Comhrá 2.0 agus Dáithí Ó Sé 2.0 – cleamhnas maith déanta ag TG4

Tá láithreoir a bhfuil a dhintiúir go maith aige agus múnla seanbhunaithe cláir tar éis filleadh ar Bhaile na hAbhann

Comhrá 2.0 agus Dáithí Ó Sé 2.0 – cleamhnas maith déanta ag TG4

Tá sé deas an t-uan a fheiscint ag filleadh ar an áit go bhfuair sé bainne. Dhá phápa ó shin is ea thosaigh Dáithí Ó Sé ag láithriú na haimsire i mBaile na hAbhann. Níorbh fhada gur aithníodh an phearsantacht chaithiseach a bhí aige agus gur leagadh cúraimí eile. Bhí a chóta bán déanta agus níorbh fhada gur éirigh le lucht thionscal an Bhéarla é a sciobadh.

Tá fear Charracháin fillte (ar feadh scaithimh ar aon nós) ar stáisiún Bhaile na hAbhann. Cé nach bhfuil an ghruaig chomh fionn, chomh fada nó chomh flúirseach is a bhíodh sna laethanta tosaigh úd maireann an meon gealgháireach, cuideachtúil, réchúiseach i gcónaí; tréithe atá ag teastáil don seó atá idir lámha aige.

Comhrá 2.0 a bhaistfinn féin air óir gur léir go bhfuil an cúram cadrála fágtha le huacht ag Máirtín Tom Sheáinín Chonamara ag Dáithí Dainín Chiarraí. N’fheadar cad a tharla don chinneadh úd fáil réidh le seónna cainte a bheadh lonnaithe i stiúideo? Seit lom, dhá chathaoir, duine os comhair duine.

B’fhéidir ná fuair Nemeton an meamram?

Pé acu scéal é is maith ann a leithéid de chlár. An mó clár eile sa sceideal nach bhfuil aon Bhéarla ann agus tús áite tugtha do ghuth phobal na Gaeilge/Gaeltachta? An rud is annamh is iontach.

D’éirigh le MTS gach aon seanfhondúir le Gaeilge as na ceithre airde a mhealladh chun na cathaoireach agus beidh ar mheitheal an chláir seo luí amach orthu féin chomh maith agus iad ag iarraidh fiche clár a líonadh, rud a fhágann gurb í an tsraith seo ceann de na táirgí is toirtiúla a fógraíodh i sceideal an Fhómhair.

Seán Óg Ó Duinnín ó Chúil Aodha a bhí fé agallamh ag Dáithí an tseachtain seo caite. Fear deisbhéalach geanúil agus dhein an Corcaíoch agus an Ciarraíoch an-dreas cainte. Thrácht sé ar na laethanta a mbíodh siopa ag a athair i gCúil Aodha, tráth dá raibh tuairim is ocht gcinn de shiopaí ar an mbaile, mar aon le paistí cainte a dhéanamh faoina ghairm srl.

Cailleadh a bhean go hobann in 2009 agus páiste an-óg acu ag an am. Dhein Dáithí an chuid seo den agallamh a láimhseáil go tuisceanach ach éiríonn leis comhrá tathagach a chur sa tsiúl ag an am céanna. Ceann de na tréithe is fearr atá aige mar láithreoir ná an cumas nádúrtha atá aige a chuid aíonna a chur ar a gcompord. 

Ar ndóigh, cabhraíonn sé nuair atá aoi chomh fealsúnach agus macánta le Seán Óg os do chomhair, é ag trácht ar an tslí go gcaitheann tú ‘rogha a dhéanamh a bheith sásta sa saol’.

Ní haon ionadh dom go mbíonn sé ag obair mar oide saoil.

Tá láithreoir a bhfuil a dhintiúirí go maith aige agus múnla seanbhunaithe cláir tar éis filleadh ar Bhaile na hAbhann; is maith ann iad.

Fág freagra ar 'Comhrá 2.0 agus Dáithí Ó Sé 2.0 – cleamhnas maith déanta ag TG4'

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig… Ní raibh a fhios agam go bhfuil Comhrá ar ais. Is fiú breathnú ar TG4 arís buíochas le Dia…

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Is maith ann araon iad!

  • Murchadh

    Ceannód teilifís anois!

  • teaimiteaim

    ‘An t-uan ag filleadh ar an áit go bhfuair sé bainne’. Is maith liom é….