Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin bhí sochraid mhíleata i gCois Fharraige

Cuireadh Jimmy Ó Flatharta, óglach óg as an Spidéal i Reilig an Chnoic ar an 19 Samhain 1918

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin bhí sochraid mhíleata i gCois Fharraige

Céad bliain ó shin bhí eagar maith faoi na hÓglaigh i gCois Fharraige, a bhuíochas sin do Mhicheál Ó Droighneáin as an Tuar Beag i bParóiste an Chnoic, ball de Bhráithreachas na Poblachta. Nuair a scaoileadh an Droighneánach amach as géibheann i Meitheamh 1917, thug sé faoi eagar a chur ar na hóglaigh i gceantar an Spidéil. De réir na fianaise a thug sé féin féin do Bhiúró na Staire Míleata, bhí sé in ann leathchéad óglach a fháil ó chomhlachtaí  sa Spidéal agus ar an gCnoc, mí Bealtaine 1918, le súil a choinneáil amach d’fhomhuireán Gearmánach: bhí an scéal tagtha ó Michael Collins go raibh armlón ón nGearmáin le cur i dtír thart ar Chorr na Rón, ceithre mhíle siar ón Spidéal.  Mar a tharla níor tháinig an fomhuireán  mar gur rugadh air agus cuireadh go grinneall na farraige é sa Mhuir Thuaidh.

Faoi dheireadh na bliana 1918 bhí an fliú ag leathnú go fairsing ar fud na hEorpa agus ar fud na hÉireann. Fliú marfach a bhí ann. Ceaptar gur mharaigh sé thart ar 5% de dhaonra na hÉireann, daoine óga cuid mhaith acu.

I measc na ndaoine a maraíodh bhí an t-óglach Jimmy Ó Flatharta ón Spidéal, nach raibh ach scór bliain d’aois. 

Tí Lal ar an Spidéal

Cérbh é Jimmy Ó Flatharta? De réir an daonáirimh a tógadh i 1911, ba é an dara mac ba shine a bhí ag James Flaherty  agus a bhean Delia. Bhí George, a dheartháir, dhá bhliain níos sine ná é. Bhí George ina mhúinteoir bunscoile ar feadh na mblianta sa Spidéal. Tógadh Jimmy sa teach ceann tuí gleoite i sráidbhaile An Spidéil, atá ann i gcónaí. ‘Tí Lal’ a thugtar ar an teach sin atá beagnach caol díreach trasna an bhóthair ón Leabharlann. Ba dheirfiúr í Lal le Jimmy agus bhí deartháir eile aige darb ainm Máirtín, a bhí dhá bhliain níos óige ná é.

Mí Iúil 1918 bhí Jimmy os comhair na cúirte i nGaillimh in éineacht le Máirtín Ó Cualáin ó Bhoth Chuanna {Bothúna}, agus é curtha ina leith go raibh ‘unlawful assembly’ ar bun acu nuair a d’eagraigh siad tine chnámh sa Spidéal ar an 22 Meitheamh, 1918, le bua Sinn Féin sa bhfothoghchán i gcontae an Chabháin a cheiliúradh. B’in an fothoghchán inar toghadh Arthur Griffith ina MP.

Os comhair na cúirte, dúirt an Flathartach go mba ‘soldier of the Irish Republic’ é. De réir tuairisce sa gCuradh Connachtach (an 20 Iúil, 1918) faoin triail, cuireadh dhá mhí príosúin ar Jimmy Ó Flatharta, mar go ndúirt an R.M. go raibh an chuma ar an scéal go mba é a bhí ina cheannaire ar an druileáil a eagraíodh mar chuid den cheiliúradh sa Spidéal.

Roinnt imreoirí iománaíochta ó fhoireann an Spidéil, thart ar 1914. Tá Séamus Ó Flaithearta chun tosaigh ar thaobh na láimhe clé.

Deirtear ar a theastas báis, go raibh Jimmy tinn ar feadh deich lá, sular bhásaigh sé ar an 17 Samhain.

The ‘flu was raging towards the end of 1918, and we lost one of the most determined of the Spiddal Volunteers, Jimmy O’ Flaherty’ a dúirt Micheál Ó Droighneáin, ina chuid fianaise do Bhiúró na Staire Míleata faoin óglach óg ón Spidéal.

Cuireadh Jimmy i Reilig an Chnoic ar an 19 Samhain, 100 bliain ó shin agus tugadh sochraid mhíleata dó. Mháirseáil na hóglaigh siar go Reilig an Chnoic ón Spidéal ar Bhóthair Chois Fharraige. Seo é an cur síos atá ag an Droighneánach ar an tsochraid:

Half-a-dozen R.I.C. men followed behind the funeral, but did not come any nearer to the cemetery than the public road, a quarter of a mile away. We fired three volleys over the grave, with revolvers. The R.I.C. remained at the head of the boreen leading to the graveyard, until we had passed through, on our way home, but did not molest us, nor search us.

Tá cur síos ag an R.I.C. áitiúil faoin tsochraid chomh maith i dtuairisc chomhaimseartha a cuireadh ag an gCigire i nGaillimh. Bhí súil géar á coinneáil ag an R.I.C. ar an Droighneánach, ar ar bhaist siad ‘the most dangerous man at large’.

On 19th Nov. ’18, he [Micheál Ó Droighneáin] marched in fours with a party of 39 other Sinn Féiners from Spiddal to Knock graveyard after a hearse conveying the remains of Jas Flaherty for interment there. Flaherty held the rank of Captain of the Sinn Féin volunteers. Before burial one revolver shot was fired & after burial three more were fired… The police could not identify the persons who fired the shots.

Ní hiontas ar bith é nach bhféadfaidís na daoine a scaoil na hurchair a aithint mar de réir scéala, d’fhanadar ina seasamh ar an bpríomhbhóthar, i bhfad ón uaigh ina raibh Jimmy Ó Flatharta á chur ag a chomrádaithe mar óglach de chuid Phoblacht na hÉireann. 

Tharla sochraid mhíleata an Chaptaein Jimmy Ó Flatharta i Reilig an Chnoic, cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, ar an 19 Samhain 1918.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin bhí sochraid mhíleata i gCois Fharraige'