Cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge an mhórsprioc – ceannasaí nua Údarás na Gaeltachta

Earnáil an fhuinnimh in-athnuaite an deis is mó atá ag an nGaeltacht ó thaobh na heacnamaíochta agus na fostaíochta, a deir Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta 

Cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge an mhórsprioc – ceannasaí nua Údarás na Gaeltachta

Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, agus Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair

Deir Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta gurb í an “mhórsprioc” atá aige ná cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, a chuir tús lena thréimhse mar phríomhfheidhmeannach an tseachtain seo, go dtabharfadh sé tús áite ina chuid oibre do chosaint agus do chur chun cinn “teanga, oidhreacht agus cultúr” na Gaeltachta.

“An mhórsprioc atá agam ná líon na gcainteoirí Gaeilge atá againn a choinneáil agus ansin cur leis. Tá an fhorbairt pobail agus an fhorbairt eacnamaíochta riachtanach chun é sin a bhaint amach ach ag tacú leis an mórsprioc ó thaobh na teanga atá siad,” a dúirt Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.

Dúirt Ó Síocháin go raibh dearcadh “an-dearfach” aige faoina a bhfuil i ndán don Ghaeltacht. Dúirt sé go “obair iontach” déanta ag an Údarás leas a bhaint as “réabhlóid na cianoibre” chun daoine a mhealladh chun cónaí sa Ghaeltacht.

Deir Ó Síocháin gur sampla é féin de dhuine a mealladh chun na Gaeltachta mar gheall ar cheangal a bheith aige leis an nGaeilge.

“Mo sheanmháthair, cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht Mhaigh Eo ab ea í a bhog go dtí contae an Chláir, an áit ar tógadh mise, ach dhá ghlúin níos déanaí maireann an nasc sin, agus an nasc sin a d’fhág go bhfuil Gaeilge agamsa agus a mheall chun na Gaeltachta mé.”

Earnáil an fhuinnimh in-athnuaite agus “na hearnálacha atá cliathánach léi” an deis is mó atá ag an nGaeltacht ó thaobh na heacnamaíochta agus na fostaíochta, dar leis.

“Caithfear ullmhú láithreach lena chinntiú go mbeidh na daoine againn a bhfuil na scileanna áirithe atá ag teastáil don earnáil sin againn agus caithfimid a chinntiú chomh maith go bhfuil na an t-infreastruchtúr againn leis na deiseanna sin a thapú.”

Luaigh sé go sonrach plean feirm ghaoithe a fhorbairt ag carraigeacha na Sceirdí siar ó chósta Charna i gConamara.

Maidir leis an bpleanáil teanga, dúirt ceannasaí nua an Údaráis nach ionann an plean atá ag teastáil ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla agus go gcaithfí a chinntiú go mbeadh gach plean “in oiriúint dá cheantar”. Tharlódh sin de réir mar a thiocfaidh “éabhlóid” ar an bpróiseas pleanála teanga agus de réir mar a bheidh daoine “i ngréasán” na pleanála teanga ag foghlaim óna chéile, a dúirt sé.

“Ní bhíonn aon rud a thagann glan nua as an mbosca ceart críochnúil ón tús. Tá obair mhaith ar siúl ach tiocfaidh múnlaí agus seifteanna nua chun cinn,” a deir sé.

I measc na spriocanna eile atá aige, luaigh sé forbairt “obair cheannródaíoch” na g-teiceanna Gaeltachta, agus forbairt infreastruchtúir agus áiseanna pobail na Gaeltachta. Dúirt sé go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Chaithfí fanacht ar na treoirlínte pleanála nua atá á bhforbairt ag an Rialtas chun an cineál róil a bheadh ag an eagraíocht sa réimse sin “a shoiléiriú,” ar sé.

Maidir le ról díreach a bheith ag an Údarás i gcúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht, dúirt sé go gcaithfí a bheith “cúramach” faoi sin mar go bhféadfadh “an baol” a bheith ann go gcuirfeadh a leithéid de dhualgas “srian le gnéithe eile d’obair na heagraíochta”.

Dúirt sé go raibh sé mar sprioc “an-mhór” aige go n-éireodh leis “próifíl na hoibre atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta a ardú” agus go mbeadh “tuiscint níos fearr ag pobal na Gaeltachta agus go náisiúnta” ar an obair “thábhachtach fhiúntach” atá ar siúl ag an eagraíocht.

“Ní ar mhaithe le haitheantas a fháil é sin ach chun gur féidir cur leis an obair atá ar siúl, daoine a mhealladh chun na Gaeltachta agus, mar a dúirt mé, an mhórsprioc, cur le líon na gcainteoirí Gaeilge,” a deir sé.

Inné a bhí an cruinniú boird deireanach den bhliain ar siúl in Ard-Oifig an Údaráis. Tiocfaidh deireadh go luath le téarma an bhoird atá faoi láthair ann.

Chuir an bord fáilte roimh an bpríomhfheidhmeannach nua agus cheadaigh an bord deontais do 209 post nua.

Bhain 45 de na poist nua sin le Aran Biomedical, comhlacht fearais leighis sa Spidéal.

Tá an tÚdarás ag tacú le 53 post i Cora Tine ar an bhFál Carrach i nDún na nGall, comhlacht a bhíonn ag plé le trealamh a dhéanann monatóireacht ar chúrsaí teochta agus comhshaoil.

15 post a bheidh á gcruthú idir seo agus 2025 ag Meangadh Fíbín Teo, an comhlacht léiriúcháin i gConamara. Tá sé i gceist ag Aran Woollen Mills i nGaeltacht Mhaigh Eo 37 duine breise a fhostú agus 14 post nua atá beartaithe ag Seacláidí na Sceilge i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Seachtar atá le fostú mar chuid d’fhorbairt na grúdlainne Tá an Craic sna Cnoic i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt an príomhfheidhmeannach nua, Tomás Ó Síocháin, gur léirigh na postanna nuafhógartha “tionchar obair Údarás na Gaeltachta ar bhonn leanúnach sna ceantair Ghaeltachta”.

“Is céim thábhachtach í an fhostaíocht i dtreo pobail agus teanga a bhuanú sna ceantair Ghaeltachta agus mar phríomhfheidhmeannach, tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le foireann an Údaráis chuige sin agus ag tógáil ar an obair mhór atá déanta leis na blianta fada,” arsa Ó Síocháin.

Fág freagra ar 'Cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge an mhórsprioc – ceannasaí nua Údarás na Gaeltachta'

  • Pádraig Ó Sabhain

    Go n-éirí ádh leat a Thomás Ó Síocháin!