Corcra, uaine is geal, dathanna an lae – caithimis le bród iad

Aon orlach de dhul chun cinn a dhein bantracht na cruinne, is trí allas is agóid a dheineadar é

Corcra, uaine is geal, dathanna an lae – caithimis le bród iad

Pictiúr: Kheel Center / Flickr

Nach aoibhinn bheith baineann i mbliain ‘bheannaithe’ seo 2022.

An lá a dul i bfaid. Laincisí Covid scaoilte, cead ár gcos arís againn an domhan a shiúl más é is mian linn. Nó fanacht ag baile más é is ansa linn.  Is fúinn féin atá.

Lá Idirnáisiúnta na mBan againn inniu.

Corcra, uaine is geal, dathanna an lae. Caithimis le bród iad.

Siar amach i dtús an chéid seo caite, i 1908 mháirseáil breis is cúig mhíle dhéag bean trí shráideanna Nua-Eabhrac ag éileamh cearta, idir uaireanta réasúnta oibre, ardú pá agus gan dabht cearta vótála.

Ní fada ina dhiaidh san ag Comhdháil Idirnáisiúnta Mná Oibre i gCóbanhávan gur aontaíodh gur chóir Lá Idirnáisiúnta Ban a cheiliúradh go forleathan.

Glacadh leis mar mholadh agus riamh anall deintear an ócáid a cheiliúradh a bheag nó a mhór i bhformhór gach tír sa domhan ina léirítear meas ar mhná agus a mbíonn ardán acu.

Ba dhóigh le haon duine sibhialta gur beag an dá riachtanas iad san, meas a léiriú agus ardán a thabhairt do mhná, arb iad breis is leath de dhaonra an domhain iad.

A’ féachaint ar mhianta Chomhdháil Náisiúnta na mBan in Éirinn do mhná in 2022 tá suas le leathdhosaen éigin  éileamh atá bunúsach go maith i dtír a mheasann a daonra iad a bheith sibhialta, sofaisticiúil go maith.

Cuirtear deireadh le héagothromaíocht pá.

Cuirtear áiseanna cúram leanaí ar fáil.

Cuirtear seirbhís sláinte, áitiúil, dlíthiúil agus saor in aisce ar fáil.

Cuirtear deireadh le foréigean fear i gcoinne na mban.

Cuirtear tearmann ar fáil i ngach contae in Éirinn do mhná atá ar a dteitheadh ón bhforéigean céanna.

Aon orlach de dhul chun cinn a dhein bantracht na cruinne, is trí allas is agóid a dheineadar é. Níor síneadh ar phláta chucu é, sin siúrálta. Níl faic gan faic sa tsaol seo a chualamar riamh.

Ach cad atá bunoscionn le fearaibh, caithfear an cheist a chur.

Tuairiscítear bean as gach ceathrar a bheith ionsaithe sa tír seo. Duine as gach ochtar ionsaithe agus í ag iompar clainne.  Ardú 200% ar ghlaonna déanta ag mná ’dtí seirbhísí tarrthála le linn na dianghlasála. Cúram an Gharda Síochána a’ freagairt na nglaonna céanna, faillitheach.

An aidhm is mó atá ag an eagraíocht Cúnamh do Mhná [Women’s Aid] ná seirbhís a thabhairt ina n-éisteann siad le mná. Go gcreideann siad a scéal agus go dtugann tacaíocht dóibh. Ní beag mar aidhmeanna iad san.

I ndomhan beag seo na hÉireann ina bhfuil leath den daonra ar deireadh ag éirí óna nglúine tar éis na gcianta de dhaorsmacht eaglasta is stáit, deinimis ceiliúradh ar a misneach.

Tagann agus tiocfaidh amhailt nó dhó amach as poll an iarta agus ceisteoidh cead duine méar a dhíriú ar an mbligeardaíocht leanúnach atá déanta agus á déanamh. An fuath do mhná go smior sna buachaillí báire seo a sheasann go poiblí le fearaibh ‘bheannaithe’ na mbréag, na criminales con sotanas, gan scáth gan náire.

Smacht a bheith ar a saol, agus go háirithe a colainn, ag bean maraíonn sé sin iad. Cuireann sé le gealaigh iad.

Ní mór ná go mbeadh trua agat dóibh, na muca bochta cloíte.

8 Márta 2022, Lá na mBan abú.

Corcra, uaine is geal, dathanna an lae.

