Corpoideachas agus ábhar eile le teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Béarla

D'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna ar maidin go gcuirfear tús le Clár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha i 22 scoil agus ionad luathoideachais i Meán Fómhair

Corpoideachas agus ábhar eile le teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Béarla

Cuirfear tús i Meán Fómhair na bliana seo le scéim ina mbeidh an Ghaeilge á teagasc tríd an gcorpoideachais agus ábhair eile i 22 scoil agus ionad luathoideachais Béarla ar fud na tíre.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh ar maidin go mbeidh dhá thréimhse i gceist leis an scéim phiolótach ina mbainfear úsáid as cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT).

Tréimhse forbartha a bheidh sa chéad tréimhse den scéim, an scoilbhliain 2019/2020,  ina ndéanfar clár agus acmhainní a fhorbairt do mhúinteoirí agus oibrithe a bheidh ag glacadh páirte inti. Bunófar Grúpa Stiúrtha chun tabhairt faoin obair fhorbartha seo.

Cuirfear tús leis an dara tréimhse den tionscnamh in 2020/2021, tráth a gcuirfear le líon na scoileanna agus ionad luathoideachas a bheidh páirteach inti.

Mar chuid den scéim tabharfar cabhair d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge an fhoghlaim chomhtháite a chur i bhfeidhm i gcás nuatheangacha iasachta.

D’fhéadfaí, mar shampla, an Corpoideachas a theagasc trí mheán na Gaeilge i scoil atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla, nó trí Fhraincis i scoil atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla.

Dúirt an tAire Joe McHugh gur ag cur leis an scéim a bheifear i ndiaidh 2020/2021.

“Ní cóir dúinn stopadh ag an bpointe seo. Ba chóir go mbeadh sé mar sprioc againn rath a chur ar an gcur chuige nua seo agus breathnú air mar dheis iontach don leathnú chuig ábhair eile, cosúil le ceol, eolaíocht, ealaín nó matamaitic, i scoileanna.

“Mholfainn do pháirtithe leasmhara freastal ar an seisiún eolais FCÁT a bheidh ar bun go luath agus tacú le múinteoirí agus le daoine óga páirt a ghlacadh sa tionscnamh ríthábhachtach agus nuálach seo.”

Dúirt an tAire gur ” dea-theist ar bheocht agus ar bheogacht teanga daoine óga a bheith ag sóisialú, ag spraoi agus ag súgradh sa teanga”.

“Trí ghníomhaíochtaí mar seo is féidir linn tacú lenár ndaoine óga ceangal a bheith acu leis an teanga agus úinéireacht a ghlacadh uirthi. In eacnamaíocht dhomhanda iar-Bhreatimeachta, caithfimid a chinntiú go mbíonn daoine óga gafa ar bhealach a chothaíonn dátheangachas nó fiú ilteangachas, scil a thacóidh leis an bhforbairt eacnamaíochta sa todhchaí,” arsa Joe McHugh.

Beidh ionadaithe ar ghrúpa stiúrtha na scéime ó Choláiste Mhuire gan Smál/Ollscoil Luimnigh, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, OCBÁC, Ollscoil Mhaigh Nuad, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG), Tionscnamh Teangacha Iar-Bhunscoile (PPLI) agus an Roinn Oideachais.

Tá cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Gealladh i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge go ndéanfaí taighde i mbliana ar conas a d’fhéadfaí an páirt-tumadh a thabhairt isteach i scoileanna na tíre, is é sin go mbeadh deis ag daltaí i scoileanna Béarla ábhar nó ábhair a fhoghlaim trí Ghaeilge.

Gealladh chomh maith go gcuirfear tús ar bhonn píolótach idir 2019-2021 i roinnt scoileanna leis an gClár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha.

Fág freagra ar 'Corpoideachas agus ábhar eile le teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Béarla'

  • Tomás O Dúlaing

    Tá súil agam go mbeidh an Gheailge ag na múinteoiri chun an scéim dhearfa seo a chur i bhfeidhm.

  • Gabriel Rosenstock

    An gceilfear Corpoideachas (trí mheán na Gaeilge) orthu siúd a fuair díolúine ón nGaeilge?