Comhlacht Gaeltachta ainmnithe ar liosta an EPA i dtaca le sárú treoracha timpeallachta

Don tríú bhliain as a chéile bhí Euroflex Teoranta, atá lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, ar liosta na gcomhlachtaí a raibh imní fúthu ó thaobh na timpeallachta de

Comhlacht Gaeltachta ainmnithe ar liosta an EPA i dtaca le sárú treoracha timpeallachta

Tá comhlacht Gaeltachta ar cheann de na comhlachtaí is mó ar dhírigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) orthu anuraidh i dtaca le ceisteanna timpeallachta.

De réir na tuarascála a d’fhoilsigh an EPA inniu faoi chúrsaí forfheidhmithe anuraidh, bhí Euroflex Teoranta, atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, ar cheann den 11 comhlacht a bhí ar liosta na Suíomhanna Náisiúnta Tosaíochta in 2023.

Ba í sin an tríú bliain as a chéile ag Euroflex Teoranta ar liosta na gcomhlachtaí a raibh imní fúthu.

Astúcháin aeir an chomhlachta a bhí ag déanamh imní don EPA, mar a bhí nuair a cuireadh é ar an liosta in 2021 agus arís in 2022.

Déanann Euroflex Teoranta, atá lonnaithe i bPáirc Gnó Údarás na Gaeltachta sna Doirí Beaga, pacáistiú don earnáil bia agus dí.

Tugtar le fios in achoimre an EPA gur baineadh Euroflex Teoranta den liosta roimh dheireadh 2023 agus go raibh an ghníomhaireacht sásta go raibh an comhlacht ag cloí leis na treoracha timpeallachta.

Chuir an EPA an dlí ar Euroflex Teoranta in 2019 as sárú a dhéanamh ar choinníollacha a gCeadúnas Astúcháin Thionsclaíocha. Gearradh fíneáil ar an gcomhlacht, a phléadáil ciontach as an sárú.

Tá tacaíocht á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do Euroflex Teoranta ó 2005.

Thug an EPA faoi bhreis is 1,200 cuairt chigireachta ar 535 suíomh ar fud an stáit anuraidh agus 11 comhlacht ar fad a bhí ar liosta na Suíomhanna Náisiúnta Tosaíochta ó thaobh na timpeallachta. In earnáil an bhia agus an dí a bhí cúig cinn de na comhlachtaí sin ag feidhmiú.

Faoi dheireadh 2023, trí chomhlacht a bhí fós ar an liosta, North Cork Co-Op Creameries Ltd, Timoleague Agri Gen Ltd i gCorcaigh agus Wellman International Ltd i gcontae na Mí

Deir an EPA go bhfuil líon na ngearán tite 36% ó 2021 agus gur bhain 90% de na gearáin a rinneadh leis an ghníomhaireacht anuraidh le drochbholadh nó truailliú ó thorann.

Fág freagra ar 'Comhlacht Gaeltachta ainmnithe ar liosta an EPA i dtaca le sárú treoracha timpeallachta'