Caithimis le bród iad.

Fág freagra ar 'Corcra, uaine is geal, dathanna an lae – caithimis le bród iad'

  • Pat Nutler

    Tá ráite agat gan cam an fhírinne ghlan ansin agat a Sheosaimhin.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, ‘Corcra, uaine is geal, dathanna an lae –– caithimis le bród iad’, tuairisc.ie, Dé Máirt, Márta 8, 2022.

    Fiafraíonn Seosaimhín Ní Bheaglaoich ‘Ach cad atá bunoscionn le fearaibh, caithfear an cheist a chur.’ Ag tagairt atá sise do na tuairiscí a áitíonn ‘bean as gach ceathrar a bheith ionsaithe sa tír seo.’ Tá amhras caite ag David Quinn, agus ag daoine eile, ar chruinneas na staitisticí sin.
    Is é rud atá bunoscionn le fearaibh, smál Pheaca an tSinsir a bheith orthu. Sin é atá bunoscionn leis na mná chomh maith. Tá eipidéim phornagrafaíochta ar fud an Domhain, agus ní hé an fear amháin a bhíonn ag plé leis an bpornagrafaíocht. Oifigeach Custam agus Máil ba ea m’athairse, beannacht Dé lena anam. 1982 a chuaigh sé amach ar a phinsean. Cuid den dualgas a bhí air ba ea scannáin phornagrafúla a ghabháil. Na daoine a chuireadh fios ar na scannáin sin, thugaidís turas ar oifig m’athar, agus thosaídís ag liúirigh agus ag béicigh ar m’athair, agus ar na hoifigigh eile, nuair a gheobhadh lucht ceannaithe na scannán sin amach nach rabhthas chun na scannáin sin a thabhairt ar láimh dóibh. Mná ba ea a lán de lucht ceannaithe na scannán. Ní fheadar cén dlí atá anois ann i dtaobh na scannán porgnagrafúil.
    Is cuid de dheascaibh Pheaca an tSinsir is ea go mbíonn fuath againn dúinn féin. Rage nó self–hate a thugann síceolaithe as Béarla ar a leithéid. Andúiligh, bíonn siad lán suas den fhuath dóibh féin –– andúiligh alcóil, andúiligh dhrugaí támhshuanacha, andúiligh chearrbhachais, agus andúiligh chollaíochta. Tá slite 12 chéim ann chun buachan ar an andúil san alcól, agus ar an andúil sa chollaíocht chomh maith. Déantar amach gur fusa buachan ar andúil sa hearóin, ná buachan ar andúil sa chearrbhachas.
    Ní haon iontas go mbeadh fear ag ionsaí ban má bhíonn andúil sa phornagrafaíocht ag an bhfear. Tá polaiteoirí ann a áitíonn nach bhfuil locht ar bith ar an bpornagrafaíocht más go toilteanach a ghlacann na haisteoirí páirteach inti.
    Cuid mhaith de na fir a thacaíonn le saol an cheada raide, ní hamhlaidh a thacaíonn siad dáiríre leis an bhfeimineachas. Is é rud a bhíonn ag gabháil dóibh gan meas ar bith a bheith fanta ar mhná acu, ná orthu féin ach a oiread. Mura nglactar leis go bhfuil gníomhartha áirithe ann ar drochghníomhartha iad iontu féin, ní féidir buachan ar an andúil sa phornagrafaíocht, ná ní féidir maolú, fiú amháin, ar an méid éignithe a bhíonn i dtír ar bith. Eolaithe leis and Dlí Canónta, a bhíonn ag plé leis an mbriseadh pósta, tuairiscíonn siad gurb í an phorgnagrafaíocht is ciontach le 50% de na bristí pósta.

  • Séamas de Barra

    Dála an scéil, is in aon oifig le m’athairse a bhí Cathal Ó Sándair ag obair, nó ‘Charlie Saunders’, mar a thugadh m’athair air, beannacht Dé le hanamacha na beirte. Thugadh m’athair abhaile chugainn leabhair Ghaeilge Uí Shándair. Le Béarla a tógadh mise. Níor thosaigh mé ar leabhair Bhéarla a léamh go dtí go raibh mé 9 mbliana d’aois nó mar sin. Chun na fírinne a rá, is beag spéis a chuir mise i leabhair Uí Shándair agus mé i mo leanbh. Sin iad na rudaí.