Corto, Tintin, Astérix, Bónapárt…agus seo chugainn anois Zoé agus ‘Corp an Duine Uasail’

LÉIRMHEAS: Tá na húrscéalta grafacha ag teacht chun cinn go tréan i litríocht an Gaeilge. Ní fhéadfá traidisiún a thabhairt air fós ach nára fada uainn é

Graphic Novels

I mbeagán focal, tá rud éigin speisialta faoi Corp an Duine Uasail. Tá sé breá stuama mar leabhar, cinnte, ach tá draíocht ar leith ag baint le pictiúir Phénélope Bagieu, maisitheoir óg as Páras na Fraince. Zoé an príomhcharachtar. Í dathúil, mealltach, cúthail, láidir, lag, teanntásach ar a seal. Tá post marbhánta aici agus leimhe an tsaoil ag luí go trom uirthi. Gan choinne casann sí le duine nua a chuireann cor ina cinniúint – plota simplí, gan amhras, ach tá doimhne ag roinnt le Zoé agus bá againn léi dá réir.

An scéal féin agus na painéil táid idir ghreannmhar (rinne mé gáire os ard liom féin), ghnéasach (titfidh tú i ngrá leis na carachtair) agus ghleoite. Tá rud éigin in easnamh ar an scéal ar an iomlán, áfach – b’fhéidir gur críoch ró-obann is cúis leis nó gurb amhlaidh nach bhfuil an scéal fada a dhóthain le feabhas an mheáin seo a léiriú i gceart.

Bíonn saoirse níos mó ag an scéalaí agus é an cartún ina mheán aige. Tá roinnt leathanach ann gan oiread is focal orthu, radhairc bheaga thomhaiste a ligeann isteach i saol na ndaoine seo thú.

Tá sé fíor-Fhrancach go deo mar leabhar. Is féidir boladh na stéigeacha gan chócaráil a fháil ar gach leathanach. Tá rian na tíre le feiceáil ina dhreach is ina dhéanamh, ina chuid dathanna agus i línte na gcarachtar. Ní hiontas ar bith an méid sin óir tá cultúr na mbandes dessinées an-láidir sa Fhrainc.

Tá an t-aistriúchán féin go maith agus roinnt maslaithe deasa traslitrithe ann –  ‘foc saéc’ is ‘balacs’ – cé go mb’fhéidir go gcuirfeadh sin agus roinnt focal eile Béarla as do lucht na glan-Ghaeilge gaelaí. Tá logánú cliste déanta ach seans go ngabhann sé pas beag thar fóir in áit nó dhó. Tríd is tríd, caint éasca shaoráideach Chonamara atá le léamh ann.

Éiríonn freisin leis an scéal i dtástáil chomhionannais Bechdel mar is iontach na carachtair ban atá ann. Ar an taobh eile, cuirtear na fir inár láthair mar leibidí críochnaithe ach scéal thairis é sin…

Is léir go mbíonn muintir Leabhar Breac an-chúramach agus iad ag roghnú na leabhar atá le haistriú acu. Ní haon eisceacht é an ceann seo. Chuile sheans nach léifinn é seo go brách murach é a bheith tiontaithe go Gaeilge. Is maith é scóip na litríochta againn a bheith á leathnú.

Tá an-dul chun cinn déanta ag na húrscéalta grafacha sa Ghaeilge le scaitheamh anuas. Chuir Cló Mhaigh Eo scéalta dúchais na tíre inár láthair go gleoite cheana agus rinne Leabhar Breac Corto Maltese a aistriú do na Gaeil leis. Féach go bhfuil Tintin agus Astérix againn anois chomh maith, anuas ar leagan slachtmhar de An Béal Bocht (cé nár chuir sé mórán leis an mbunsaothar, dáiríre).

Cuireann Corp an Duine Uasail leis an liosta seo agus is céim eile é i dtreo traidisiún úrscéalta grafacha liteartha a bheith againn. Molaim é, go háirithe más mian leat rud éigin úr friseáilte sa Ghaeilge a léamh. Ach an mise an t-aon duine amháin atá ag iarraidh rud éigin níos tathagaí arís? Cad faoi rud éigin le Alan Moore?

Bronnadh an Prix des Cheminots SNCF ar an leabhar ag Féile Angoulême na Fraince. Corp an Duine Uasail, Pénélope Bagieu €12.00 (bog), 128 lch.

Fág freagra ar 'Corto, Tintin, Astérix, Bónapárt…agus seo chugainn anois Zoé agus ‘Corp an Duine Uasail’'