A dhaoine uaisle agus a chairde Gael, ní húdar mór áthais dom glacadh leis an teideal seo…

Téann ár gcolúnaí i ngleic le teidil ‘uaisle’ na Breataine agus é buíoch nach bhfuil a leithéid sa Ghaeilge againn

Cartún Antain

Cé a shíl go mbeadh ceist na dteideal oinigh chomh conspóideach agus go gcuirfeadh sé príomhaire de dhroim seoil? Féach Tony Abbott, ceannaire Pháirtí Liobrálach na hAstráile, a chuir roimhe córas onóracha na tíre sin a leasú agus ridireacht a bhronnadh ar Phrionsa Philip na Breataine. Ag iarraidh dul i gcion ar choimeádaigh na tíre a bhí sé, ach ba é breithiúnas fhormhór na nAstrálach gur lústar agus lútáil uiríseal a bhí ann. Bhris ar a bhfoighid le polaiteoir a bhí faoi lagmheas cheana féin. Ní raibh an Príomh-Aire nua, Malcolm Turnbull, i bhfad san oifig gur fhógair sé nach bhfuil feidhm le ridirí agus bantiarnaí i stát daonlathach sa bhliain 2015, ach oiread le caisleáin agus mótaí. 

Mo ghraidhin go deo an Príomh-Aire nua, atá ina phoblachtach díograiseach agus a thuigeann brí an tseanrainn:

Ádhamh, ós é ár n-athair,

Agus ós í ár máthair Éabha;

Nach bhfuil cách dár tháinig uathu

Chomh huasal lena chéile?

Is deacair do scríbhneoirí Gaeilge freastal ar theidil ‘uaisle’ na Breataine. Go deimhin, is gnách liomsa Sir agus Lady a fhágáil ar lár sa Ghaeilge más féidir in aon chor é. Go dtí le gairid, bhí dhá rogha agat má bhí ceangal ort a dteideal iomlán a thabhairt ar leithéidí Tony O’Reilly nó Bob Geldof. Thiocfadh leat leas a bhaint as ‘ridire’ agus a leithéid seo a scríobh: ‘an Ridire Anthony Joseph Francis O’Reilly.’

Mo léan, músclaíonn ‘ridire’ íomhá uasal i m’aigne féin nach bhfuil ag teacht go rómhaith le hiompar Independent News and Media. An rogha eile ná ‘Sior’ – iarracht ar Sir a thraslitriú nach gcuireann a dhath i gcuimhne domsa ach Béarla na dtuathánach in An Béal Bocht. Bheadh trua agat don bholscaire a chaithfeadh na haíonna a fhógairt ag searmanas foirmeálta: ‘A thiarnaí uaisle, Sior Bob Geldof’.

Chuaigh mé a chuardach sna seanfhoclóirí fosta, nó is fánach an áit a bhfaighfeá bodach. I bhfoclóir Mhic Cionnaith, moltar ‘píoróid’ a thabhairt ar ‘a peer, any titled person.’ N’fheadar… An locht ar fhocal cosúlacht a bheith aige le focail atá ar bheagán uaisleachta? Pearóid, piolóid, purgóid? 

Tá ciall, mar sin, le cinneadh an Fhoclóra Nua Béarla–Gaeilge an focal iasachta Sir a cheadú. Réiteach atá ann a spreagann ceisteanna faoi dhearcadh lucht na Gaeilge i leith focail iasachta. Tá dhá theideal oinigh de chuid na Fraince bronnta ar Bhreandán Ó Doibhlin as a mhórshaothar i ngort na litríochta agus na critice: Chevalier de l’Ordre National du Mérite agus Commandeur de la Légion d’Honneur. Fiú an glan-Ghaeilgeoir is dúthrachtaí, ní mheasaim gurbh fhiú leis na teidil sin a aistriú nó leaganacha gan dealramh ar nós ‘An tEachmharcach Ó Doibhlin’ nó ‘An Ceannasaí Ó Doibhlin’ a chumadh. Ní ghoilleann ‘An Chevalier Ó Doibhlin’ ar an chluas is gaelaí ar bith. Ní dóigh liom go mbeifí chomh réidh céanna faoi Sir, rud a thugann le fios nach gcuireann téarmaí cultúrtha iasachta isteach ná amach orainn, fad is nach ón Bhéarla a tháinig siad chugainn. 

Buíochas le Dia gur i bpoblacht atá mé i mo chónaí, áit nach bhfuil de theidil oinigh againn ach Saoithe Aosdána. 

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'A dhaoine uaisle agus a chairde Gael, ní húdar mór áthais dom glacadh leis an teideal seo…'

  • sean@hotmail.com

    ‘an Ridire Anthony Joseph Francis O’Reilly.’ Nárbh fhearr ‘Anthony Joseph Francis O’Reilly, Ridire.’ Amhail ‘Seán Ó Ríordáin, file.’ Tá an Ghaeilge níos daonnaí óir tugtar tús áite don duine (cuma cé he/hí féin). Féach leis: Brian Boramha, rí.
    Is é an rud a dheinim féin ainm an duine a thabhairt gan teideal a bhac beag ná mór. Is é an duine an duine. Seachnaím nithe ar nós
    An tUasal Snodgrass, an tÍseal Phlegm, an tAsal Kenny etc.
    D’fhéadfaí dul chun áiféise ar fad le teidil mar a dhéantar le Sabhdán Brunei a leanas:
    Kebawah Duli Yang Maha Mulia (KDYMM) Paduka Seri Baginda Sultan dan Yang di-Pertuan Negara Brunei Darussalam
    Nóta: Brunei Darusalaami? (mar a bhfuil feoil toirmiscthe)

  • John

    Ardfhear a Antain… nos gallda is ea ‘Sior’ a thabhairt ar einne dar do chlann Eabha iad, focal iasachta is oiriunai da bharr.