Comhairle an Uachtaráin don Rialtas: tabhair aghaidh ar an nganntanas tithíochta

Tá curtha i gcuimhne don Rialtas ag an Uachtarán nach mbeadh aon drogall air labhairt faoi ábhair thábhachtacha

Comhairle an Uachtaráin don Rialtas: tabhair aghaidh ar an nganntanas tithíochta

Ní leasc leis an Uachtarán Ó hUigínn labhairt go díreach agus go láidir uaireanta faoi chúrsaí polaitíochta, mar a rinne sé arís Dé Mairt.

De ghnáth, géilleann sé don nós nach nglacann uachtaráin páirt i ndíospóireachtaí polaitiúla, ach chuir sé an prótacal sin i leataobh arís nuair a mhol sé don rialtas:

– Foras nua, cosúil leis an IDA nó Enterprise Ireland, a bhunú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta ar bhonn práinne.

  • Déileáil le talamh atá ceaptha mar thalamh tógála, ach nach gcuirtear ar an margadh
  • Gan tús áite a thabhairt do riachtanais an mhargaidh agus roghanna á ndéanamh chun tithíocht a sholáthar

Rinne an tUachtarán na moltaí thuas in óráid fhada thomhaiste a thug sé ag comhdháil a reáchtáil Social Justice Ireland. (Is féidir í a léamh anseo.)

Ar ndóigh, sheachain an tUachtarán caint ródhíreach. Ní ‘Ba chóir don rialtas…’ a dúirt sé. Mar sin féin, rinne sé cur síos soiléir ar an ngéarchéim, agus chuir sé teachtaireacht láidir chuig an rialtas, nuair a dúirt sé:

We might reflect, at a time of acute housing shortage, and at a time when the most efficient use of the current stock of housing and of residential land is not being made, whether an enterprise agency of similar character to those in other areas might not be warranted, released and resourced to play a role in the market, one that would show the same urgency and the same élan as IDA Ireland or Enterprise Ireland… [agus mar sin de… ní sheachnaíonn Micheál D. Ó hUigínn abairtí fada riamh].

Thagair an tUachtarán do Choimisiún na Talún mar eiseamláir d’fhoras stáit a rinne idirghabháil éifeachtach sa mhargadh. Bhí an Coimisiún gníomhach ar feadh seasca bliain, a dúirt sé, agus talamh á chur ar fáil acu d’iarthionóntaí ar fud na tíre.

Dáiríre, níl tábhacht na hóráide ag brath ar mholtaí áirithe ná ar na sonraí inti ach ar thoil an Uachtaráin óráid dá leithéid a thabhairt.

Chuir an Taoiseach tús le conspóid aisteach coicís ó shin nuair a dúirt sé nach raibh an ghéarchéim tithíochta abhus chomh dona agus atá sí i dtíortha eile. Níor fhógair sé beartas ná caiteachas nua ar bith chun dlús a chur le tógáil tithe. Léiríodh fíordhearcadh an rialtais arís nuair a dúirt an tAire Tithíochta Eoghan Murphy Dé Luain gur in olcas a rachadh cúrsaí sara rachaidís i bhfeabhas.

Tá an tUachtarán ag cur i gcuimhne don Rialtas, agus do gach polaiteoir, gur féidir margadh agus polasaí ar bith a chur in oiriúint don leas coitinn. Tá sé ag cur i gcuimhne dóibh freisin gur léir (féach ráiteas Eoghan Murphy thuas, mar shampla) go bhfuil athrú polasaí ag teastáil go géar.

Tá sé ag cur i gcuimhne dóibh chomh maith nach mbeadh aon drogall air labhairt faoi ábhair thábhachtacha dá leithéid, dá mba ghá, amach anseo.

Ní beag san.

Gaisce Adams

Tá an mhaitheas agus an dochar a rinne Gerry Adams agus a lucht leanúna ina ré á bplé go tréan ó d’fhógair sé go n-éireodh sé as uachtaránacht Shinn Féin. Ach tá gaisce déanta aige nach ndearna ceannaire Éireannach, thuaidh ná theas, le céad bliain.

Tá 34 bliain caite i gceannas ar Shinn Féin ag Gerry Adams, bliain níos mó ná a chaith Éamon De Valera i gceannas ar Fhianna Fáil, ó 1926 go dtí 1959. Tá cosúlacht shuntasach idir an bheirt: is de réir a dtola féin a chuir siad deireadh lena dtréimhsí i gceannas.

Ceannairí eile a chaith tréimhsí fada sa diallait:

– W.T. Cosgrave, Cumann na nGaedheal/Fine Gael: 22 bliain (1921-43).

– John Hume, SDLP: 22 bliain (1979-2001)

– An Tiarna Brookeborough, Aontachtóirí Uladh: 20 bliain (1943-63).

– James Craig, Aontachtóirí Uladh: 19 bliain (1921-40)

– Bertie Ahern, Fianna Fáil: 14 bliain (1994-2008)

– Jack Lynch, Fianna Fáil: 13 bliain (1966-79)

– Garret FitzGerald, Fine Gael: 10 mbliana (1977-87)

Dá fhad a ré, tá uachtarán Shinn Féin fós chun deiridh ar scata ceannairí thar lear:

Nuair a d’éirigh Fidel Castro as uachtaránacht Chúba, bhí 52 bliain caite i gceannas aige.

Fág freagra ar 'Comhairle an Uachtaráin don Rialtas: tabhair aghaidh ar an nganntanas tithíochta'