh an conradh a chuir tús le ballraíocht na hÉireann san AE…

Cothrom an lae seo caoga bliain ó shin, an 22 Eanáir 1972, a shínigh an Taoiseach Jack Lynch an conradh a chuir tús le ballraíocht na hÉireann mar bhallstát den Aontas Eorpach. Thug 83% den phobal vótála tacaíocht don chonradh sa reifreann a reáchtáladh ceithre mhí tar éis an tsearmanais sínithe sin sa Bhruiséil.

“Bímis bródúil as a bheith Éireannach agus Eorpach,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin Dé hAoine nuair a thug sé cuairt ar thaispeántas cáipéisí sa Chartlann Náisiúnta. Chuir sé béim ar an dea-thionchar eacnamaíochta agus polaitiúil (maidir le Tuaisceart Éireann go háirithe) a bhí ag an gcinneadh a rinneadh i 1972 ar chúrsaí na tíre ó shin i leith.

Is fiú dhá athrú shuntasacha a tháinig ar mheon na tíre ó shin a chíoradh, cé nár luadh iad in óráid an Taoisigh. Baineann athrú amháin le cúrsaí polaitíochta ag leibhéal na bpáirtithe, ach is doimhne agus is leithne an t-athrú eile.

Mhol Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre (agus comhalta óg den pháirtí i nGaillimh Mícheál D Ó hUigínn ina measc) vóta in aghaidh ballraíochta roimh an reifreann i 1972. Tá tacaíocht tugtha ag an Lucht Oibre dár mballraíocht san AE ó shin i leith agus ag Sinn Féin ó vótáladh i dTuaisceart Éireann in 2016 sa reifreann ar Bhreatimeacht.

Is mó an tionchar a bhí ag an athrú meoin eile, abhus agus i gcéin. Dúradh go forleathan i 1972 nach raibh rogha dháiríre ag an stát ach a bheith páirteach sa Chomhphobal Eorpach Eacnamaíochta (mar a tugadh ar an AE an uair sin) in éineacht leis an Ríocht Aontaithe. Chuir Fianna Fáil, Fine Gael agus eagraíochtaí eile a mhol vóta i bhfabhar an chonartha i gcuimhne do vótóirí gur sa Bhreatain a bhí an chuid is mó de tháirgí feirmeoireachta agus easpórtálaithe eile an stáit á ndíol.

Bhí an geilleagar ag brath rómhór ar mhargadh na Breataine, a dúradh, agus bhí géarghá le cead isteach níos fusa a bhaint amach sa mhargadh Eorpach.  Cé go raibh faitíos ar mhórán go gcuirfeadh iomaíocht Eorpach isteach ar thionscail áirithe, dúradh leis an bpobal gur na buntáistí Eorpacha ná na míbhuntáistí.

Níl aon chosúlacht idir an léargas easpórtála i 1972 agus an léargas le tamall. Ní dhíoltar anois ar an meán ach thart ar a deich faoin gcéad dár n-easpórtálacha sa Bhreatain.

Is doimhne ar go leor bealaí áfach tionchar an AE ar ár bhféinmhuinín ná a thionchar ar an ngeilleagar.  Ní mar chontúirt ach mar chosaint – in aghaidh na Breataine go háirithe- a bhreathnaíonn ár bhformhór ar an Aontas Eorpach.

Is díol suntais é go háirithe, agus síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh céad bliain ó shin á chomóradh, an t-athrú ar neart polaitiúil agus idirbheartaíochta an stáit a chuir ár mballraíocht san Aontas Eorpach i gcrích. Is cuma cén cruth a chuirfear ar an bPrótacal faoi dheireadh, ní dhéanfaidh an Breatimeacht leas an rialtais ná an phobail abhus. Sin ráite, ní beag an chabhair dár gcás é go bhfuil tacaíocht leanúnach á tabhairt d’Éirinn ag rialtais na mballstát eile.

“Tugann gach teaghlach tacaíocht agus cabhair do bhall den teaghlach atá i gcruachás,” a dúirt Leas-Uachtarán an AE Maroš Šefčovič agus dearcadh na mballstát ar dheacrachtaí Breatimeachta na hÉireann á phlé aige le gairid.

Ainneoin gach deacracht a chuireann as d’Éirinn de dheasca an Bhreatimeachta, is in idirbheartaíocht éagothrom le mór-eagraíocht ina bhfuil Éire páirteach a bheidh ar rialtas na Breataine glacadh le comhréiteach réasúnta, luath nó mall.

Ní hionann focal dá bhfuil i gcló thuas agus maíomh go ndearna an conradh ballraíochta a síníodh caoga bliain go ham seo leas na tíre ar gach bealach. Is leor cuimhneamh ar an drochmhargadh a rinneadh faoi thionscal na hiascaireachta. Thug an socrú róghéilliúil a rinneadh cead a gcinn do thrálaeir ó bhallstáit eile dul ag iascach sa chuid is mó de limistéar farraige na hÉireann.

Ainneoin na lochtanna áirithe a bhí ar an gconradh a shínigh Jack Lynch ar son na hÉireann sa Bhruiséil, chothaigh ár mballraíocht féinmhuinín náisiúnta agus caidreamh fiúntach le tíortha eile ar dhóigh nach raibh súil ag mórán leis i 1972.

Léiríonn gach suirbhé go bhfuil níos mó ná 80 faoin gcéad de vótálaithe an stáit i bhfabhar ballraíochta. Léiríonn an t-athrú ar ár meon Eorpach freisin nár chóir malairt aigne dá dhoimhne í a chur as an áireamh riamh. Fiú amháin i gcás uachtaráin.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo caoga bliain ó shin, a síníodh an conradh a chuir tús le ballraíocht na hÉireann san AE…'

  • An Teanga Bheo

    Bímis bródúil as a bheith Éireannach agus Eorpach,”Agus gan ballríocht don impireacht anois a M M

  • Eoin Ó Murchú

    Spéisiúil ACH: tá taibhse ag taithiú ar Eoraip, taibhse an European Project. Tá lucht stiúrtha an Aontais ag iarraidh stát feidearálach a chruthú as, stát a mbeidh cumas aige cur isteach ar an domhan sa gcaoi gur chuir na sean-impireachtaí Eorpacha. Féach ar a bhufil le rá ag Macron nó ag rialtas nua na Gearmá\ine. Agus cuimhnigh, faoi théarmai an Chonradh Maastricht is riail eigeantach san Aontas go mbeadh rialtas gach ballstáit ag cothú an mhargaidh. Níl cead leas an phobail a chur roimh saoirse comortasaiochta nó leas an mhargaidh aonair. Is faoi sin uilig is coir duinn a bheith ag déanamh diospóireachta sula ndéanann muid ceiliúradh.

  • Pádraig O'hEipicín

    Lig siad sios an Gaeilge go dona.