Comharba á lorg do Dhónall Ó Cualáin mar Choimisinéir na nGardaí

Suas le €250,000 in aghaidh na bliana atá á thairiscint mar thuarastal don phost is sinsearaí sa Gharda Síochána

Comharba á lorg do Dhónall Ó Cualáin mar Choimisinéir na nGardaí

Tá post an Choimisinéara ar an nGarda Síochána fógartha inniu agus comharba á lorg do Dhónall Ó Cualáin, an fear Gaeltachta atá ag feidhmiú mar choimisinéir gníomhach ar an bhfórsa póilíneachta ó d’éirigh an t-iarchoimisinéir Nóirín O’Sullivan as a cúram.

Suas le €250,000 in aghaidh na bliana atá á thairiscint mar thuarastal don phost is sinsearaí sa Gharda Síochána.

Sa bhfógra atá foilsithe inniu deirtear go bhfuil an Garda Síochána ag “fás agus ag athrú” agus go bhfuil “athchóiriú” á dhéanamh air. Deirtear gur “deis ar leith” atá sa phost a bheith i bhfeighil ar sheirbhís a bhfuil “fás 30%” i ndán di sna blianta amach romhainn.

Deirtear chomh maith go mbeidh sé de dhualgas ar an té a cheapfar “athrú mór” a dhéanamh ar an tseirbhís i bhfianaise na moltaí ar fad sna hathbhreithnithe éagsúla atá déanta ar an bhfórsa.

Deirtear gur chabhair d’iarrthóirí taithí a bheith acu “i ról póilíneachta” ach nach bhfuil a leithéid riachtanach.

“What is essential is the appetite and capacity to lead and transform a large complex organisation which delivers one of the most important public services in Ireland,” a deirtear san fhógra.

“Ceannaire inspioráideach” agus duine “lánionraic” atá ag teastáil don phost, a deirtear.

Dúirt Dónall Ó Cualáin, arb as Carna ó dhúchas dó ach atá ag cur faoi i gCois Fharraige le fada an lá, cheana nach raibh sé i gceist aige féin cur isteach ar an bpost.

Beidh dúshláin go leor roimh an gcéad choimisinéir eile agus creathadh mór bainte as an bhfórsa ag conspóidí éagsúla, an chonspóid faoi thástálacha bréige anála agus cás Maurice McCabe san áireamh.

Dúirt Ó Cualáin gur onóir mhór dó an deis a fháil gníomhú mar cheannasaí na nGardaí agus gur ag díriú ar a ról mar Choimisinéir feidhmeach amháin a bhí sé.

Fág freagra ar 'Comharba á lorg do Dhónall Ó Cualáin mar Choimisinéir na nGardaí'