‘Coir chogaidh’ é ionsaí na Rúise ar stáisiún cumhachta núicléach

Tá cathracha móra agus calafoirt thábhachtacha na hÚcráine faoi léigear i gcónaí agus an Rúis ag iarraidh seilbh a fháil orthu

‘Coir chogaidh’ é ionsaí na Rúise ar stáisiún cumhachta núicléach

“Coir chogaidh” a bhí san ionsaí a rinne an Rúis ar stáisiún cumhachta núicléach, a dúradh i ráiteas ó Ambasáid Stáit Aontaithe Mheiriceá san Úcráin tráthnóna.

“Coir chogaidh is ea stáisiún cumhachta núicléach a ionsaí. Tá ionsaí sliogán Putin ar an stáisiún núicléach is mó san Eoraip ar an uafás is déanaí ina ré uafáis,” a dúradh sa ráiteas.

Ghabh an Rúis stáisiún Zaporizhzhia, an ceann is mó san Eoraip, i ndiaidh an ionsaithe.

Chuaigh an stáisiún trí thine de dheasca an ionsaithe ach múchadh í agus ní raibh an chuma ar an scéal gur tharla aon sceitheadh radaíochta, a dúirt Rialtas na hÚcráine. 

Dúradh gur gníomh “uafásach” agus “fíorchontúirteach” a bhí san ionsaí agus dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr  Zelensky go bhféadfadh an scéal a bheith sé huaire níos measa ná tubaiste Chernobyl.

Idir an dá linn, tá cathracha agus calafoirt thábhachtacha na hÚcráine fós faoi léigear agus an Rúis ag iarraidh seilbh a fháil orthu. 

Deir Rialtas na hÚcráine gur maraíodh aréir ar a laghad 47 duine in aerionsaithe na Rúise ar Chernihiv, cathair atá i dtuaisceart na tíre.

Deir NATO go bhfuil fianaise ann go bhfuil úsáid á baint ag an Rúis as cnuasbhuamaí agus airm mhídhleathacha eile. 

Fágann an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Rúis i ndeisceart na tíre go bhféadfadh go mbeidh sé níos déine ag fórsaí na hÚcráine cur ina coinne sa chuid eile den tír. 

D’éirigh leis an Rúis calafort Kherson a ghabháil cheana agus tá siad ag déanamh anois ar chathair thábhachtach eile sa deisceart,  Mykolaiv. 

Dá n-éireodh leis an Rúis smacht a fháil ar chósta na Mara Duibhe go léir bheadh fórsaí na hÚcráine scartha amach ón bhfarraige agus ón saol mór.

Tá dianchosaint á déanamh i gcónaí ag na Úcráin ar Kyiv agus moill á cur acu le dul chun cinn conbhua d’fheithiclí armúrtha de chuid na Rúise atá ag triall ar an bpríomhchathair. 

Tá tuilleadh trúpaí á n-aistriú ag an Rúis ón deisceart agus ón iarthar chun cur lena n-iarracht Kyiv a ghabháil. Réabadh pléascáin i lár Kyiv arís ar maidin.

Tá Kharkiv, an dara cathair is mó sa tír, fós á bombardú ag an Rúis agus ceantair chónaithe agus ghnó scriosta acu. 

Fág freagra ar '‘Coir chogaidh’ é ionsaí na Rúise ar stáisiún cumhachta núicléach'

  • Antóin

    “ ‘Coir chogaidh; a bhí san ionsaí a rinne an Rúis ar stáisiún cumhachta núicléach, a dúradh i ráiteas ó Ambasáid Stáit Aontaithe Mheiriceá san Úcráin tráthnóna.”

    B’fhéidir go bhfuil sé seo fíor ach is fíu d’iriseoirí Thuairisc.ie an scéal a fhiosrú mar
    a mhalairt de scéal a bhí ag Urlabhraí Cosanta na Rúise, L Konoshenkov. Dúirt sé gur tharla eachtra gar do stáisiún núicleach Zaporojie a bhí á chosaint ag arm na Rúise ag an am. Ba iad fórsaí san Úcráin dar leis a rinne iarracht gníomh sabaitéireachta a dhéanamh ar an stáisiún ach gur cuireadh stop leo.

    Tá an dá thaobh i mbun bolscaireachta faoi láthair agus is deacair teacht ar an lomfhírinne le linn cogaí.