Comhairleoirí agus iarléachtóir ceaptha le moltaí a dhéanamh faoi chás thoghchán Údarás na Gaeltachta

Roinn na Gaeltachta féin a cheap an comhlacht comhairleoireachta BDO chun tabhairt faoin athbhreithniú atá geallta i gClár an Rialtais

Comhairleoirí agus iarléachtóir ceaptha le moltaí a dhéanamh faoi chás thoghchán Údarás na Gaeltachta

Tá comhlacht comhairleoireachta ceaptha chun tabhairt faoi athbhreithniú ar an tslí a roghnaítear comhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta.

Roinn na Gaeltachta féin a cheap an comhlacht comhairleoireachta BDO chun tabhairt faoin athbhreithniú nuair nár léirigh aon chomhlacht spéis sa dá chomórtas a reáchtáladh roimhe sin don chúram. 

Beidh an t-athbhreithniú á dhéanamh ag BDO, mórchomhlacht idirnáisiúnta comhairleoireachta, i gcomhar leis an Dr Bríd Quinn, iarléachtóir le Riarachán Poiblí in Ollscoil Luimnigh.

Tá Gaeilge ag an Dr Quinn.

Roinn na Gaeltachta féin a reáchtáil an próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi Bhord an Údaráis agus déanfaidh BDO agus an Dr Quinn anailís agus moltaí faoi thorthaí an phróisis sin.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go mbeidh an t-athbhreithniú ar an gcinneadh fáil réidh le toghchán Údarás na Gaeltachta curtha i gcrích sa bhfómhar.

Is go gairid ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 2023, a rachaidh tréimhse an Bhoird atá ann faoi láthair in éag.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

In agallamh le Tuairisc.ie roimh an olltoghchán deireanach, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Agus ceapachán BDO á fhógairt inniu aici, dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go raibh sí “sásta” go raibh comhlacht aimsithe ag an Roinn chun tabhairt faoin obair athbhreithnithe.

Chuir Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, fáilte chomh maith roimh an scéala.

Dúirt sé gurb í aidhm an phróisis ná a chinntiú go mbíonn fáil ag an Údarás “ar an saineolas agus na scileanna ábhartha atá riachtanach d’fheidhmiú an bhoird”. 

“Is ar mhaithe an Údaráis mar chomhlacht stáit agus an phobail a bhfreastalaíonn sé air a dhéantar a leithéid,” arsa Chambers.

In agallamh a rinne Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie anuraidh dúirt sé gurb é “a thuairim phearsanta” go bhféadfadh an tÚdarás a bheith “níos gaire fós do na pobail Ghaeltachta a n-oibríonn sé dóibh”.

Bíodh is go bhfuil an t-athbhreithniú fós le déanamh ar struchtúr Bhord an Údaráis, tá leid tugtha ag an Aire Stáit gur meascán de thoghchán agus próiseas ainmniúcháin atá uaidh féin.

Dúirt sé go mbeadh sé “réasúnta” iarracht a dhéanamh “ionadaíocht phobail a neartú ag leibhéal an Bhoird”.

Bhí an Dr Bríd Quinn ina Léachtóir le Riarachán Poiblí in Ollscoil Luimnigh go dtí 2018.  Na réimsí spéise is mó atá aici ná an rialachas áitiúil, beartais réigiúnacha agus chríche an Aontais Eorpaigh (AE), rialachas uileleibhéil agus athchóiriú riaracháin.

Tá baint aici le fada leis an bhforbairt pobail áitiúil agus í ina ball de Ghrúpa Saineolaithe Neamhspleácha Chomhairle na hEorpa. Tá obair chomhairleoireachta déanta aici in Éirinn, san Eoraip agus sa Tansáin agus bhí baint aici le tionscadail taighde éagsúla de chuid an AE. Bhí sí páirteach i dtionscadal faoi Ghairmiúlacht agus Tionchar Sóisialta Eolaíocht Pholaitiúil na hEorpa, agus rinne sí obair chomhairleoireachta do Chumann Rialtas Áitiúil na hÉireann.

Fág freagra ar 'Comhairleoirí agus iarléachtóir ceaptha le moltaí a dhéanamh faoi chás thoghchán Údarás na Gaeltachta'