Comhairle nua leis an dochar a bhaint as ga ó smugairle róin a bhíonn le feiceáil sa Ghaeltacht

Mholtaí go dtí seo ga ó smugairle an tseoil a ghlanadh leis an sáile agus leac oighir a chur ar an gcraiceann ina dhiaidh sin, ach tá fianaise anois ann gurb í sin an chomhairle is measa a d’fhéadfaí a thabhairt

Comhairle nua leis an dochar a bhaint as ga ó smugairle róin a bhíonn le feiceáil sa Ghaeltacht

Tá comhairle nua á cur ar shnámhaithe faoin nga a chuireann smugairle an tseoil, smugairle róin contúirteach a bhíonn i bhfarraigí na hÉireann ó am go chéile, i bhfianaise taighde atá déanta ag zú-eolaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Mholtaí go dtí seo an ga a ghlanadh leis an sáile agus leac oighir a chur ar an gcraiceann ina dhiaidh sin, ach maítear i staidéar nua a foilsíodh an tseachtain seo caite gurb é sin an rud is measa a d’fhéadfá a dhéanamh.

Ag obair as lámh a chéile, rinne eolaithe na Gaillimhe agus saineolaithe smugairlí róin as Haváí athbhreithniú ar na cleachtais gharchabhrach is mó a mholtar do gha smugairlí an tseoil.

Bhréagnaigh torthaí na hoibre sin an chomhairle is mó a chuirtear ar shnámhaithe i láthair na huaire agus léirítear gur cheart an ga a ghlanadh le fínéagar, na braiteoga a bhaint as an gcraiceann, agus an ball leonta a chur in uisce te (45ºC) ar feadh 45 nóiméad.

Tháinig na céadta ‘smugairle an tseoil’, nach smugairle róin dáiríre é ach ceithre bheothach éagsúla a mhaireann ar scáth a chéile, i dtír i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre ag tús an fhómhair seo caite.

Athrú aimsire a thug na smugairlí aneas go farraigí na hÉireann agus go tránna na Gaeltachta mí Mheán Fómhair seo caite. Tá smugairle an tseoil ar an mbeithíoch mara is éasca a aithint — d’fhéadfadh an bolgán gealghorm a bheith suas le 30cm ar leithead agus d’fhéadfadh sé éirí chomh hard le 15cm os cionn an uisce. D’fhéadfadh na braiteoga a shíneann amach as an mbolgán a bheith suas le 30 méadar ar fad.

Dúirt an Dochtúir Tom Doyle, zú-eolaí ó OÉ, Gaillimh, nach ndearnadh an oiread sin dochair nuair a tháinig an chluain smugairlí an tseoil i dtír anuraidh mar gheall ar an am den bhliain a bhí i gceist.

“Ní raibh aon súil againn leis an méid [smugairlí an tseoil] a tháinig i dtír ó Chorcaigh go Tír Chonaill Meán Fómhair seo caite. Is beag ga a cuireadh i nduine ar bith, de réir na dtuairiscí, agus a bhuíochas sin den tráth bliana a bhí i gceist. Mar sin féin, dá dtiocfadh siad cúpla mí roimhe sin, le linn an tsamhraidh, d’fhéadfadh sé go mbeadh na céadta duine gortaithe.

“Léiríonn an taighde atá déanta againn gurb é an leigheas garchabhrach is fearr do gha smugairle an tseoil an ga a ghlanadh le fínéagar, nó ‘Sting No More Spray, a d’fhorbair Ollscoil Haváí, agus ansin an ball leonta a chur faoi uisce te, nó mála te a chur air,” a dúirt sé.

Dúirt dochtúir eile a bhí i mbun taighde, Christie Wilcox ó Ollscoil Haváí, nach raibh aon chinnteacht ann faoin leigheas is fearr do gha smugairle an tseoil go dtí seo agus raibh go leor moltaí a tháinig salach ar a chéile á scaipeadh i gceantair éagsúla ar fud an domhain. Dúirt sí gur achun aimhleasa na ndaoine a raibh ga curtha iontu a bhí go leor de na moltaí sin agus go gcuirfeadh cuid acu an duine i mbaol a bháis.

Bréagnaíodh sa staidéar, freisin, an moladh go gcuirfí fual ar an nga leis an bpian a laghdú agus fuarthas amach gur níos measa a bhíonn an phian, go háirithe i gcás smugairle an bhosca san Astráil. Is minic a scaiptear an moladh áirithe sin mar gheall ar an gclár teilifíse Friends inar cuireadh ga i nduine de na carachtair agus í ar an trá.

Tá a n-aird á ndíriú anois ag na heolaithe ar an smugairle leonmhongach a bhíonn i bhfarraigí na hÉireann go réasúnta minic freisin. Is é an smugairle leonmhongach is cúis leis na gathanna is measa a chuirtear i snámhaithe in Éirinn agus is minic a chaitear an t-othar a thabhairt chuig can ospidéal.

Fág freagra ar 'Comhairle nua leis an dochar a bhaint as ga ó smugairle róin a bhíonn le feiceáil sa Ghaeltacht'