Cuntas Facebook dúnta toisc ainm Gaeilge seachas ‘fíorainm’ a bheith in úsáid

Tá an suíomh sóisialta Facebook fós ag dúnadh cuntais daoine mar gheall ar ainm Gaeilge a bheith in úsáid acu

3376955055_b0aba92518_o

Ní den chéad uair atá Facebook tar éis cuntas a dhúnadh toisc nár cruthaíodh gur “fíorainm” an úsáideora a bhí i gceist. Laoiseach Ní Choisdealbha an t-ainm atá luaite leis an gcuntas a dúnadh an turas seo.

Dúirt Ní Choisdealbha, as Dún na nGall, le Tuairisc.ie go bhfaca sí teachtaireacht ar a leathanach baile an tseachtain seo caite a d’iarr uirthi cruthúnas a thabhairt do Facebook gurb é a fíorainm a bhí in úsáid aici ar an suíomh. Rinne sí neamhaird ar an teachtaireacht go dtí Dé Máirt na seachtaine seo nuair a dúnadh a cuntas.

Is é Lucy Costello an t-ainm atá ar theastas breithe Laoisigh chomh maith le cáipéisí aitheantais oifgiúla eile agus mar sin ní raibh aon chruthúnas oifigiúil aici gur faoin ainm Laoiseach Ní Choisdealbha is fearr atá aithne uirthi. Tar éis do Laoiseach teagmháil a dhéanamh le Facebook, osclaíodh an cuntas arís ach faoin leagan Gallda dá hainm agus teachtaireacht curtha chuici nach bhféadfadh sí a hainm a athrú go brách arís.

Is é deir lucht Facebook féin go n-iarrtar ar úsáideoirí a “bhfíorainmneacha” a úsáid ar an suíomh – is é sin le rá an t-ainm a thugtar ar dhuine go hiondúil ó lá go lá – go mbeidh a fhios ag úsáideoirí eile “cé leis a bhfuil siad ag caint”.

Is iníon léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Laoiseach atá ina hOifigeach Gaeilge i gComhaltas na Mac Léinn. Dúirt sí le Tuairisc.ie gur fearr an aithne atá ag daoine uirthi faoina hainm Gaeilge ó thosaigh sí a cuid staidéir san ollscoil trí bliana ó shin.

“D’iarr mé ar an gComhaltas an leagan Gaeilge a úsáid nuair a bhí mé ag rith sa toghchán don oifig agus is é an t-ainm sin atá in úsáid agam do ghnóthaí an Chomhaltais. Tá filíocht agus rudaí eile scríofa agam freisin agus é uilig faoin ainm Laoiseach Ní Choisdealbha.

“Tá mé ag múineadh Gaeilge sa Ghearmáin don samhradh agus bhí mearbhall ar mo chuid daltaí agus cairde nua anseo nuair a chonaic siad an t-ainm athraithe ar Facebook an tseachtain seo. Ní úsáidim Lucy chomh minic sin ach amháin le seanchairde scoile, b’fhéidir. Is é ‘Laoiseach’ a thugann formhór na ndaoine orm,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt sí freisin go síleann sí gur iarr Facebook cruthúnas faoina hainm a chur ar fáil toisc gur tuairiscíodh a cuntas ach nach bhféadfadh sí a bheith cinnte nach ndéanann Facebook cuntais a bhfuil litriú neamhchoitianta orthu a dheimhniú go fánach.

Bhí tuairisc ag an iris Nós ar scéal cosúil le scéal Laoise níos luaithe i mbliana a bhain leis an scríbhneoir Gabhán Ó Fachtna agus tá a macasamhail de scéalta á dtuairisciú in Albain agus i measc na mbundúchasach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Cuirtear cosc freisin, de réir téarmaí agus coinníollacha úsáide Facebook, ar “ceannlitriú as an ngnách”. Ciallaíonn sé sin go n-athraítear go huathoibríoch sloinnte fear ar nós “Ó hÉanacháin”, “Ó hÓistín” agus “Ó hAdhmaill” go “Ó Héanacháin”, “Ó Hoistín” agus “Ó Hadhmaill”.

