Colm Galvin agus John Conlon réidh le Cluain Lára a spreagadh i gcluiche ceannais an Chláir

Tá buaite ag Cluain Lára ar Chroisín uair amháin cheana féin sa chraobh agus is mó seans go mbeidh an lá leo arís nuair a chasfaidh na foirne ar a chéile sa chluiche ceannais amárach

Colm Galvin agus John Conlon réidh le Cluain Lára a spreagadh i gcluiche ceannais an Chláir

Colm Galvin. Pictiúr: Inpho.ie

Táimid tagtha chuig an chuid is tábhachtaí de na craobhacha i gcuid mhaith contaetha agus na coirn á mbronnadh. An Domhnach seo caite, bhailigh Cumann Ruairi Óg craobh iomána Aontroma, chríochnaigh Cill Chormaic/Cill Achaidh chun tosaigh ar gach dream eile in Uíbh Fhailí, na Sáirséalaigh a bhuaigh i gCorcaigh agus Nás na Rí a thug leo craobh Chill Dara den chúigiú huair as a chéile.

Leanann an t-aicsean ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus craobhacha sinsir iomána á n-imirt i Maigh Eo, Liatroim agus an Dún ach is dócha gurb é cluiche ceannais an Chláir is mó a mheallfaidh suim.

I lár mhí Lúnasa, chaitheas cúpla lá ag Féile Cheoil na Fiacaile sa chontae ceolmhar sin. Bhí dream mór ceoil bailithe sa bhaile beag in oirthear an chontae agus an-taitneamh á bhaint acu as gach a raibh le déanamh ann.

Ach bhí ábhar mór amháin eile á phlé i rith na seachtaine agus b’in í craobh iománaíochta an Chláir, go háirithe agus dhá chlub ón taobh sin tíre ag dul go maith ag an am. Ag an tráth sin bhí an Fhiacail agus An Scairbh amuigh chun tosaigh ina ngrúpaí féin agus an-dóchas ann go mbeidís sa chluiche ceannais agus Corn Hamilton á bhronnadh.

Ag deireadh na gcluichí sna grúpaí, bhí an dá chlub fós chun tosaigh ar an gcuid eile agus chaithfeadh go raibh an dóchas agus an misneach ag fás sa dá áit. I ndiaidh na gcluichí ceathrú ceannais bhíodar fós ina seasamh chomh maith ach ba ansin a chríochnaigh an dea-scéal mar chaill an Fhiacail agus an Scairbh sna cluichí leathcheannais. Nuair a bhaileoidh na sluaite i bPáirc Uí Chíosóig don chluiche ceannais amárach, is iad iománaithe Chluain Lára agus Chroisín a bheidh os a gcomhair amach agus an dá chumann sa tóir ar chraobh an chontae a bhuachan den tríú huair.

Is cuimhin liom a bheith ag féachaint ar Chluain Lára roinnt blianta ó shin agus foireann acu a bhí breac le réalta idirchontae – Domhnall O’Donovan, Nicky O’Connell, Colm Galvin, Darach Honan agus John Conlon – ach iad ag cailliúint dhá chluiche ceannais i ndiaidh a chéile, in 2015 agus 2016.

Bhí an tuairim ann sna blianta sin go rabhadar ‘bog‘ agus go raibh spiorad in easnamh orthu. I mbliana tá siad ag imirt le neart den spiorad sin agus cuid mhaith misnigh acu freisin.

Bhí siad sa ghrúpa céanna le Croisín níos luaithe sa chraobh agus nuair a chasadar ar a chéile bhí fir Chluain Lára i bhfad róláidir an lá sin. Chaill Croisín in aghaidh Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh sa chéad chluiche sa ghrúpa sin agus chualas le déanaí go rabhadar 120/1 chun craobh an Chláir a bhuachan ina dhiaidh sin. Is cinnte nach bhfuil an corrlach chomh trom céanna anois agus gan ach foireann amháin agus cluiche amháin idir iad agus Corn Hamilton.

Tá Cluain Lára mar rogha na coitiantachta go fóill, áfach. Bhuadar ar Éire Óg sna babhtaí ceathrú ceannais agus chloíodar mo chairde ón bhFiacail chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Bhí iarlaoch an Chláir, Colm Galvin, ar fheabhas sa chluiche leathcheannais sin agus is buntáiste ollmhór dóibh go bhfuil sé ar ais ar a sheanléim arís mar, ach eisean i mbarr a mhaitheasa, tá sé chomh maith le haon imreoir eile sa tír. Dar ndóigh, tá John Conlon freisin ag Cluain Lára i measc na dtosaithe agus an-tionchar aige ar an dul chun cinn atá déanta i mbliana.

Don Chroisín, tá iar-lánchúlaí an Chláir, Cian Dillon, ag imirt go maith dóibh i mbliana agus beirt eile a chaith geansaí an chontae iad Dónal Tuohy agus Gerry O’Grady, atá daichead bliain d’aois anois ach fós atá breá ábalta pocanna amach a bhuachan. Tá coisíocht mhaith freisin ag leithéidí Oisín O’Donnell agus Breffni Horner.

Mar sin féin, chonacas Cluain Lára ag imirt faoi dhó i mbliana agus tá faobhar iontu agus bunaithe ar na taispeántais sin agus ar an mbua a bhí acu ar Chroisín níos luaithe sa chraobh, déarfainn gur leosan a bheidh an lá amárach.

 

Fág freagra ar 'Colm Galvin agus John Conlon réidh le Cluain Lára a spreagadh i gcluiche ceannais an Chláir'