Comhalta de chuid Bhord Fhoras na Gaeilge curtha ar fionraí

De réir tuairisce ar Nuacht TG4 anocht, tá achomharc á dhéanamh ag an gcomhalta faoin gcinneadh é a chur ar fionraí

Comhalta de chuid Bhord Fhoras na Gaeilge curtha ar fionraí

Tá comhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge curtha ar fionraí ar feadh tréimhse éiginnte.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna gur tógadh an cinneadh an comhalta a chur ar fionraí ag cruinniú de chuid Bhord na heagraíochta trasteorann ar an 29 Iúil.

Tá achomharc á dhéanamh ag an gcomhalta faoin gcinneadh é a chur ar fionraí.

De réir na tuairisce ar Nuacht TG4 anocht níor ainmníodh ag an gcruinniú Boird i mí Iúil an comhalta atá curtha ar fionraí agus níor thug an coiste osradhairc a chinn an comhalta a chur ar fionraí aon mhíniú ar an gcúis go raibh sé á chur ar fionraí.

Tuairiscíodh anocht gur lorg Foras na Gaeilge cead ón gCoiste Aireachta Thuaidh Theas bliain go leith ó shin rialacha nua a thabhairt isteach chun déileáil le ceisteanna smachta i gcás comhaltaí boird.

Tá Cathaoirleach eatramhach Bhord an Fhorais, Marcus Mac Ruairí, ina bhall den choiste osradhairc a chinn go ngearrfaí tréimhse fionraíochta éiginnte ar an gcomhalta boird atá ar fionraí le breis agus mí anuas.

Tuairiscíodh anocht gur iarr an comhalta go bpléifí a chás i mBéarla, ach nár ghlac an bord leis an éileamh sin.

Ní raibh Foras na Gaeilge sásta aon ráiteas a thabhairt do Nuacht TG4 faoin scéal toisc gur bhain sé, a dúradh, le gnóthaí “inmheánacha” an Fhorais.

Fág freagra ar 'Comhalta de chuid Bhord Fhoras na Gaeilge curtha ar fionraí'