Cosaint déanta ar sheasamh an Rialtais maidir le ‘Béarlachas’

Agus ceist Dála faoin mBéarlachas á freagairt aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh 65,000 téarma nua Gaeilge curtha le bunachar téarmaíochta an AE

Cosaint déanta ar sheasamh an Rialtais maidir le ‘Béarlachas’

Tá breis agus 65,000 téarma nua Gaeilge curtha le bunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh le 11 bliain anuas.

An Seanadóir Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta, a thug an méid sin le fios i bhfreagra ar cheist Dála scríofa a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Seán Haughey air le déanaí.

Bhain ceist Haughey leis an méid “Béarlachais” atá le cloisteáil i bhfocail nua sa Ghaeilge, dar leis. Mhaígh Haughey go raibh seo ag tarlú fiú sa chás go mbíonn focail Ghaeilge ann cheana agus bhí sé ag iarraidh fáil amach cad a dhéanfadh an tAire chun “dul i ngleic leis an fhadhb”.

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá i mbun an tionscadail chun téarmaí nua Gaeilge le bunachar téarmaíochta ilteangach an Aontais Eorpaigh, IATE.

As na teangacha ar glacadh leo mar theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh in 2004, tá an Ghaeilge sa dara háit, taobh thiar den Pholainnis, ó thaobh líon na dtéarmaí nua a cuireadh leis an bhunachar.

65,592 téarma Gaeilge ar fad a cuireadh leis an bhunachar téarmaíochta ó cuireadh tús leis an tionscadal in 2009 agus beidh sé á mhaoiniú go dtí 2021.

Dúirt Seán Kyne go raibh a Roinn ag obair i gcomhpháirt le hinstitiúidí éagsúla chun forbairt a dhéanamh ar réimse tograí téarmaíochta agus foclóireachta Gaeilge.

Léiriú ab ea tionscadal an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge, agus tograí foclóireachta eile de chuid Fhoras na Gaeilge, ar an Ghaeilge labhartha, a dúirt Kyne.

“Is cuid nádúrtha d’aon teanga é go mbeadh focail ó theangacha eile ag teacht isteach ina foclóireacht agus cé go bhfuil daoine ann arbh fhearr leo go mbeadh úsáid á baint as focail dhúchasacha i gcónaí, bíonn an tsochtheangeolaíocht casta agus ag forbairt i ngach teanga,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúradh chomh maith go bhfuil an Coiste Téarmaíochta Gaeilge ann chun a chinntiú go mbíonn “caighdeán údarásach” le gach téarma nuachumtha sa Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ar sheasamh an Rialtais maidir le ‘Béarlachas’'

  • Fidelma

    Feictear dom go bhfuil míthuiscint ar go leor daoine faoi céard is Béarlachas ann. Baineann Béarlachas le comhréir nó dul nádúrtha na teanga agus samplaí is ea ‘Tá sé fear’, ‘Cén praghas atá na ticéid?’ agus ‘Tá sé suas agat féin’. Focail iasachta a thógtar ó theangacha eile is iasachtaí iad, ar nós hata, cóta, caipín, seaicéad, treabhsar, bríste, sciorta, blús, gúna, stoca, etc.

  • Victor

    B’fhearr don Uasal Haughey gan ach Gaeilge a labhairt sa Dáil amach anseo agus ceist ghéirchéime na Gaeilge sa Ghaeltacht, fadhbanna tithiochta sa Ghaeltacht, ganntanas gaelscoileanna agus gaelcholáistí, cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge a ardú más suim leis cúrsaí na Gaeilge seachas am a chaitheamh a leithéid de cheisteanna.