‘Córas’ Luimnigh ‘caighdeán oifigiúil’ na hiománaíochta

Beidh faobhar ar an imirt i Staid an Phiarsaigh amárach agus an Ghaillimh á dtástáil féin in aghaidh churaidh na hÉireann

‘Córas’ Luimnigh ‘caighdeán oifigiúil’ na hiománaíochta

Comhghairdeachas le hOllscoil Luimnigh a thug leo Corn Mhic Giobúin don dara bliain as a chéile an Satharn seo caite. Cluiche aontaobhach a bhí ann ina raibh Luimneach rómhaith ó thús deireadh. Bhíodar thar a bheith láidir ar fud na páirce agus dar ndóigh bhí Mikey Kiely ina réalta agus 4-1 ón imirt aige. Is ceann de mórchomórtais na hiomána é agus bíonn an bonn an -luachmhar don imreoir a bhfuil sé buaite aige.

Bhí cuid mhaith den aicsean seachtain ó shin ar na páirceanna peile agus sa seomra boird agus Comhdháil Náisiúnta CLG ar siúl.

Bhí níos mó ná seasca rún le plé agus ar bharr an liosta ar an Aoine toghadh Jarlath Burns Ard Mhacha mar an 41ú Uachtarán, téarma a thosóidh i ndiaidh na comhdhála an bhliain seo chugainn. Seo Gaeilgeoir dílis nach mbíonn aon drogall air tuairimí a léiriú. Déarfainn go mbeidh sé go maith do CLG.

Tá Sraith Allianz na hiomána ag leanúint ar aghaidh agus cluichí inniu is amárach againn. Rachaidh Tiobraid Árann chuig Páirc Pharnell anocht agus iad d’uireasa scata imreoirí tábhachtacha.

De réir tuairiscí ghortaigh Paddy Caddell an diabhal ballnasc croiseach, rud a chuireann deireadh lena bhliain idirchontae iomána. Tá gortú gualainne ag cur as do Chathal Barrett a choimeádfaidh ar an taobhlíne é go mí Aibreáin ar a laghad agus tá Niall O’Meara amuigh le gortú bléine.

Ach tá faobhar agus spiorad sna Tiobraid Árannaigh ó tháinig Liam Cahill i gceannas agus stíl thapa shnasta iománaíochta acu atá dírithe go mór ar chúil a fháil. N’fheadar cad is féidir a rá faoi Áth Cliath?

Tá siad láidir ach tá rud éigin in easnamh orthu.

Gan dabht le tamall de bhlianta nuair a bhí na peileadóirí in ard a réime bhí na himreoirí a bhí ar ardchaighdeán san dá chód ag imirt leis na peileadóirí.

An bhfuil dóthain imreoirí nach n-imríonn ach an iománaíocht san ardchathair ar an gcaighdeán atá ag teastáil chun craobh na hÉireann a bhuachan faoi Mhicheál O’Donoghue? Bheinn amhrasach faoi sin. Feicfimid conas atá acu anocht sula ndéanfaimid aon bhreithiúnas eile orthu.

Is dócha gur i Staid an Phiarsaigh i mBóthar na Trá amárach a bheidh an cluiche mór agus Luimneach ag teacht ar cuairt ar Ghaillimh. Mar a scríobh mé anseo cheana is é Luimneach an tslat tomhais agus déanann gach foireann a imríonn iad a seacht ndícheall an caighdeán a bhíonn acu a bhaint amach. Bhí an Ghaillimh an-ghar dóibh i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh ach níor bhuadar.

Tá a fhios ag an saol Fódlach gur beag suim atá ag imreoirí nó lucht bainistíochta sa tsraith, ach mar sin féin téann gach imreoir amach sna cluichí sraithe chun imirt chomh maith agus is féidir leis, chun a mhianach a léiriú don bhainistíocht agus chun a thaispeáint go bhfuil sé maith a dhóthain le bheith ar an gcéad chúigear déag aimsir na craoibhe. Beidh sé amhlaidh amárach agus an dá fhoireann bainistíochta ag triail corr-imreoir ar bheagán taithí agus ag iarraidh teacht suas le córas imeartha a oireann dá bhfoirne.

Dar ndóigh, tá a fhios againn gurb é ‘córas’ Luimnigh ‘caighdeán oifigiúil’ na hiománaíochta i láthair na huaire.

Bhí Luimneach thar a bheith údarásach ina gcuid imeartha sa chluiche deireanach i gcoinne an Chláir agus seaimpíní na hÉireann d’uireasa mórán de na piardaí móra. Déarfainn go mbeidh faobhar ar an imirt sa chluiche seo in aghaidh na Gaillimhe.

Bheinn ag ceapadh freisin go mbeidh cuid mhaith suime ag imreoirí an Chláir an bua a fháil nuair a théann siad go Loch Garman mar bhíodar go hainnis i gcoinne Luimnigh agus tá sé tábhachtach dá gcuid muiníne go dtugann siad taispeántas i bhfad níos fearr amárach.

Fág freagra ar '‘Córas’ Luimnigh ‘caighdeán oifigiúil’ na hiománaíochta'