COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí ab fhearr, foireann an chomórtais, agus na heachtraí ab aistí!

Cérbh iad buaicphointí an deireadh seachtaine ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 i nGallaras? Seo rogha Tuairisc.ie

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí ab fhearr, foireann an chomórtais, agus na heachtraí ab aistí!

Imreoir Chraobh Shinsir na bhFear – Ciarán Mac Fhionnghaile (Cill Charthaigh)

Ciarán Mac Fhionnghaile. Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Thug scata d’imreoirí Chumann Caide na Gaeltachta taispeántais iontacha uathu sna babhtaí leathcheannais agus ceannais. Bhí Éanna Ó Conchúir ar fheabhas ar fad i gcoinne an Daingin agus bhí Rob Ó Sé agus Brian Ó Beaglaoich thar cionn uile sa dara leath agus in am breise i gcoinne Chill Charthaigh, ach caithfear aitheantas ar leith a thabhairt d’fhear a bhí thar barr an deireadh seachtaine ar fad, Ciarán Mac Fhionnghaile.

Fathach fir ab ea an t-imreoir lár páirce do Chill Charthaigh. D’aimsigh sé scór iontach nuair a bhí an t-am beagnach caite i gcoinne Chill na Martra chun na foirne a chur ar comhscór agus d’aimsigh sé cúilín gleoite eile in am breise. Ba é an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc sa chéad leath den chluiche ceannais i gcoinne na Gaeltachta agus ní haon chomhtharlúint é gur thosaigh teacht aniar na Gaeltachta nuair a bhí ar Mhac Fhionnghaile an pháirc a fhágáil ag tús an dara leath de bharr gortaithe.

Imreoir Chraobh Shóisir na bhFear – Lorcan Ó Conchúir (Na Dúnaibh)

Lorcán Ó Conchúir, Na Dúnaibh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Agus é díreach fillte ó dhrochghortú anuraidh, ní raibh Lorcán Ó Conchúir ach in ann 20 nóiméad a imirt i gcomórtas na bliana seo caite nuair a bhuaigh Na Dúnaibh ach bhí tionchar mór aige ar chomórtas na bliana seo ó thús go deireadh.

D’imir sé le foireann mhionúir Dhún na nGall in 2014 agus tá cruinneas, coisíocht agus gliceas ag Ó Conchúir. Thug sé taispeántas den scoth uaidh sa chluiche ceannais in aghaidh Bhéal Átha an Ghaorthaidh, cluiche inar aimsigh sé cúig phointe agus chruthaigh sé an chéad chúl a d’aimsigh na Dúnaibh nuair a scóráil Alan Pasoma.

Imreoir Chraobh Shinsir na mBan – Rachel Ní Dhuibhir (Gaeil an Deiscirt)

Rachel Ní Dhuibhir (Gaeil an Deiscirt) agus í ag iarraidh stop a chur le Katie Ní Chartúir (Maigh Cuilinn)

Bhí Shannon Ní Chéidigh agus imreoir sinsir na Gaillimhe, Áine McDonagh an-mhaith d’fhoireann Mhaigh Cuilinn i gcluiche ceannais chomórtas sinsir na mban i gcoinne Ghaeil an Deiscirt, ach faraor scaoil mná Chonamara cúig chúl isteach sa chéad 22 nóiméad.

Rachel Ní Dhuibhir ba chúis leis an mbearna mhór idir na foirne luath sa chluiche agus trí chúl aimsithe aici sa chéad 17 nóiméad. Níl Ní Dhuibhir ach sé bliana déag ach bhí sí ar fheabhas ar fad agus í ag imirt i lár páirce. Ní raibh ach 25 soicind imeartha nuair a d’aimsigh a céad chúl agus ní raibh Maigh Cuilinn in ann í a choinneáil faoi chois as sin go deireadh an chluiche.

Imreoir Chraobh Idirmheánach na mBan – Louise Ní Mhuircheartaigh (Corca Dhuibhne)

Louise Ní Mhuircheartaigh. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Ní raibh ar mhná Chorca Dhuibhne ach aon chluiche amháin a bhuachan chun an comórtas idirmheánach a thabhairt leo ach ní bheadh ort mórán a fheiceáil díobh chun a sárimreoir a phiocadh amach. Tar éis di cúig phointe a scóráil d’fhoireann Chiarraí in aghaidh Chorcaí tráthnóna Dé Sathairn, bhí Louise Ní Mhuircheartaigh ag imirt do Chorca Dhuibhne in aghaidh Naomh Abán agus bhí sí ar fheabhas. Fuair sí 2-11 den 2-12 a fuair a foireann in aghaidh mhná Bhaile Bhuirne. Taispeántas dochreidte a chinntigh gurbh iad Corca Dhuibhne a thug leo an chéad chluiche ceannais den deireadh seachtaine.

