Comhairle bhreise curtha ar fáil do mhúinteoirí Ardteiste faoi mharcanna bónais Gaeilge

Deirtear le múinteoirí atá ag tabhairt marcanna measta dá ndaltaí gan marcanna bónais a chur lena marc ach é a chur sa gcomhaireamh sa mheasúnú

Comhairle bhreise curtha ar fáil do mhúinteoirí Ardteiste faoi mharcanna bónais Gaeilge

Tá comhairle bhreise curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do scoileanna maidir leis na marcanna bónais a bhíonn le fáil ag daltaí a thugann faoi scrúdú na hArdteiste i nGaeilge.

Scála aistritheach a bhíonn anseo a bhíonn níos tairbhí don té a bhfuil marc faoi 75% aige, mar is fiú 10% bónais dó é i gcuid mhaith ábhar ach laghdaíonn an bónas uaidh sin suas.

Deirtear le múinteoirí atá ag tabhairt marcanna measta dá ndaltaí gan marcanna bónais a chur lena marc ach é a chur sa gcomhaireamh agus an marc sin á bhronnadh ag an gcomh-mheasúnú sa scoil.

Aon mhúinteoir nach dtuigeann scála aistritheach an bhónais don dalta a dhéanann a scrúdú as Gaeilge iarrtar orthu dul go láithreán gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Deirtear sa gcáipéis léirmhíniúcháin a foilsíodh inné go raibh múinteoirí ag fiosrú faoi fheidhmiú an bhónais ar an Roinn Oideachais, ach moltar do mhúinteoirí gan a bheith ag ríomh an bhónais as féin ar chúpla cúis.

Don obair scríofa amháin a thugtar an bónas, a deirtear.

Mar sin in ábhar praiticiúil níor mhór an obair phraiticiúil agus an obair scríofa a dhealú sula ríomhfaí an bónas agus ní bheadh sin éasca.

Níl sé inmholta ach an oiread ó tharla gur marc bunaithe ar gach gné d’obair an dalta, roimh dhúnadh na scoileanna sa Mhárta, an breithiúnas atáthar a iarraidh ar mhúinteoirí i mbliana.

B’fhearr go mór go n-úsáidfeadh múinteoirí a mbreithiúnas agus a dtaithí ar thionchar an bhónais ar thorthaí daltaí sa scoil roimhe seo, a deirtear.

Má cheapann múinteoirí ábhair nó an scoil go dteastaíonn eolas níos praiticiúla uathu, maítear gur leor dóibh na ceithre threoir seo:

  • Don pháipéar scríofa amháin a thugtar bónas
  • Bheith ar an eolas cén bónas atá ag gabháil leis an ábhar faoi leith sin – bíodh sin 10%, 5% nó gan aon bhónas
  • Scála aistritheach é an bónas (ag laghdú ó 10%) d’aon dalta a fhaigheann 75% nó níos mó (mar shampla ní bheadh ag an duine a fuair 75% ach bónas 7.5% den mharc sin agus 0% a gheobhadh dalta an 100%)
  • Tá 10% de bhónas ag gabháil don pháipéar scríofa sa dá ábhar nua Polaitíocht agus an tSochaí agus Corpoideachas (páipéar scríofa) agus 5% an bónas atá ag dul don Eolaíocht Ríomhaireachta.

Tugtar treoir sa gcáipéis chomh maith faoi dhá ghné eile den mheasúnú scoile –measúnú saothar daltaí atá faoi mhíchumas agus conas a bheith san airdeall gan a bheith claonta i leith nó in aghaidh daltaí ar leith, fiú más i ngan fios duit féin atá an chlaontacht sin.

Fág freagra ar 'Comhairle bhreise curtha ar fáil do mhúinteoirí Ardteiste faoi mharcanna bónais Gaeilge'