Comórtas Gearrscéalaíochta Books Ireland buaite ag Antain Mac Lochlainn

Tá an chéad duais tugtha leis ag Antain Mac Lochlainn dá scéal 'Deireadh' i gcomórtas gearrscéalaíochta Books Ireland. Foilseofar an gearrscéal go luath

Antain Mac Lochlainn

Tá an chéad duais i gcomórtas gearrscéalaíochta Books Ireland tugtha leis ag an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn dá scéal ‘Deireadh’.

Lonnaithe i gContae Dhoire atá an gearrscéal a insíonn faoi oíche fiaigh ag an sealgaire mic tíre Dónall Balalch agus an fear óg atá ar fostú aige, Mánas Beag.

Beidh aithne ag lucht léite Tuairisc.ie ar Mhac Lochlainn óna cholúin Friotal, a fhoilsítear ar an suíomh seo ar an gCéadaoin. Tá cáil ar na leaganacha Gaeilge de The Lion, The Witch and The Wardrode agus leabhair Asterix a rinne sé le blianta beaga anuas chomh maith. Tá gradaim buaite aige dá shaothar i gcomórtais eile freisin, Comórtais Liteartha an Oireachtais ina measc.

“Tá mé sásta leis. Is cosúil go raibh roinnt mhaith daoine istigh ar an gcomórtas agus go bhfuarthas scéalta ó dhaoine nach raibh iomrá orthu roimhe seo. Is comhartha maith é sin i gcomórtas scríbhneoireachta Gaeilge!” a dúirt sé le Tuairisc.ie

Bronnadh an dara duas ar Labhrás Ó Finneadha, as an Spidéal, dá scéal ‘Éirí (Thar Bharr Claise) Amach’ agus an tríú duais ar an gCorcaíoch, Jack Ó Drisceoil, dá scéal siúd dar teideal ‘An Cillín’. Tugadh moladh ar leith freisin do ghearrscéal a scríobh an drámadóir Aodh Ó Domhnaill dar teideal ‘Cos Amú’.

Foilseofar ‘Deireadh’ le hAntain Mac Lochlainn in eagrán den iris Books Ireland go luath.

Fág freagra ar 'Comórtas Gearrscéalaíochta Books Ireland buaite ag Antain Mac Lochlainn'