Imreoir Chraobh Shóisir na mBan – Aoife Ní Gheibheannaigh (An Daingean)

Aoife Ní Gheibheannaigh (chun tosaigh, an tríú duine ó dheis) agus foireann an Daingin

Bhí mná an Daingin i bhfad chun tosaigh ar a gcéilí comhraic sa chomórtas sóisir agus ba í an leatosaí láir, Aoife Ní Gheibheannaigh an t-imreoir ab fhearr sa chomórtas. Rinne an Daingean slad sna trí chluiche a d’imir siad agus rinne Ní Gheibheannaigh gaisce scórála i ngach aon cheann acu. Deirfiúr í le Paul Geaney agus níl aon amhras ach go bhfuil mianach aisteach peile sa chlann sin.

Foireann an Chomórtais

Scór an Chomórtais…

Bhí sé éasca an ceann seo a roghnú i mbliana. Cé eile ach Séamus Ó Muircheartaigh ar bhuaigh a chúilín álainn an Comórtas don Ghaeltacht san 82ú nóiméad den chluiche ceannais in aghaidh Chill Charthaigh.

Breithlá mór eile an deireadh seachtaine

Micheál Ó hÉigeartaigh agus seilbh na liathróide aige in aghaidh na Gaeltachta i gcluiche ceannais na sinsear. Pictiúr: Manuela dei Grandi

Rinneadh comóradh ar Chomórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo agus é leathchéad bliain ar an bhfód. Ní hiad lucht an Chomórtais amháin a bhí ag ceiliúradh, áfach.

Bhí imreoir Chill Charthaigh Michael Hegarty 40 bliain d’aois Dé Sathairn agus é fós ag imirt leis an gcumann as deisceart Dhún na nGall. D’imir Hegarty sa Chomórtas den chéad uair i 1998 agus tá sé fós ag treabhadh leis 21 bliain ina dhiaidh sin.

Ní hamháin sin ach bhí sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a chuaigh chun páirce i nGallaras an deireadh seachtaine seo. Bhuaigh Cill Charthaigh agus Hegarty ar Chill tSéadhna ar a bhreithlá agus scóráil sé dhá phointe den scoth i gcoinne Chill na Martra sa chluiche leathcheannais. Ba léir go raibh easpa fuinnimh ag cur as d’iarimreoir Dhún na nGall agus d’fhoireann Chill Charthaigh uile sa dara leath in aghaidh na Gaeltachta ach ná bíodh iontas ar aon duine má bhíonn Hegarty ag imirt arís i Leitir Móir an bhliain seo chugainn.

Fan nua na Gaeltachta

Nuair a d’aimsigh Séamus Ó Muircheartaigh an scór a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta do Chumann Caide na Gaeltachta is beag duine de mhuintir na háite i nGallaras nár léim san aer ag ceiliúradh. Thuigfeá sin agus an Ghaeltacht ag imirt ar a bpáirc féin, ach is léir go raibh daoine nárbh as Corca Dhuibhne iad in aon chor ag tacú leis an bhfoireann bhaile chomh maith.

Nuair a sheol Ó Mhuircheartaigh an liathróid thar an trasnán, bhí duine as Rinn Mhaoile na Gaillimhe, cumann nach raibh ag imirt fiú i gcomórtas náisiúnta na bliana seo,  le feiceáil ag rith ar an bpáirc, pionta ina lámh aige agus lúcháir an domhain air. B’fhéidir go bhfuil sé in am ag lucht tacaíochta Chumann Caide na Gaeltachta brainse a oscailt i Rinn Mhaoile. 

Caipíní RnaG agus cuairt Trump

Agus an bháisteach ag titim i nGallaras inné, is iomaí duine a bhí buíoch as na caipíní, dearg agus bán, dathanna Chumann Caide na Gaeltachta, a thug RTÉ Raidió na Gaeltachta amach mar bhronntanais.

Ach ní cumann na háite is túisce a rith le roinnt daoine nuair a chonaic siad na caipíní ach Donald Trump. Is dócha gurb é a chuairt ar Éirinn Dé amárach a chuir Uachtarán SAM ina gceann, ach rinne na pleidhcí seo comparáid idir caipíní an Raidió agus na caipíní gáifeacha ‘Make America Great Again’ a bhí ina gcuid lárnach d’fheachtas toghchánaíochta Trump.

Meas tú ar thug Dara Ó Sé na Gaeltachta ceann acu leis go dtí contae an Chláir tráthnóna? Garda is ea tosaí na Gaeltachta agus bhí air Gallaras a fhágáil faoi dheifir tráthnóna toisc é a bheith ar dualgas do chuairt Trump. Nó céard faoi Mhicheál Ó Leidhin, comhfhreagraí polaitíochta RnaG, a bhí i measc na n-imreoirí ab fhearr a bhí ag na Gaeil Óga le linn an chomórtais? Ar eagla na míthuisceana, b’fhéidir gurbh fhearr d’fhear Uíbh Ráthaigh a chaipín RnaG a choinneáil ina mhála agus é ag tuairisciú ar chuairt Uachtarán SAM.

Comórtas dea-eagraithe

Stad ná staonadh ní thagann ar an obair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is cinnte gur chomórtas dea-eagraithe a bhí i gComórtas Peile na Gaeltachta 2019 agus ní raibh aon stad leis an obair fiú le linn na gcluichí!

Fág freagra ar 'COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí ab fhearr, foireann an chomórtais, agus na heachtraí ab aistí!'