Comhdháil faoin gcraoltóireacht Gháidhlig ar siúl i nDún Éideann inniu

Tá an chomhdháil in Ollscoil Dhún Éideann ag díriú ar cheisteanna a bhaineann le maoiniú na gcraoltóirí Gáidhlig agus ar cheist na bhfotheideal dóghreanta Béarla inniu

Ollscoil Dhún Éideann. Pictiúr: Neale Smith/Ollscoil Dhún Éideann
Ollscoil Dhún Éideann. Pictiúr: Neale Smith/Ollscoil Dhún Éideann

Tá plé á dhéanamh inniu in Ollscoil Dhún Éideann ar na meáin Gháidhlig agus ar chraoltóireacht na Gháidhlig ag comhdháil aon-lae.

Tá ionadaithe ó na craoltóirí Gáidhlig agus ó lucht féachana agus lucht éisteacha na meáin Gháidhlig i láthair ag an gcomhdháil. Tá lucht feachtais i láthair ag an gcomhdháil chomh maith le ceisteanna móra faoi thodhchaí na seirbhísí Gáidhlig a phlé.

Is iad na príomhcheisteanna atáthar ag díriú inniu orthu ná maoiniú, ábhar, fotheidealú agus úsáid an Bhéarla ar chláracha Gáidhlig.

I measc na n-aíonna a bheidh ag caint beidh an Dr Eithne O’Connell ó DCU, saineolaí ar bhfotheidealú agus craoladh i mionteangacha.

Beidh lucht léinn ó Ollscoil Ghlaschú agus Ollscoil Aberystwyth i láthair freisin chomh maith le hionadaithe ón ngrúpa feachtais GáidhligTV, atá ag cur in aghaidh fhotheidil dhóghreanta Bhéarla agus “ró-úsáid an Bhéarla” ar chláracha ar BBC Alba le tuairim is bliain anuas.

“Seo am atá an-tábhachtach do chraoltóireacht na Gàidhlig agus do chraoladh na mionteangacha uile go léir, agus tá sé ríthábhachtach go gcloisfí tuairimí éagsúla faoi na ceisteanna agus na dúshláin mhóra atá os ár gcomhair, agus go bhfaigheadh daoine a bhfuil spéis acu san ábhar an deis machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna sin,” a dúirt an tOllamh Rob Dunbar, ó Ollscoil Dhún Éideann, duine de lucht eagraithe na comhdhála.

Fág freagra ar 'Comhdháil faoin gcraoltóireacht Gháidhlig ar siúl i nDún Éideann inniu'