Agus an scéal seo á chur i gcló, ní bhfuarthas aon fhreagra ó Facebook ar na ceisteanna a chuir Tuairisc.ie orthu faoin ábhar seo.

Fág freagra ar 'Cuntas Facebook dúnta toisc ainm Gaeilge seachas ‘fíorainm’ a bheith in úsáid'

  • Darragh Ó Náraigh

    Tá facebook ag déanamh leatrom agus tromaíocht orainn. É sin ráite, is léir go bhfuil fadhb mhór dúinn ár nainm Gaelach a úsáid -ní dheachaigh lucht stocaireachta na Gaeilge i ngleic leis an bhfadhb seo tá a lán daoine le hainmeacha gallda ar a gcuid cáipéisí ach a úsáideann leagan Gaeilge dá nainm -dá dteastódh uathu a nainm a athrú, bheadh sé thar a bheith deacair agus de thairbhe seo,cuirtear bac ar dhaoine a nainm Gaeilge a úsáid -ba chóir go mbeidh tú ábalta an dá leagan de d’ainm a chuir ar do chuid cáipéisí aitheantais dá dteastódh uait,déantar é seo i dtíortha eile.I Hong Cong mar shampla, is féidir leat ainm Sínise scríofa le carachtair a fháil ar do ID card chomh maith le hainm Béarla /traslitrithe mas mian leat.Cén fáth nach féidir réiteach ar mhúnla mo shampla a bheith againn in Éirinn?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Réiteach simplí: duine amháin, ainm amháin.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bíodh ainm amháin ort agus cloí leis.

    Déan fiosruithe le dlíodóir an dtig dearbhú a fháil leis an leagan Béarla ar do theastas breithe a athrú go Gaeilge – má tá sé beartaithe agat an leagan Gaeilge a úsáid ó seo amach.

    Níl ciall ar bith leis an ‘pearsantacht dhúbailte’.

  • Darragh Ó Náraigh

    Seasaim le mo phointe agus mo mholadh -s mór an trua nach dtuigeann na tráchtaí thuas mo phointe.Seo cad tá á mholadh agam:3 rogha do mhuintir na hÉireann: 1 is féidir ainm Gaeilge agus ainm Gaeilge amháin a bheith ar do phas 7rl nó: 2 is féidir ainm Béarla agus ainm Béarla amháin a bheith ar do chuid cáipéisí más mian leat nó rogha a 3: ní gá roghnú idir leagan amháin thabharfaí cáipéis oifigiúil duit a thabharfadh aitheantas oifigiúil don dá leagan de do ainm,thabhfarfadh sé sin stádas oifigiúil don leagan Gaelach agus ní bheadh ort an tainm a athrú ar do phas,teastais scoile cuntais bhainc 7rl

    Mar a luaigh mé tá sé thar a bheith costasach agus deacair do dhuine fásta ainm a athrú, cruthaíonn sé fadhbanna ma theastaíonn uait viosa a fháil,má tá tú i di chónaí thar lear,tá tuilleadh deacrachtaí nach féidir slánú.

    Agus ní féidir an tainm a athrú at theastas breithe.

    Ar phas na Gréihre,scríobhtar an tainm faoi dhó – litreacha Gréigise +Rómhánacha rud céanna fíor faoin Rúis, tíortha Arabacha, tíortha san áis ar nós na Téalainne, na Síne na Seapáine 7rl

    Tá ainm oifigiúil Sínise agam i Hong Cong (níl sé éigeantach d’eachtranaigh)agus scríobhtar an dá leagan ar litreacha a sheolann an rialtas chugam.

    Ba chóir an dátheangach a aithint,ba chóir stop a chuir leis an drogall a chuirtear ar dhaoine gan leagan Gaeilge dá nainm a úsáid agus ba chóir réiteach praicticiúil a dhéanamh ar an bhfadhb seo.