Cosc curtha deich mbliana ó shin ar phlé ar an neamhréir idir pá fhostaithe RnaG agus RTÉ

Léiríonn cáipéisí go raibh aighneas i measc Chomhairle RnaG in earrach na bliana 2015 nuair nár tugadh cead plé a dhéanamh ar chomhionannas pá a bhaint amach idir clár-reachtairí RnaG agus a gcomhghleacaithe i mBaile Átha Cliath

Cosc curtha deich mbliana ó shin ar phlé ar an neamhréir idir pá fhostaithe RnaG agus RTÉ

D’fhág an neamhréir idir pá fhostaithe Raidió na Gaeltachta agus oibrithe eile RTÉ go raibh sé ina raic idir baill de chomhairle an stáisiúin nach mór deich mbliana ó shin.

Tá ceist an phá I mbéal an phobail arís le tamall agus plé déanta ar an éagothroime sa Dáil ag coistí Oireachtais.

De réir cáipéisí a cuireadh ar fáil do Tuairisc, bhí aighneas i gComhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta in earrach na bliana 2015 nuair nár tugadh cead ag cruinniú de chuid na Comhairle plé a dhéanamh ar chomhionannas pá a bhaint amach idir clár-reachtairí RnaG agus a gcomhghleacaithe a bhí ag obair ar stáisiúin raidió RTÉ i mBaile Átha Cliath.

Rinne ball amháin den chomhairle, Peadar Mac an Iomaire, iarracht an scéal a phlé ag cruinniú ar an 6 Márta an bhliain sin ach, de réir miontuairiscí an chruinnithe, dúirt Cathaoirleach na comhairle go raibh comhairle faighte aige nach raibh ábhar na cáipéise oiriúnach don chomhairle. Is cosúil go raibh an Chomhairle agus lucht bainistíochta den tuairim sin mar gur bhain an scéal, dar leo, le coinníollacha oibre agus gur cheist don ceardchumann a bhí inti dá réir.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

De réir na gcáipéisí, dúirt Peadar Mac an Iomaire go raibh sé “riachtanach” go dtabharfaí aitheantas do chlár-reachtairí Raidió na Gaeltachta atá ar a laghad chomh cumasach agus díograiseach lena “gcomhbhádóirí sa mháthair-eagraíocht.”

Dúirt sé go raibh iarracht déanta roimhe sin tuarastal teicneoirí in RnaG a chur ag leibhéal níos ísle ná teicneoirí RTÉ i mBaile Átha Cliath ach gur throid a gceardchumann ina choinne sin agus gur cinntíodh gur ag an scála céanna tuarastail a bheadh an dá dream.

“Níl aon amhras i súile phobal éisteachta Raidió na Gaeltachta nach iad Clár-Reachtairí an stáisiúin seaimpíní na craoltóireachta Gaeilge agus gur orthu atáthar ag brath leis an bhforás atá muid ar fad a shamhlú agus a bheartú don stáisiún a chur i bhfeidhm,” a scríobh Mac an Iomaire sa cháipéis inar leag sé amach an cás don chomhionannas pá.

Dúirt Peadar Mac an Iomaire nach raibh cúram déanta ag RTÉ den mhíshástacht a bhí léirithe ag baill foirne RnaG agus go raibh sé riachtanach go dtabharfaí aghaidh ar an dúshlán.

Tar éis do Chathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta cinneadh a dhéanamh gan plé ar an gcáipéis a cheadú ag an gcruinniú, scríobh Mac an Iomaire chuig baill na comhairle ag rá go raibh sé “an-bhuartha faoin tuairisciú míchruinn” a bhí i miontuairiscí an chruinnithe.  Dúirt sé freisin gur léir gur bhain an cheist le forbairt acmhainní foirne agus go raibh cead faoi chairt na comhairle na cúrsaí sin a phlé.

“Is mó an t-údar imní do RTÉ, Cathaoirleach na Comhairle agus Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheith ag bac cáipéise ar fhorbairt acmhainní foirne san eagraíocht ná cuid bheag den cháipéis a bheith ag sárú Cairt RTÉ Raidió na Gaeltachta, rud nach n-aontaím a bheith amhlaidh,” a dúirt sé.

I litir a cuireadh ar ais chuig Mac an Iomaire ó na baill eile den chomhairle, dúradh go chuir an litir “iontas” orthu agus go raibh “ard-mhuinín” acu as an gcathaoirleach, an rúnaí agus ceannaire RnaG.

“Rinne an Cathaoirleach soiléir dúinn i ríomhphost ar an 2ú Márta go raibh deacrachtaí aige le do cháipéis ar roinnt cúiseanna bunúsacha,” a dúradh. “Bhí na baill eile den Chomhairle a bhí i láthair sásta glacadh leis sin agus tá go fóill.”

I litir eile a sheol Mac an Iomaire chuig baill na comhairle ar an 29 Deireadh Fómhair 2015, dúirt sé gur trua nach mbeadh an chomhairle “ag breathnú go ciallmhar agus go báúil ar fhorbairt na hacmhainne is luachmhaire dá bhfuil ag Raidió na Gaeltachta, sin an fhoireann Clár-Reachtairí”.

“Mara n-athraítear port i leith an chomhionannais do Chlár-Reachtairí Raidió na Gaeltachta, beidh an-chosúlacht idir a gcás agus cás na bhairdéirí príosúin in Éirinn timpeall an ama a raibh Éirí Amach na Cásca ar siúl i 1916.” a dúirt Mac an Iomaire.

“Beidh an-chosúlacht idir a gcás agus cás na bhairdéirí príosúin in Éirinn timpeall an ama a raibh Éirí Amach na Cásca ar siúl i 1916. Bhuaigh na bhairdéirí príosúin a gcás le Bord Ginearálta na bPríosún in Éirinn agus Ard-Rúnaí Státchiste na Breataine faoi Shamhain 1917. Is críonna an té a déarfadh cén toradh a bhéas ar chás an chomhionannais atá ag clár-reachtairí.”

Tá an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ fós ag cothú aighnis beagnach deich mbliana ina dhiaidh seo.

Tugadh le fios le déanaí go bhfuil tuarascáil, atá bunaithe ar athbhreithniú ar na scálaí pá ar fad atá i bhfeidhm in RTÉ, le cur faoi bhráid na foirne an mhí seo. Cuireadh tús leis an athbhreithniú in 2021.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ an mhí seo caite nach bhféadfadh sé labhairt faoi mholtaí na tuarascála nó go mbeadh scagadh déanta aige orthu ach go bhfuil cás le freagairt ag an gcraoltóir faoin neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ.

Fág freagra ar 'Cosc curtha deich mbliana ó shin ar phlé ar an neamhréir idir pá fhostaithe RnaG agus RTÉ'