Comórtas amhránaíochta Gaeilge á reáchtáil ar RTÉ 2FM an samhradh seo

Tá an comórtas ‘Amhrán Tí’ á reáchtáil mar chuid de ‘Gaeltacht X’, feachtas Chonradh na Gaeilge chun ‘eispéireas Gaeltachta fíorúil’ a chur ar fáil do dhéagóirí nach mbeidh ag dul chun na Gaeltachta an samhradh seo

Comórtas amhránaíochta Gaeilge á reáchtáil ar RTÉ 2FM an samhradh seo

Tá comórtas amhránaíochta á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt leis an chlár raidió RTÉ’s 2FM Breakfast with Doireann & Eoghan.

Tá an comórtas ‘Amhrán Tí’ á reáchtáil mar chuid de ‘Gaeltacht X’, feachtas de chuid an Chonradh na Gaeilge a bhfuil mar aidhm aige “eispéireas Gaeltachta fíorúil” a chur ar fáil do dhéagóirí nach mbeidh ábalta dul chun na Gaeltachta an samhradh seo.

Iarrtar ar amhránaithe leaganacha Gaeilge d’amhráin chlúiteacha nó amhráin nuachumtha a chanadh agus a thaifeadadh agus a sheoladh isteach don chomórtas Amhrán Tí.

Is féidir amhrán a chanadh i d’aonar, a thaifeadadh ar líne nó i ngrúpa a fhad is go gcloítear leis an scaradh sóisialta, a deirtear.

Roghnóidh na láithreoirí Eoghan McDermott agus Doireann Garrihy amhrán amháin an duine gach seachtain le bheith mar amhrán Tigh Eoghain nó amhrán Tigh Dhoireann.

Seinnfear an dá amhrán ar chlár na maidine ar 2FM gach Máirt sna seachtainí amach romhainn agus is iad éisteoirí an chláir a roghnóidh na ceithre amhrán a bheas san áireamh don chraobh.

€300 atá mar dhuais do bhuaiteoirí na seachtaine agus €1,000 atá ar fáil do bhuaiteoirí na craoibhe, a fhógrófar i lár mhí Lúnasa.

Agus an comórtas á fhógairt, dúirt Eoghan McDermott, láithreoir an chláir, gur “iomaí amhrán tí” a chan sé féin le linn a chuid ama mar scoláire samhraidh sa Ghaeltacht.

“Is iontach an rud é gur féidir lenár gclár agus Gaeltacht X an deis seo a thabhairt do dhaoine óga atá ag cailliúint amach ar an eispéireas coláiste samhraidh i mbliana. Is cruthaitheacht, spiorad agus craic na tréithe a bheidh á lorg agam sna hamhrán le hionadaíocht a dhéanamh ar Thigh Eoghain,” a dúirt Eoghan McDermott.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, atá i mbun an fheachtais Gaeltacht X, go raibh “áthas an domhain” orthu an comórtas ‘Amhrán Tí’ á reáchtáil i gcomhpháirt leis an chlár 2FM Breakfast with Doireann & Eoghan mar chuid den fheachtas.

“Tá Gaeltacht X ag ofráil blaiseadh den eispéireas Gaeltachta do dhéagóirí an samhradh seo. Tá comórtais, moltaí ar conas níos mó Gaeilge a úsáid go laethúil, ciorcail chomhrá ar líne agus neart ábhar eile ar Instagram, TikTok agus Zoom do Gaeltacht X,” a dúirt Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Comórtas amhránaíochta Gaeilge á reáchtáil ar RTÉ 2FM an samhradh seo'