Tá taithí na mblianta ag Gráinne Seoige ar obair theilifíse; ó chláir nuachta go cláir chainte agus cláir shiamsaíochta. Saothar sollúnta, pearsanta ar leith a chuir sí os ár gcomhair le Meanapás: Meon Nua (TG4, Dé Céadaoin).
Dhein sí iarracht comhrá ionraic tábhachtach a chur sa tsiúl faoin meanapás nó an t-athrú saoil faoi mar a thugtar air go minic sa Ghaeilge. Dar liom go dtagann an leagan Gaeilge go deas le mianta an chláir seo; sé sin gur athrú sa saol é an meanapás – is cuid den saol é agus ní hé deireadh an tsaoil é.
Téama leanúnach síos tríd an gclár seo ná an easpa eolais i leith an mheanapáis cé go mbuaileann sé leath an daonra agus go mbíonn sciar suntasach díobh siúd ag fulaingt go mór. D’admhaigh Gráinne Seoige féin nach raibh aon chliú aici féin faoi. Tá an easpa eolais sin i measc na bhfear agus na mban. Tá Gráinne ag iarraidh sin a chur ina cheart agus bhuail sí bóthar le labhairt le mná meánaosta agus saineolaithe.
“Níl leigheas ar tabú ach neart cainte,” a dúirt sí. Is fíor sin agus d’admhaigh mórán ban sa chlár gur dreasanna cainte le lucht a gcomhaoise is mó a thugann faoiseamh dóibh ar uairibh. Labhraíodh le meitheal mhór de mhná agus saineolaithe; an Dr. Sinéad O’Beirn, Réaltán Ní Leannáin agus Deirdre O’Kane ina measc. Bhí cuid mhaith acu ag labhairt as Gaeilge. D’fhéadfaí a clár féin a thabhairt do Réaltán agus tagairt don full metal jacket aici agus í ag trácht ar an meanapás agus an perimenopause.
Bhí scéal truacánta le hinsint ag Jess Ní Mhaoláin, bean ar tháinig an meanapás uirthi an-óg de bharr obráide. Thug sí cur síos misniúil, ionraic ar an tionchar a d’fhág, agus a fhágann, seo ar a saol.
Labhraíodh faoin iliomad comhartha a bhaineann leis an athrú saoil: dúiseacht i lár na hoíche, preabadh croí, mearbhall intinne, titim chun meáchain agus comharthaí eile nach iad. Dúirt Anne O’Neill linn go seanbhlastúil gur meabhraíodh focail Pheig di; cois amháin san uaigh agus cois eile ar an mbruach.
Tréith eile de chuid an athrú saoil ná an tost is an náire a bhain leis. Insíodh dúinn gur sna caogaidí luatha a thagann an t-athrú saoil ar mhná de ghnáth agus gur ag an aois sin atá an ráta féinmharuithe is airde ag mná. Ní haon chomhtharlúint sin. Is tragóideach agus is náireach an fhíric í. Luann Máire hOibicín Uí Eidhin gur tharla sé fadó gur ainmníodh carraigeacha i gcuimhne na mban nach raibh in ann déileáil leis an athrú saoil agus a chaith iad féin i bhfarraige.
Gné de chuid an chláir ná go bhfuil Gráinne ag iarraidh go gcuirfí feachtas poiblíochta sa tsiúl a dhéanfadh bileoga oibre a scaipeadh ar theaghlaigh agus clinicí dochtúirí. Le cuidiú Lorraine Clifford-Lee d’éirigh léi cruinniú a eagrú leis an Aire Sláinte, Stephen Donnelly. Dhein sí dreas beag cainte leis. Taibhsíodh dom nach raibh sé ar a shuaimhneas. Faoi mar a déarfadh lucht an Bhéarla ní raibh aon oidhre air ach coinín sna ceannsoilse. Maíodh go mb’fhéidir go bhféadfaí feachtas a chur sa tsiúl roimh an Nollaig.
Dhein Gráinne a cúram go paiteanta. Ba léir a taithí theilifíse ilghnéitheach agus an chaint, trom is éadrom, á láimhseáil go tuisceanach, cumasach aici. Is ceart an focal deireanach a fhágaint ag Máire hOibicín Uí Eidhin agus í ag cur síos ar thréithe na mná cnagaosta.
“Tá taithí saoil aici, tá a cion déanta aici agus tá áilleacht ag baint leis an mbean chríonna.”
Fág freagra ar 'Comhrá an mheanapáis curtha sa tsiúl ag Gráinne Seoige'